Tá na Gaelcholáistí Eolach ar Aeráid!

Posted on: 23 April 2024

‘Caithfimid buíochas mór a ghlacadh le COGG as a dtacaíocht dhiongbháilte chun gaelcholáist a chuimsiú san ábhar tábhachtach seo’ a dúirt Alison Norman, Oifigeach um Oiriúnú Aeráide ag An Taisce.

Ar an 16ú Aibreáin, sheol An Taisce agus Scoil Tíreolaíochta na Tríonóide an modúl nua ‘Eolach ar Aeráid’ le daltaí ó Scoil Chaitríona agus Coláiste Chilliain i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. 

Students from Scoil Chaitríona brainstorming a creative climate communications strategy

Leis an modúl spreagúil, solúbtha agus idirghníomhach seo, tá deis ag daltaí agus ag múinteoirí foghlaim faoi na hoiriúnaithe féideartha chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus tuilte in Éirinn. Agus é ar fáil anois trí Ghaeilge, tá an-tóir ag gaelcholáistí ar ‘Eolach ar Aeráid’. 

Treoraigh bhur gcathair trí thuilte – roghnaigh cad a cheapann sibh a oibreoidh do bhur mbaile! 

Ar fáil go héasca agus saor in aisce do chách ar climatesmart.ie, is féidir teacht ar raon gníomhaíochtaí lena n-áirítear meascán d’fhíseáin, tráth na gceist agus obair phraiticiúil chun tacú leis an bhfoghlaim. An rud is fearr ar fad ná an cluiche ‘iAdapt’ ag an deireadh chun bailchríoch a chur ar  an modúl ‘Eolach ar Aeráid’. 

Dúirt an Príomh-Imscrúdaitheoir, an tOllamh Anna Davies “ní mór dúinn a chinntiú go práinneach go mbeidh ár gcathracha in ann dul i ngleic le hathruithe aeráide atá dosheachanta. Cuireann ‘Eolach ar Aeráid’ raon eolais agus scileanna ar fáil do dhaltaí Idirbhliana chun cabhrú leo dul i mbun pleanála do thodhchaí atá aeráid-díonach.” 

Students and teachers have the opportunity to learn all about the possible climate and flood adaptations for Ireland with this exciting, flexible, and engaging module. Now available through Irish, Eolach ar Aeráid has been a big hit with gaelcholáistí. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ‘Eolach ar Aeráid’ agus chun ceardlanna saor in aisce a chur in áirithe do Mheán Fómhair 2024, téigh i dteagmháil le climatesmart@eeu.antasce.org. Bí ullamh don bhliain nua le hábhar  iontach agus spreagúil don rang!