Scoil na Fisice i gColáiste na Tríonóide ag ceiliúradh 300 bliain a bunaithe

Posted on: 18 April 2024

Tá cuimhneacháin spreagúla a bhaineann le Ernest Walton, duine de na heolaithe is mó tionchar in Éirinn, le feiceáil i dtaispeántas speisialta i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Scoil na Fisice ag ceiliúradh 300 bliain a bunaithe, le sraith d’imeachtaí tarraingteacha, a bhfuil go leor acu oscailte don phobal.

Déanann an taispeántas sa tSean-Leabharlann, ina bhfuil, i measc nithe eile, an bonn Nobel a bhuaigh Walton in 1951 as a chuid oibre chun núicléas adaimh a scoilteadh, ceiliúradh ar shaol an mhic léinn agus an taighdeora is inspioráidí de chuid Choláiste na Tríonóide.

Spreag an dul chun cinn eolaíoch, ceann de na cinn is mó tionchar riamh, an aois núicléach – ach bhí Walton, mar is eol do chách, i gcoinne gach cineáil cogaidh núicléach.

Tá déantáin eile a bhaineann le turas eolaíochta Walton i gcaitheamh na mblianta le feiceáil sa taispeántas freisin, gaireas, páipéir eolaíocha agus grianghraif ina measc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tréimhse a chaith sé lena chomhoibrí John Cockroft i Saotharlann Cavendish in Cambridge, áit a ndearna an bheirt a gcuid fionnachtana iontaí.

Tá Louise Bradley, Ollamh le Fisic, i gceannas ar an bhfoireann taighdeoirí agus baill foirne i gColáiste na Tríonóide a chuir an taispeántas le chéile, chomh maith leis an gclár níos leithne d'imeachtaí Scoil na Fisice chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcuimhneachán trí chéad bliain. Dúirt sí:

“Tá an-áthas orainn a bheith ag ceiliúradh 300 bliain den fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus is maith a oireann sé go mbeadh taispeántas Walton i lár an aonaigh. Ní hamháin go raibh Walton ina eolaí iontach, ach cuimhnítear air mar fhear a chreid go mór i ndaoine eile a spreagadh agus fiosracht i dtaca leis an eolaíocht a mhúscailt in intinn na n-óg.

Tar éis dá chuid oibre cúrsaí eolaíochta a athrú d'fhill sé ar Choláiste na Tríonóide agus chaith sé a shaol ag cuidiú leis na glúnta nua d’eolaithe dul chun cinn a dhéanamh, agus é ag múineadh fisice ar feadh 40 bliain sna hallaí léachta agus sna saotharlanna céanna ina bhfoghlaimíonn mic léinn an lae inniu faoin domhan mórthimpeall orthu. Sa bhliain 1993, bhronn sé féin agus a theaghlach a bhonn Nobel agus a chartlann eolaíochta ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide, agus iad ag súil go mbeidís ina bhfoinsí inspioráide go deo. Táimid cinnte go mbeidh."

Beidh taispeántas speisialta sa Seomra Fada d’alumni Scoil na Fisice atá bailithe le chéile as Éirinn agus ó thíortha thar lear don cheiliúradh trí chéad bliain.