Na trí súile is géire

Posted on: 01 April 2024

Tugann an saothar taighde seo le tuiscint go bhfuil buntáiste ó nádúr ag daoine áirithe i gcásanna ina bhfuil barrthábhacht le haga frithghnímh, mar shampla cluichí liathróide agus cluichíocht ríomhaireachta.

Bhain dream taighde i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath úsáid as tástáil caochta solais agus tugadh chun suntais go bhfuil éagsúlacht mhór idir na rátaí ag a mbraitheann daoine leidí amhairc. Tá daoine ann ar léir dóibh leidí amhairc atá faoi athrú ardluais ar mhinicíocht atá dobhraite ag daoine eile, rud a fhágann go bhfuil níos mó eolais á bhraith ón amharc in imeacht aon tráth ar bith ag daoine seachas a chéile.  

"An t-aga taifeadta" a thugtar ar an ráta maidir le braistint an tsaoil ag an duine agus is féidir a shamhlú ar go leor bealaí leis an ráta athnuachana maidir le scáileán ríomhaire.   

Thug an lucht taighde, as Roinn na Zó-eolaíochta i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide agus as Institiúid Néareolaíochta Choláiste na Tríonóide, faoi deara éagsúlacht shuntasach idir daoine maidir leis an aga taifeadta, rud a fhágann go bhfuil daoine a bhfeictear níos mó "íomhánna in aghaidh an soicind" dóibh ná mar a fheictear do dhaoine eile.   

Ó thaobh cainníochta, bhain na taighdeoirí leas as an “tairseach criticiúil maidir le comhtháthú caochaíola”, slat tomhais i ndáil leis an minicíocht is airde ag a mbíonn foinse solais caochaíola le brath ag duine.   

Má tharlaíonn an chaochaíl níos minice faoin bhfoinse solais ná tairseach aon duine faoi leith, ní fheicfear don té sin go bhfuil caochaíl ag tarlú agus feicfear gur solas leanúnach atá ann. Bhí roinnt daoine a bhí páirteach san obair taighde seo a thug le tuiscint go raibh an solas leanúnach nuair a bhí caochadh ag tarlú tuairim is 35 uair in aghaidh an tsoicind agus bhí daoine eile a mba léir dóibh an chaochaíl go fóill nuair a bhí an ráta os cionn 60 uair in aghaidh an tsoicind.  

Clinton Haarlem, Scoláire don chéim PhD i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, príomhúdar an ailt a foilsíodh le gairid san iris chlúiteach PLOS ONE. Dúirt sé: “Rinneamar freisin an t-aga taifeadta a thomhas níos mó ná seisiún amháin leis na rannpháirtithe agus tugadh chun suntais, ainneoin go dtarlaíonn éagsúlacht mhór idir daoine, gur cosúil go leanann an tréith buan go maith le himeacht aimsire sa duine aonair.”  

Cé nach mórán athrú a thagann ó lá go lá ar an aga taifeadta amhairc go hiondúil, bheadh le tuiscint ó anailís post hoc go dtarlaíonn beagán níos mó athraithe le himeacht aimsire i gcás na mban ná mar a tharlaíonn i gcás na bhfear.  

“Ní heol dúinn go fóill conas a d'fhéadfadh tionchar a bheith ag an éagsúlacht seo maidir le haga taifeadta amhairc ar ghnáthshaol laethúil an duine ach is dóigh linn go bhféadfadh éagsúlacht idir daoine faoi leith a bheith follasach i gcásanna lena mbaineann ardluas agus ar dhuine nithe atá faoi ardluas a aimsiú nó a leanúint, cluichí liathróide mar shampla, nó i gcásanna ina dtagann athrú go tobann minic ar radhairc, mar shampla cluichí ríomhaireachta," arsa Clinton Haarlem. 

“Bheadh le tuiscint uaidh sin go mbíonn buntáiste ag daoine áirithe seachas a chéile fiú sula bpiocann siad suas raicéid ag dul ag imirt leadóige nó rialtáin ag imirt cluiche comórtais ar líne.”   

Dúirt Andrew Jackson, Ollamh le Zó-eolaíocht i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide: “Is éard a shílimse atá thar a bheith spéisiúil faoin tionscadal seo an dóigh inar féidir leis an zó-eolaí, an géineolaí agus an síceolaí dearcadh agus léargas dá gcuid féin a aimsiú i leith an tsaothair. Maidir liom féin, i mo zó-eolaí dom, is dócha gur mór a théann éagsúlacht ó thaobh braistint amhairc i bhfeidhm ar an idirbheartaíocht idir creachadóir agus an chreach, ionas go dtarlaíonn iomaíocht armála maidir le hinfheistíocht i gcumas próiseála na hintinne agus straitéisí cliste ar mhaithe le teacht i dtír ar laige sa namhaid.”  

Dúirt Kevin Mitchell, Ollamh Comhlach le Néaraibhitheolaíocht Fhorbarthach i Scoil na Géineolaíochta agus na Micribhitheolaíochta i gColáiste na Tríonóide agus in Institiúid Néaraibhitheolaíochta Choláiste na Tríonóide: “Mar gheall nach bhfuil cleachtadh againn ach ar ár dtaithí féin go suibiachtúil ar an léargas, is furasta a cheapadh gur mar a chéile go díreach is léir an saol do dhaoine eile agus dúinn féin. Is eol ó chásanna éagsúla, dathdhaille mar shampla, nach fíor sin i gcónaí ach is iomaí bealach eile a dtarlaíonn difríochtaí léargais nach bhfuil ar eolas chomh coitianta sin. Déantar iniúchadh leis an mbeart staidéir seo ar réimse éagsúlachta amháin acu sin, maidir leis an “ráta frámaí” i gcóras amhairc an duine. Is cosúil gur luaithe dáiríre a fheictear nithe do dhaoine áirithe seachas a chéile.”