Trinity’s Cumann Gaelach wins top national prize for student society

Posted on: 28 April 2017

Trinity College Dublin’s student Irish language society, An Cumann Gaelach, has capped yet another exceptional year by winning the Glór na nGael national competition for best Irish language student society for the fifth time in recent years- they previously won first prize in 2012, 2013, 2014 and again in 2016.

The President of Ireland, Michael D Higgins, presented the award to representatives of the Cumann on Saturday night last April 22nd.

Commenting, the reachtaire (auditor) of the Cumann, Áine Haberlin, said: “I am so proud of the Cumann and what we have achieved this year. This award will add greatly to the Cumann’s work next year and I am sure that it will strengthen the Irish language on campus and around the city. The Irish language is hale and hearty, from what I've seen, I am sure of it."

Trinity’s Irish Language Officer, Aonghus Dwane, said this latest award “along with the other prizes recently won by the Cumann, are testament to the exceptional passion, idealism and commitment of Trinity’s Cumann Gaelach, with whose leaders it is always a privilege to work.  We are extremely proud of their achievements, which demonstrate that Irish is alive and flourishing in Trinity, and are delighted to be able to provide support and assistance to the Cumann each year.”

Coiste na Gaeilge chairperson Professor Joe Barry commented:  “It is a testament to our students' passion for our native tongue  that this award as gone to Trinity College's students for the fourth year of the last five. Their energy, imagination and sense of what is important in our culture is an inspiration to all of us and we are privileged to work with them.”

Secretary to the College, John Coman congratulated An Cumann Gaelach on its awards, which brought great credit to the University and reflected the vibrancy of the student community here.

An Cumann Gaelach also won the Union of Students in Ireland (USI) award for best campaign this year in recognition of the success of Éigse na Tríonóide, the annual Irish language festival in Trinity, and were also awarded the Central Societies Committee (CSC) award in College for best large student society.

 

Príomhdhuais náisiúnta bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide don chúigiú huair le blianta beaga anuas

Chuir Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, barr ar bhliain shuntasach eile trí chomórtas náisiúnta Ghlór na nGael don Chumann Gaelach is fearr a bhuachan don chúigiú huair le blianta beaga anuas – bhain siad amach an chéad duais cheana freisin in 2012, 2013, 2014 agus arís in 2016.

Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, an gradam ar ionadaithe an Chumainn Dé Sathairn seo caite, 22 Aibreán.

Agus í ag trácht air seo, dúirt Reachtaire an Chumainn, Áine Haberlin: "Táim chomh bródúil as an gCumann agus as an ngaisce atá bainte amach againn i mbliana. Cabhróidh an duais go mór le hobair an Chumainn an bhliain seo chugainn agus táim cinnte go neartóidh sé saol na Gaeilge ar champas agus timpeall na cathrach. Tá an Ghaeilge slán ón méid atá feicthe agam, táim cinnte de."

Dúirt Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide, Aonghus Dwane, go raibh an gradam is déanaí seo, maille leis na duaiseanna eile a bhuaigh an Cumann le déanaí, mar aitheantas ar phaisean, idéalachas agus tiomantas eisceachtúil Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide, agus go mbíonn sé i gcónaí ina phribhléid a bheith ag obair le ceannairí an Chumainn. Táimid thar a bheith bródúil as a bhfuil bainte amach acu, éacht a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar i gColáiste na Tríonóide, agus is cúis áthais dúinn é bheith in ann tacaíocht agus cúnamh a thabhairt don Chumann gach bliain. "

Dúirt cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an tOllamh Joe Barry: "Is mór an comhartha bar phaisean ár gcuid mac léinn d’ár dteanga dhúchais an gradam seo a bheith buaite ag  mic léinn Choláiste na Tríonóide i gcúig de na sé bliana atá imithe tharainn. Tá a gcuid fuinnimh, samhlaíochta agus tuisceana ar cad atá tábhachtach inár gcultúr mar inspioráid do gach duine againn agus tá sé de phribhléid againn a bheith ag obair leo."

Thréaslaigh Rúnaí an Choláiste, John Coman, leis an gCumann Gaelach as a chuid dámhachtainí, a tharraing creidiúint mhór don Ollscoil agus a léirigh beocht phobal na mac léinn anseo.

Le déanaí  bhuaigh an Cumann Gaelach gradam na bliana de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) don fheachtas is fearr mar aitheantas ar an rath a bhí ar Éigse na Tríonóide, féile bhliantúil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Mar bhreis air sin, bhronn Lár-Choiste na gCumann (CSC) sa Choláiste gradam ar an gCumann Gaelach mar an mórchumann mac léinn is fearr i mbliana.

Eolas breise

Tá an Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn mac léinn is mó i gColáiste na Tríonóide. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1908 agus bhí neart daoine stairiúla bainteach leis trí na blianta.

Eagraíonn an Cumann neart imeachtaí sóisialta agus cultúrtha i rith na bliana, ar nós díospóireachtaí, léachtaí/cainteanna poiblí, seisiúin cheoil agus amhránaíochta, ranganna damhsa agus eile. Tugann an Cumann turas ar Oireachtas na Gaeilge gach bliain. Eagraíonn an Cumann ciorcal comhrá gach oíche Mháirt i rith an téarma i Seomra na Gaeilge, agus glacann na baill páirt in oíche na mac léinn i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair an oíche chéanna. Buaicphointe na bliana ná Éigse na Tríonóide, mórfhéile bhliantúil theanga agus chultúir, a reáchtáiltear i gcomhar le hAontas na Mac Léinn agus Oifig na Gaeilge.

Tá ballraíocht sa Chumann oscailte do gach ball de phobal an Cholaiste, agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar a shuíomh gréasáin www.cumann.ie