Trinity Celebrates St Patrick’s Day/ Ceiliúradh Choláiste na Tríonóide ar Lá Fhéile Pádraig

Posted on: 14 March 2013

Trinity College Dublin’s Front Façade will be lit up this week as part of the St Patrick’s festivities. In a joint initiative between St Patrick’s Festival and Tourism Ireland, images will be projected onto the Front Façade of Trinity  College this week on the evenings of 14, 15, 16 and 17 March.

The Trinity projection has been chosen as the launch of the opening of the whole St Patrick’s Festival and the Greening the City Initiative. The countdown will be activated by the Lord Mayor of Dublin.  

The ‘Dublin Doodle’ competition asked entrants to create their own virtual green doodle. The most creative and inspired doodles will be projected onto Trinity College Dublin’s Front Façade at 7.00pm on the 14th of March for the official launch of the St Patrick’s Festival and each evening during the bank holiday weekend. Over 2,000 entries were received from across the world.

youtube 1

The Book of Kells, 9th century precious manuscript will also be on view during the festivities in the Old Library and for those who may not get an opportunity to come in person,   magnificent digitised images of the manuscript are available to view online in Trinity’s Digital Collections an online resource, providing free internet access to the Library’s  historic collections.

The Board of Trinity College Dublin, Trinity College Library Dublin

As part of the St Patrick’s Festival, Trinity will  host  a series of events celebrating Irish culture. A  special programme of unique free Irish cultural events  are taking place in the beautiful surroundings of some of Ireland’s prestigious cultural institutions, including Trinity  as part of this programme ‘I Love My City’.

A Short Film Showcase will be hosted in Trinity (Examination Hall, Friday 15 March, 6.30pm)

This event will be curated by Eat My Shorts, Dublin’s foremost Short Film Festival, which is dedicated to creating a platform for new and established film-makers and bringing amazing new short films to a wider audience. As part of our ‘I Love My City’ programme, they have launched an open submission inviting creatives and film makers to tell their city’s story and fill in the blank in ‘I__my city’, through animation, documentary, drama or experimental film in 15 minutes or less. An industry judging panel will select the best 10 to show at this special St. Patrick’s Festival screening.

The Sacred Harp (Long Room, Friday 15 March, 7.00pm )

Donal Dineen, Irish radio presenter, photographer and film-maker presents the story of the Harp in Irish history and culture, beginning with a presentation on the Trinity College Harp in the Library itself.  This illustrated tribute to the national symbol of Ireland in celebration of our national holiday will feature live music from Liam O’ Maonlaí.  A master pianist, Liam also performs on guitar, harp, tin whistle and bodhrán. The Book of Kells  will be open for viewing before and during event. 

Trinity’s commitment to the Irish language is also in evidence this week which coincides with Seachtain  na Gaeilge. A special Irish language coffee morning was held by Trinity’s Irish Language Office   featuring music, song and chat ‘as Gaeilge’ over coffee  in the Buttery restaurant- the venue for the weekly get-together of the Irish language community both inside and outside College.  The event featured students from Trinity’s highly successful Irish language residency schemes. Up to 34 students live in designated Trinity College accommodation where the Irish language is the daily medium of communication- mini-Gaeltachtaí in the city.

Ceiliúradh Choláiste na Tríonóide ar Lá Fhéile Pádraig

Beidh Éadanas Tosaigh Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath faoi shoilse an tseachtain seo mar chuid de cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig.  Tionscnamh i gcomhar atá anseo idir St Patrick’s Festival agus Turasóireacht Éireann, agus beidh íomhánna á gcaitheamh ar Éadanas Tosaigh Choláiste na Tríonóide tráthnóna an 14, 15, 16 agus an 17 Márta.

Tá taispeáint na n-íomhánna seo ar Choláiste na Tríonóide roghnaithe mar ócáid seolta do sheoladh St Patrick’s Festival ar fad agus don tionscnamh Greening the City.  Is é Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath a chuirfidh tús leis an gcomhaireamh roimh ré.

Sa chomórtas breacadaíola ‘Dublin Doodle’, iarradh ar iomaitheoirí léaráid breacadaíola fhíorúil faoi dhath uaine a chruthú.  Déanfar na saothair breacadaíola is fearr ó thaobh samhlaíochta agus inspioráide a thaispeáint ar Éadanas Tosaigh Choláiste na Tríonóide ag an 7.00 i.n. an 14 Márta, nuair a bheidh St Patrick’s Festival á sheoladh go hoifigiúil, agus gach tráthnóna den deireadh seachtaine fada.  Tháinig níos mó ná 2,000 léaráid as gach cuid den domhan.

Beidh Leabhar Cheanannais, lámhscríbhinn ón 9ú aois, ar taispeáint le linn na féile sa Seanleabharlann agus, dóibh siúd nach móide deis acu a theacht i láthair, tá íomhánna breátha digitithe den lámhscríbhinn ar fáil anois lena mbreathnú ar an idirlíon i mBailiúcháin Digiteacha Choláiste na Tríonóide (http://digitalcollections.tcd.ie) acmhainn idirlín trína dtugtar rochtain saor in aisce ar bhailiúcháin stairiúla na Leabharlainne.

Mar chuid de St Patrick’s  Festival, beidh sraith imeachtaí á n-eagrú i gColáiste na Tríonóide mar cheiliúradh ar chultúr na hÉireann.  Tá clár speisialta d’imeachtaí saor in aisce a bhaineann le cultúr sainiúil na hÉireann á n-eagrú i dtimpeallacht álainn i gcuid d’fhorais cultúir na hÉireann, Coláiste na Tríonóide ina measc, mar chuid den chlár ‘I Love My City’.

Beidh Taispeántas Gearrscannán á eagrú i gColáiste na Tríonóide (Halla na Scrúduithe, Dé hAoine, an 15 Márta, 6.30 i.n.)

Tá an ócáid seo á heagrú faoi choimirce Eat My Shorts, an Fhéile Gearrscannánaíochta is mó le rá i mBaile Átha Cliath, atá dírithe ar ardán a chur ar fáil do lucht scannánaíochta nua agus seanbhunaithe agus gearrscannáin den scoth a chur ar siúl do lucht féachana níos forleithne.  Mar chuid den chlár ‘I Love My City’, tá cuireadh oscailte tugtha acu don lucht cruthaitheachta agus scannánaíochta scéal na cathrach a insint agus an bearna in ‘I __ my city’ a líonadh isteach le saothar beochana, faisnéise, drámaíochta nó scannán trialach. Beidh painéal moltóirí a oibríonn sa tionscail ag roghnú na deich gcinn is fearr a thaispeánfar ag an ócáid speisialta seo aimsir na Féile Pádraig.

The Sacred Harp (An Seomra Fada, Dé hAoine, an 15 Márta, 7.00 i.n.)

Cuireann an láithreoir raidió, grianghrafadóir agus fear scannánaíochta, Donal Dineen, scéal na Cruite i stair agus i gcultúr na hÉireann i láthair, ag tosú le trácht ar Chruit Choláiste na Tríonóide sa Leabharlann féin.  Beidh ceol á sheinm beo ag Liam Ó Maonlaí mar chuid den cheiliúradh léirithe seo ar chomhartha náisiúnta na hÉireann tráth na féile náisiúnta.  Tá máistreacht ag Liam ar an bpianó chomh maith le ceol a sheinm ar an ngiotár, ar an gcruit, ar an bhfeadóg stáin agus ar an mbodhrán. Beidh Leabhar Cheanannais oscailte ag daoine le feiceáil roimh agus le linn na himeachta seo.

Beidh dúthracht Choláiste na Tríonóide i leith na Gaeilge le feiceáil freisin i rith na seachtaine arb í Seachtain na Gaeilge í freisin.  D’eagraigh Oifig na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide caife na maidine trí Ghaeilge ag a raibh ceol, amhránaíocht agus caint as Gaeilge le linn caife a ól sa Bhutrach – ionad ina dtagann pobal na Gaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Choláiste, le chéile uair sa tseachtain.  Bhí mic léinn ó scéimeanna cónaitheacha Gaeilge Choláiste na Tríonóide, a n-éiríonn chomh maith sin leo, páirteach san imeacht.  Tá suas le 34 mac léinn a chónaíonn in árais ainmnithe de chuid Choláiste na Tríonóide arb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga cumarsáide iontu – Gaeltachtaí beaga sa chathair.