The Geraldines and Medieval Ireland-The Making of a Myth/Na Gearaltaigh agus ÉIRE sa Mheánaois – Miotas a Chruthú

Posted on: 14 September 2013

Scrúdófar miotaseolaíocht ríshliocht na nGearaltach ag comhdháil a dhéanfaidh comóradh ar 500 bliain ó bhásaigh Gearóid MacGearailt (Gearóid Mór), ‘Iarla Mór’ Chill Dara, i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Dé hAoine 13ú agus Dé Sathairn 14ú Meán Fómhair 2013.

The Geraldines and Medieval Ireland-The Making of a Myth/Na Gearaltaigh agus ÉIRE sa Mheánaois – Miotas a Chruthú teideal an chéad Siompóisiam ar ÉIRE sa Mheánaois, á eagrú ag Ionad Taighde Stair na Meánaoise de chuid Choláiste na Tríonóide ag Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí. Scrúdófar ann an mhiotaseolaíocht a bhaineann le teaghlach Mhic Gearailt, nó na Gearaltaigh, ó na Meánaoiseanna go dtí an lá atá inniu ann.

Ceann de na ríshleachta Angla-Normannacha is tábhachtaí a bunaíodh in Éirinn ag deireadh na 1160idí ab iad teaghlach Mhic Gearailt, as ar tháinig péire de na tithe uaisle is cáiliúla in Éirinn: Iarla Dheasumhan agus Iarla Chill Dara, chomh maith le go leor daoine mór le rá staire, mar shampla, an Tiarna Edward Fitzgerald agus an tIar-Thaoiseach Garret Fitzgerald nach maireann. Bhí sleachta Mhic Gearailt ar dhaoine de dhiaspóra cáiliúil na hÉireann freisin, ina measc John F Kennedy, Ella Fitzgerald agus F. Scott Fitzgerald. Fuarthas amach in 2005 gurb í Lisa Gherardini an duine a shuí do Leonardo da Vinci don phictiúr is mó cáil a phéinteáil sé, an “Mona Lisa”. Mhaígh muintir Gherardini go raibh siad gaolta le Gearaltaigh na hÉireann.

Ón gcéad am ar tháinig siad go hÉireann bhí miotais luaite leis na Gearaltaigh agus chuir siad leo d’aon turas d’fhonn cur le cáil agus cumhacht an teaghlaigh. Bhain scríbhneoirí úsáid as an mhiotaseolaíocht sin chun críocha conspóideacha agus polaitiúla ón ré Eilíseach go dtí blianta tosaigh Shaorstát na hÉireann.

Dúirt an tOllamh Seán Duffy, Ollamh le Stair Mheánaoiseach na hÉireann, a dhéanfaidh cur i láthair ar “Bunús na nGearaltach”: “Is iontach an lorg atá ag na Gearaltaigh ar shaol na hÉireann fiú sa lá atá inniu ann. Is Gearaltach é Davy Fitzgerald, bainisteoir iománaíochta an Chláir.  Fágann an ‘Barry’ in ainm Jimmy Barry-Murphy gur Gearaltach eisean chomh maith. Is Gearaltach é ceannaire peile Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice. Duine de shliocht na nGearaltach freisin é Niall Carew, bainisteoir pheileadóirí Phort Láirge.”

Dúirt an Dr. Peter Crooks, Ollamh Cúnta le Stair na Meánaoise: “Cuid de dhiaspóra uasaicmeach na nGearaltach sa dara haois déag a bhí ann nuair a tháinig siad go hÉirinn agus nuair a thóg siad seilbh ar thalamh le forneart. An tslí ar sháigh siad iad féin isteach i stair agus cultúr na hÉireann an scéal atá á insint againn ag an siompóisiam seo.”

Buaicphointe na comhdhála a bheidh sa phríomh-léacht phoiblí dar teideal “The ‘Great Earl’ of Kildare/Iarla Mór Chill Dara” leis an Ollamh Steven Ellis, Ceann na Staire, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, a scrúdóidh an mhiotaseolaíocht maidir le gairm ‘Iarla Mhóir’ Chill Dara, ag díriú ar an gcoimhlint idir an cháil a bhí air i ndiaidh a bháis, i mblianta luath Shaorstát na hÉireann agus an leathnú ar riail na Breataine a d’fhág sé mar oidhreacht nach n-aithnítear.

Dúirt an tOllamh Ellis: “I mblianta tosaigh Shaorstát na hÉireann, breathnaíodh ar ‘Iarla Mór’ Chill Dara mar thacadóir an Rialtais Dúchais agus mar ‘rí gan coróin’ar Éirinn, ar chuir an tslí ar láimhseáil sé daoine dúchasacha agus eachtrannaigh cuid mhór le deireadh a chur leis na difríochtaí oidhreachta idir dhaoine de mhuintir na hÉireann sa Mheánaois, agus le ‘rás cumaisc’ a chruthú. Is é mo thuairimse gurb é a d’fhág sé mar oidhreacht ná ‘Páil Shasana’ a mhéadú mar imeallchríoch idirnáisiúnta, go leor talún a aisghabháil ó ‘na hÉireannaigh fiáine’ agus riail Shasana a leathnú thar achar níos mó d’Éirinn.”

 

Sraith nua é an Siompóisiam ar ÉIRE sa Mheánaois a fhéachann le scoláireacht staire comhaimseartha a dhéanamh inrochtana don té a bhfuil suim aige i dtaighde, teagasc nó foghlaim maidir le stair na hÉireann sna Meánaoiseanna, agus a bhfuil mar aidhm leis cur le taitneamh agus tuiscint an phobail ar stair na hÉireann sa Mheánaois.

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Maidir leis na Gearaltaigh

Muintir na nGearaltach, nó Mhic Gearailt, a bhunaigh péire de na tithe uaisle is cáiliúla in Éirinn: Iarla Dheasumhan agus Iarla Chill Dara, chomh maith le go leor daoine mór le rá staire ina dhiaidh sin. Duine de shliocht Thomáis Mhic Gearailt as Contae Luimnigh, a d’fhág ÉIRE i 1854, a bhí i John Fitzgerald Kennedy, an 35ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar thaobh a mháthar. Thóg muintir Mhic Gearailt seilbh ar thalamh i Luimneach i ndiaidh ionradh na nAngla-Normannach ar Éirinn sa dara haois déag agus bronnadh an teideal ‘Iarla Dheasumhan’ ar phríomh-bhrainse an teaghlaigh i 1329. Fuarthas amach in 2005 gurb í Lisa Gherardini an duine a shuí do Leonardo da Vinci don phictiúr is mó cáil a phéinteáil sé, an “Mona Lisa”. Mhaígh muintir Gherardini go raibh siad gaolta le Gearaltaigh na hÉireann agus bhí siad i mbun comhfhreagrais leis na Gearaltaigh ar Iarlaí Dheasumhan agus Chill Dara iad sa chúigiú haois déag agus ag tús an séú haois déag (http://www.ub.uni-heidelberg.de/Englisch/news/monalisa.html).

 

Maidir leis an Siompóisiam ar ÉIRE sa Mheánaois

Tá sonraí iomlána an chláir ar fáil anseo: http://www.tcd.ie/history/geraldines/ I Léachtlann Thomas Davis, Seomra 2043, Foirgneamh na nEalaíon, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath a reáchtálfar na himeachtaí go léir. Beidh fáilte roimh an bpobal freastal ar gach imeacht saor in aisce. Cláraigh do na seisiúin lae agus don léacht tráthnóna, le do thoil, ag: http://www.tcd.ie/history/geraldines/

Ba chóir do na meáin fiosrúcháin a dhéanamh le Fiona Tyrrell, Preasoifigeach Dhámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ag tyrrellf@tcd.ie nó Teil: + 353 1 8964337.