Taispeántas Grianghraf seolta ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus Ospidéal San Séamas de Dhaoine a bhfuil Galair Riospráide ag dul dóibh

Posted on: 19 February 2015

Tá grúpa othar a bhfuil galair riospráide ag dul dóibh ag tabhairt léargas nua ar an saol mar a bhíonn sé nuair a bhíonn galar den chineál sin ort trí thaispeántas grianghraf a seoladh le déanaí i Leabharlann Bhaile Formaid ag an údar Patricia Scanlon.

Tá tuairim is 310,000 duine in Éirinn a bhfuil COPD ag dul dóibh agus go leor eile a bhfuil galair riospráide eile ag dul dóibh lena n-áirítear TB luath. Cuireadh an tionscadal Photovoice le chéile chun guth a thabhairt do dhaoine a bhfuil galar riospráide ag dul dóibh iad féin a chur in iúl, i bhfoirm íomhánna agus le háit a thabhairt d'othair a dtaithí féin ag maireachtáil leis an mbail seo a léiriú.  Tá na rannpháirtithe ag súil go spreagfaidh na híomhánna plé i measc gairmithe sláinte agus an pobal i gcoitinne faoina saol agus mar a chaitheann siad é leis an ngalar seo orthu.

Ghlac aon othar déag a bhíonn ag freastal ar chlinicí riospráide San Séamas, altraí riospráide ospidéil agus pobail, comhaltaí ó Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath chomh maith le healaíontóir as an bpobal páirt sa tionscadal grianghraf agus sa taispeántas.

Maidir le scéalta na rannpháirtithe, dúirt comhalta den Tionscadal, an Dr Geralyn Hynes, Ollamh Cúnta le Cúram Maolaitheach, Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide: “Ní bhíonn sé éasca nuair a bhíonn galar riospráide ag dul duit. Maraíonn fadhbanna anála agus casacht amach tú. Caithfidh tú d'am a thógáil nó gníomhaíochtaí a dhéanamh de réir a chéile chun fuinneamh a chaomhnú. Faigheann sé níos deacra na nithe a dhéanaimid gach lá a dhéanamh. Bíonn dúlagar agus imní fairsing ar dhaoine a mbíonn galair den chineál seo orthu. Scanródh sé tú nuair a imíonn d'anáil uait agus is éasca linn fanacht asainn féin seachas dul amach i measc na ndaoine le faitíos go dtarlódh a leithéid."

"Taispeántas atá ann faoin teacht aniar atá sna daoine, an dóchas a bhíonn acu agus faoi ghrá seachas faoi thinneas.  Gnáthdhaoine nach maireann gnáthshaol. Thug an tionscadal tuiscint níos fearr dúinn ar an saol agus an tábhacht atá le gan díriú ar an tinneas", a dúirt an Dr Hynes.

Iontaobhas Ospidéal Chathair Ríoga Bhaile Átha Cliath a rinne maoiniú ar an tionscadal.

Beidh an taispeántas ar siúl i Leabharlann Bhaile Formaid go dtí an 28ú Feabhra. Cead isteach saor in aisce. 

Media Contact:

Yolanda Kennedy, Former Press Officer for the Faculty of Health Sciences | publicaffairs@tcd.ie | +353 1 896 4168