Taighde Nua faoin tSlí a nDéanann an Inchinn Cinntí

Posted on: 03 December 2012

Tá bealach nua faighte ag taighdeoirí néareolaíochta i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath chun taighde a dhéanamh ar an tslí a gcuireann an inchinn ar ár gcumas cinntí faoinár dtimpeallacht a dhéanamh.

Trí bhreathnú ar an mbealach a ndéanann an inchinn cinneadh sula dtuairiscítear an cinneadh sin, d’fhéadfadh na torthaí cur le diagnóis a dhéanamh agus le tuiscint níos fearr a fháil  ar go leor neamhord inchinne a bhaineann le lag-chinnteoireacht aireachtála. Foilsíodh an fhionnachtain le déanaí in Nature Neuroscience.

Nuair a bhímid ag idirghníomhú lenár dtimpeallacht, ní mór dúinn a bheith cinnte faoina bhfuil á fheiceáil, á mhothú nó á chloisteáil againn le cinneadh a dhéanamh faoin ngníomhú a dhéanfaimid.  Cad a deir an comhartha bóthair romham? An é sin traein a chloisim ag teacht i mo threo? An bhfuil sé ró-dhorcha dom rothaíocht abhaile gan solas? Ar chaoi éigin, cuireann an inchinn ar ár gcumas cinntí dochta a dhéanamh faoin iliomad faisnéise,  cuid de nach féidir brath air, a bhíonn ar fáil go leanúnach tríd na gcéadfaí . Tá teoiric amháin ann faoina tslí a dtarlaíonn sin a deir go ligeann an inchinn d’fhaisnéis ó na céadfaí carnadh in imeacht ama agus nach ndéanann sí cinneadh go dtí go mbailítear cainníocht iontaofa faisnéise. Cé gur ann don teoiric sin ar feadh na mblianta, is iad an tOllamh Cúnta in Institiúid Néareolaíochta Choláiste na Tríonóide, Redmond O’Connell, agus a chomhghleacaithe na chéad daoine a d’aithin conas a tharlaíonn sin in inchinn an duine.

Leag na taighdeoirí tástáil nua amach ina raibh ar na rannpháirtithe athrú de réir a chéile a aimsiú i dtaispeántas físe nó i dtonn fuaime. Tharla an t-athrú de réir a chéile thar roinnt soicindí. Níorbh fhéidir é a bhraith ar dtús ach ar deireadh bhí sé an-soiléir. Lig sé sin do na taighdeoirí an pointe díreach in inchinn na rannpháirtithe ar tharla athrú a aithint. Ag an am céanna, thaifead na taighdeoirí gníomhaíocht inchinne trí úsáid a bhaint as leictreoidí a chuirtear ar an gcloigeann. Tríd an modh sin a úsáid d’éirigh leis na taighdeoirí comhartha faoi leith ón inchinn a aithint, comhartha a mhéadaigh go comhuaineach leis an athrú físe nó fuaime agus a lean ar aghaidh ag méadú ina dhiaidh sin. Rud an-tábhachtach a fuair na húdair amach ná nár thuairisc na rannpháirtithe gur bhraith siad an t-athrú go dtí gur shroich an comhartha leibhéal áirithe. Mar sMar thoradh air sin, bhí siad in ann tráth agus cruinneas chinntí na rannpháirtithe a thuar go beacht  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an gcomhartha inchinne sin. Mar sin, bhíothas in ann féachaint ar chinneadh á dhéanamh de réir a chéile i ngníomhaíocht inchinne an rannpháirtí sular tuairiscíodh an cinneadh sin.

“Is ionann na torthaí sin agus dul chun cinn tábhachtach don néareolaíocht trí bhealach nua a fháil chun taighde a dhéanamh ar an tslí a gcuireann an inchinn ar ár gcumas cinntí faoinár dtimpeallacht a dhéanamh. Chomh maith leis sin, trí néarchomharthaí ar leithligh a bhfuil dlúthbhaint acu le hiompar a aithint, tá deis ag an obair seo cur le diagnóisiú a dhéanamh agus tuiscint níos fearr a fháil ar go leor neamhord inchinne a bhaineann le lag-chinnteoireacht aireachtála,” a dúirt an Dr O’Connell.