Tabharfaidh Eiléan Ní Chuilleanáin léacht bhliantúil Ollúnacht Éigse Éireann

Posted on: 15 March 2018

Cé hiad léitheoirí na filíochta? Is í sin an cheist chorraitheach a chíorfaidh Eiléan Ní Chuilleanáin, Ollamh Éigse Éireann, i léacht bhliantúil Ollúnacht Éigse Éireann i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, an 14 Márta 2018 ag 7.30 i.n.

Tá an léacht phoiblí dar teideal ‘Tá mo phobal féin agam agus tá siad ag fanacht: Cé a léann filíocht?’ ina cuid de chlár rannpháirtíochta poiblí Eiléan Uí Chuilleanáin le linn don fhile a bheith ina hOllamh ar Éigse Éireann. Tá teideal na léachta bunaithe ar línte an dáin ‘The Same Again’ le Patrick Kavanagh — “I have my friends, my public, and they are waiting/ For me to come again as their one and only bard”.

Cuireadh Ollúnacht Éigse Éireann ar bun idir an Chomhairle Ealaíon, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chun ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht mór a dhéanann filí na hÉireann i saol na litríochta. Is í Eiléan Ní Chuilleanáin an seachtú Ollamh Éigse Éireann, agus tá sí sa chathaoir ó tháinig sí i gcomharbacht ar Paula Meehan sa bhliain 2016.

Dúirt Nicholas Grene, Ollamh Emeritus, Coláiste na Tríonóide agus Iontaobhaí de chuid Ollúnacht Éigse Éireann roimh an léacht: “Tá liricí diamhracha an chlaonléargais sin a chumann Eiléan Ní Chuilleanáin mealltach mar gheall ar an smacht foirmeálta i dtaobh na ceapadóireachta agus mar gheall ar mhacalla na n-íomhánna iontu. Ós eagarthóir ar Cyphers í leis na blianta, an iris litríochta a chomhbhunaigh sí sa bhliain 1975, is beag duine a bhfuil an t-eolas céanna aige nó aici ar shaol na litríochta in Éirinn ná mar atá ag Eiléan. Is maith mar sin a oireann sí do phost gradamúil Ollamh Éigse Éireann. In ainm na hOllúnachta sin, fearaimid fáilte ar ais go Coláiste na Tríonóide roimpi, áit ar ndóigh nach bhfuil tréigthe ar chor ar bith aici ina Comhalta Emeritus di agus ina hOllamh Comhlach le Béarla.”

Eolas breise faoi Eiléan Ní Chuilleanáin:

Is fada Eiléan Ni Chuilleanáin á háireamh ar dhuine d’fhilí móra na hÉireann lena linn féin agus bhí glacadh go forleathan leis an tráth ar ceapadh í chuig Ollúnacht Éigse Éireann sa bhliain 2016 gurbh rí-oiriúnach an teist é ar a raibh curtha i gcrích aici. Is tábhachtach an abhcóidíocht atá déanta aici ina hurlabhraí ar son na filíochta, ina heagarthóir di ar an iris sheanbhunaithe Cyphers a raibh baint aici lena bunú, agus ina cuid bearta caidrimh, mar shampla ceardlanna filíochta i scoileanna agus i bpríosúin arna rith aici féin agus ag a fear céile, Macdara Woods.

I gCorcaigh a rugadh Eiléan Ní Chuilleanáin a bhfuil cnuasaigh éagsúla filíochta foilsithe aici, ina measc Acts and Monuments (1966), ar ar bronnadh Gradam Patrick Kavanagh; The Magdalene Sermon (1989); The Girl Who Married a Reindeer (2001); Selected Poems (2009); agus The Sun-fish (2010), ar ar bronnadh Duais Idirnáisiúnta Filíochta Griffin. Bhí an cnuasach is deireanaí uaithi, The Boys of Bluehill (2015), ar an ngearrliosta do Dhuais Forward don Chnuasach is Fearr. Tá dhá leabhar After the Raising of Lazarus (2005) agus The Legend of the Walled-Up Wife (2012), le file na Rómáine, Ileana Malancioiu, aistrithe aici chomh maith le The Water Horse le Nuala Ní Dhomhnaill (2001, comhaistriúchán le Medbh McGuckian). Tá dea-cháil na scoláireachta agus an teagaisc uirthi chomh maith agus í ina Comhalta Emeritus de chuid Choláiste na Tríonóide mar a raibh sí ag múineadh ón mbliain 1966 go dtí gur éirigh sí as a post ina hOllamh le Béarla sa bhliain 2011. Tá sí ina ball de Aosdána, cuallacht scríbhneoirí agus ealaíontóirí na hÉireann.

Breis eolais faoin Ollúnacht Éigse Éireann:

Cuireadh Iontaobhas Ollúnacht Éigse Éireann ar bun sa bhliain 1998 tar éis Duais Nobel na Litríochta a bhronnadh ar Shéamus Heaney agus oibríonn Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar agus i bpáirt i leith na hollúnachta.

Roghnaítear file gradamúil iomráiteach gach tríú bliain chun seasamh don Ollúnacht mar Ollamh Éigse Éireann. Agus é/í sa ról, caitheann an tOllamh bliain ceangailte le gach ceann de na trí ollscoil agus déanann cónaí ar feadh tréimhse tuairim is ocht seachtaine i ngach ceann. Mar chuid den tréimhse chónaitheach, bíonn ceardlanna nó léitheoireacht neamhfhoirmeálta ar bun ag an bhfile, caitear am ag obair leis na mic léinn agus i mbun beartaíocht allamuigh chomh maith le cur i láthair foirmeálta a dhéanamh uair sa bhliain, i bhfoirm léachta go hiondúil.

Is í Eiléan Ní Chuilleanáin an seachtú Ollamh Éigse Éireann. Tháinig sí i gcomharbacht ar Paula Meehan sa bhliain 2016. Ba é John Montague an chéad Ollamh Éigse Éireann idir 1998 agus 2001 agus tháinig Nuala Ní Dhomhnaill i gcomharbacht airsean. Paul Durcan a bhí ar an tríú Ollamh Éigse Éireann ón mbliain 2004 go dtí 2007. Ba é Michael Longley an ceathrú Ollamh Éigse Éireann idir 2007 agus 2010. Ba é Harry Clifton an cúigiú Ollamh Éigse Éireann idir 2010 agus 2013 agus ba í Paula Meehan an séú Ollamh Éigse Éireann idir 2013 agus 2016. http://irelandchairofpoetry.org/