Tabhairt ar Lámh Chaisleán Bhaile Átha Cliath: 100 bliain chun cinn déanann Comhdháil Choláiste na Tríonóide breithniú ar thábhacht staire ‘Lá Bastille na hÉireann’

Posted on: 14 January 2022

Ghlac an Rialtas Sealadach seilbh go foirmiúil ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 16 Eanáir 1922. Bhí na mílte daoine taobh amuigh de gheataí an Chaisleáin ag ligean gártha astu agus rinne páipéir nuachta ar fud na cruinne comparáid idir é agus an uair a thit an Bastille. Céad bliain chun cinn, ag baint leas as an taighde is déanaí, athbhunóidh staraithe tábhacht staire an aistrithe ag comhdháil dhá lá arna hóstáil ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag Caisleán Bhaile Átha Cliath le tacaíocht ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Méan.

Mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, déanfar comhthéacs an aistrithe a scrúdú le linn na comhdhála a bheidh ar siúl inniu agus amárach [Dé hAoine an 14 agus Dé Sathairn an 15 Eanáir, 2022] mar aon le mar a chuaigh sé i gcion ar dhaoine ar fud an domhain chomh maith leis na hiarmhairtí a bhí i gceist do Stát na hÉireann a bhí ag teacht chun cinn. Labhróidh an Taoiseach Micheál Martin T.D. agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis an gcomhdháil Dé Sathairn.

Michael Collins, Kevin O’Higgins and W.T. Cosgrave leaving Dublin Castle, 16 January 1922, Cashman Collection, National Library of Ireland

Is éard a dúirt Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Linda Doyle: “De réir mar a dhéanaimid machnamh ar chéad bliain de neamhspleáchas in Éirinn, tá ríméad ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a bheith ag cur le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán leis an gcomhdháil thábhachtach seo chun céad bliain a chomóradh ó tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath ar Lámh ar an 16 Eanáir 1922.”

“Bhain an cogadh cathartha a thosaigh go gairid i ndiaidh imeachtaí an lae sin na cosa ó na himeachtaí agus b’fhéidir fiú gur chuir sé faoi smál iad, ach, ag baint leas as an taighde is déanaí athbhunóidh saineolaithe as Éirinn agus saineolaithe idirnáisiúnta tábhacht staire an 16 Eanáir agus cuirfidh tuiscint úrnua ar fáil ar an eachtra ríthábhachtach seo ónár múnlaíodh  Éire an lae inniu.”

British troops standing beside a sign reading ‘Goodbye Dublin’ prior to evacuation, 1922, Independent Newspapers Collection, National Library of Ireland.

Is éard a dúirt eagraí na comhdhála, Anne Dolan, Ollamh Comhlach na Staire, Coláiste na Tríonóide: “Ar an 16 Eanáir 1922 tháinig an Rialtas Sealadach nua trí gheataí Chaisleán Bhaile Átha Cliath i dtrí tacsaí agus laistigh d’uair a chloig bhí fearas rialtas na hÉireann tugtha ar lámh. Dhéanfaí gach roinn, bord, coiste, an státseirbhís, na breithiúna, formhór na nithe a rialaigh saol gach uile dhuine de mhuintir na hÉireann, a shocrú faoi rialtas Éireannach as sin amach. Sheas na mílte daoine taobh amuigh de gheataí an Chaisleáin an lá úd chun ugach a thabhairt don Rialtas Sealadach agus é ar an mbealach isteach agus amach. Rinneadh comparáid idir é agus an uair a thit an Bastille i bpáipéir nuachta ar fud na cruinne, ón Skibbereen Eagle go dtí The New York Times.”

“Tá dearmad déanta, den chuid is mó, ar an tréimhse thábhachtach seo i stair na hÉireann, áfach. Ligeadh tabhairt ar lámh Chaisleán Bhaile Átha Cliath i ndearmad le himeacht an chéid, ní hionann agus Éirí Amach na Cásca, a fréamhaíodh go tapa i miotas bunaidh an stáit nua. Tá an tábhacht a bhain leis an athrú a tháinig ar log an údaráis in Éirinn ar an 16 Eanáir 1922 ligthe i ndearmad den chuid is mó de bharr gur tharla sé laistigh de chúpla lá ó bhí na cainteanna achrannacha ar siúl sa Dáil ar an gConradh agus ó tharla gur bhris cogadh cathartha amach go gairid ina dhiaidh sin.”

Lord FitzAlan arriving at Dublin Castle, 16 January 1922, Hogan-Wilson Collection, National Library of Ireland

Thar thréimhse dhá lá, bainfidh saineolaithe as Éirinn agus thar lear leas as an taighde is déanaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tábhacht staire a bhain le Caisleán Bhaile Átha Cliath a thabhairt ar lámh agus tuiscint úrnua a chur ar fáil ar an eachtra ríthábhachtach seo ónár múnlaíodh Éire an lae inniu. Díreoidh an tOllamh Eunan O’Halpin (TCD) ar laethanta deireanacha rialtas Chaisleán Bhaile Átha Cliath a rialaigh Éire ar feadh beagnach ocht gcéad bliain. Breithneoidh an Dr Martin Maguire (UCD) aistriú an chórais feidhmithe rialtais ó thaobh na státseirbhíse de. Breithneoidh William Derham (OPW) agus an Dr Anne Dolan (TCD) an siombalachas a bhaineann le Caisleán Bhaile Átha Cliath agus mar a bhí tuairimí i leith an aistrithe i gcuimhne na ndaoine. Scrúdóidh an Dr Ian D’Alton (TCD) agus an Dr Margaret O’Callaghan(QUB) an fhreagairt a thug Dílseoirí ó dheas agus rialtas Thuaisceart Éireann i leith an aistrithe. Tá tuilleadh sonraí ar fáil thíos.

Beidh an chomhdháil ar siúl tráthnóna inniu agus amárach [Dé hAoine an 14 agus Dé Sathairn an 15 Eanáir, 2022] in The Printworks i gCaiseán Bhaile Átha Cliath agus déanfar é a bheoshruthú dóibhsean a bheidh ag freastal ar líne. Chun tuilleadh eolais agus an clár iomlán a fháil téigh chuig: https://histories-humanities.tcd.ie/research/handover/