Stair cheilte Fhoirgneamh an Mhúsaeim i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath nochta

Posted on: 17 December 2018

Is fada dearmad déanta sa stair ar na cairéalaithe, na saoir chloiche agus na ceardaithe a ghearr, a shnoigh agus a thóg foirgnimh áille Victeoiriacha na hÉireann, iad anois faoi scáth ag na hailtirí agus ag na pátrúin a dhear agus a choimisiúnaigh iad. Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ag seoladh tionscadal taighde ceannródaíoch inniu, áfach, a thabharfaidh an stair cheilte a bhaineann le ceann de na foirgnimh Victeoiriacha is mó aithne i mBaile Átha Cliath chun solais arís.

Le dhá bhliain anuas, tá lucht an tionscadail ‘Making Victorian Dublin‘, a mhaoinigh an Chomhairle um Thaighde in Éirinn, tar éis mionscrúdú agus anailís a dhéanamh ar Fhoirgneamh an Mhúsaeim i gColáiste na Tríonóide – foirgneamh a mheastar a bheith ar cheann de na samplaí is breátha agus is tábhachtaí maidir leis an ailtireacht Victeoiriach. Sna 1850idí a tógadh an foirgneamh agus is ann atá Ranna Innealtóireachta, Geolaíochta agus Tíreolaíochta an choláiste le beagnach 160 bliain. Foirgneamh ceannródaíoch a bhí ann maidir leis an úsáid tírghrách a baineadh as marmar agus cloch mhaisiúil na hÉireann agus is mar gheall air sin a scaip an tóir a bhí ag daoine anseo in Éirinn ar mharmar Chonamara agus ar aolchloch dhearg Chorcaí, chomh maith le daoine sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe agus fiú amháin chomh fada ó bhaile le Cape Town na hAfraice Theas.

Chun seoladh an tionscadail inniu a cheiliúradh, tabharfaidh láithreán gréasáin nua (www.makingvictoriandublin.com) deis don phobal breathnú agus iniúchadh a dhéanamh ar scanadh digiteach 3-D den fhoirgneamh álainn seo. Beidh na húsáideoirí ábalta lán a súl a bhaint as an bpríomh-halla breá, ina bhfuil cruinneachán dúbailte, as an snoíodóireacht atá maisithe go galánta ar an taobh istigh agus as na 32 cholún mhórthaibhseacha atá déanta as cloch dhaite na hÉireann.

Cuirfear eolas nua a d’aimsigh lucht taighde as Roinn na Geolaíochta agus as Roinn Stair na hEalaíne agus na hAiltireachta maidir le hailtireacht, ábhair agus dealbha an fhoirgnimh os comhair an phobail ar an láithreán gréasáin chomh maith. De bharr thaighde na foirne, lena n-áirítear suirbhéanna ar fhoirgnimh, taighde cartlainne fhorleathan agus cuairteanna ar chairéil, tá léargais nua le fáil ar an ról ceannródaíoch a bhí ag Foirgneamh an Mhúsaeim i ndáil le cloch mhaisiúil na hÉireann a úsáid chomh maith le tuiscint nua a thabhairt ar an tionscal ina ndearnadh na clocha seo a fhoinsiú, a sholáthar agus a shnoigh.

Section of 3-D scan of the main atrium, which showcases the finest of Irish marble and decorative stoneDúirt Christine Casey, Ollamh le Stair na hAiltireachta: “Is rímhinic a chuimhnímid orthu sin a d’íoc as agus a dhear na foirgnimh seo. Cuirtear béim i gcónaí i stair na hailtireachta ar na patrúin agus na hailtirí ach is beag trácht a bhíonn ar na daoine a thug an dearadh agus an uaillmhian sin chun fíre. Glúnta de cheardaithe a rinne foirgnimh stairiúla na hÉireann as amhábhar a bhain agus a ghearr cairéalaithe agus snoíodóirí cloch. Féachtar leis an tionscadal seo an stair sin atá a bheag nó a mhór ceilte a thabhairt chun solais trí bhéim a leagan ar an stair a bhaineann le hábhair tógála agus leis an gceardaíocht.”

Dúirt Patrick Wyse Jackson, Ollamh Comhlach na Geolaíochta: “Tógadh Foirgneamh Músaeim Choláiste na Tríonóide ag tús ré órga thionscal cloiche maisiúla na hÉireann, agus bhí mar aidhm leis an poitéinseal neamhghnách a bhain le cloch mhaisiúil na hÉireann a chur os comhair an phobail. Tá clocha as gach cearn den tír sa bhfoirgneamh seo agus is ceacht ann féin ar gheolaíocht na hÉireann é sin – tá clocha a tháinig ó fud fad na tíre le feiceáil ag an gcuairteoir ach cúpla céim a thogáil. Bhí an léiriú a dhéantar ar phlandaí agus ainmhithe dúchasacha na hÉireann i snoíodóireacht an fhoirgnimh agus an úsáid mhór a baineadh as cloch na hÉireann ag teacht le feachtas a bhí ar bun tar éis an ghorta chun acmhainní nádúrtha na hÉireann a chur chun cinn agus a úsáid trí Thaispeántais Mhóra éagsúla chomh maith leis na suirbhéireachtaí nua ordanáis agus geolaíochta a seoladh ag an am.”

Buaicphointí an Láithreáin Ghréasáin:

  • Breathnaigh agus déan iniúchadh ar Phríomhfhoirgneamh an Mhúsaeim le scanadh idirghníomhach 3-D agus bain lán na súl as obair na gcairéalaithe, na saor cloiche agus na dtógálaithe.
  • Cuir eolas ar an 22 chineál éagsúla cloch a úsáideadh chun an foirgneamh a thógáil – is as Éirinn 13 acu agus fuarthas i gcairéil ar fud na tíre iad.
  • Cuir eolas ar an líonra iontach de chairéil, de phobail cheirde agus bealaí iompair a bhfuil ceangal acu le tógáil Fhoirgneamh an Mhúsaeim.
  • Féach ar ghearrscannán ina ndéantar cur síos ar an turas a rinne bloic ollmhóra de mharmar Chonamara as cairéil in Iarthar na tíre, suas an tSionainn chuig monarcha marmair i gCill Dalua, áit a ndearnadh colúin díobh, agus ar aghaidh as sin ar bháirse go Baile Átha Cliath.
  • Cuir eolas agus aithne ar réimse foinsí nua a bhaineann le cuid de shonraí suntasacha ailtireachta an fhoirgnimh, foinsí atáthar ábalta a rianú go foirgnimh san Iodáil, sa Spáinn agus sa Mheánoirthear.
  • Bain sásamh as an iliomad plandaí agus ainmhithe atá dúchasach d’Éirinn atá aitheanta ag an bhfoireann sa tsnoíodóireacht álainn laistigh agus lasmuigh den fhoirgneamh.
  • Cuir eolas ar mar a tógadh an foirgneamh agus mar a úsáideadh cloch mhaisithe sna colúin ualachiompartha den chéad uair i bhfoirgneamh in Éirinn agus sa Bhreatain.
  • Cuir eolas ar mhuintir O’Shea, beirt deartháireacha ar leith, a thug faoi shnoíodóireacht chloiche iontach an fhoirgnimh agus mar a tugadh saoirseacht dóibh an tsnoíodóireacht a dhearadh iad féin – cur chuige réabhlóideach ag an am.

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551