Seoltar ‘FLARECAST’ d’fhonn réamhaisnéis faoin aimsir sa spás

Posted on: 15 January 2015

Tá dream réaltfhisice as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an mbuíon eolaithe ceannródaíochta a bhronn an Coimisiún Eorpach €2.5 milliún orthu chun staidéar a dhéanamh ar an mbunchúis le grianstoirmeacha agus seirbhís réamhaisnéise sárchruinn a chur ar bun trína ndéanfar réamhthuar ar stoirmeacha gréine don Eoraip.  Táthar tar éis an tseirbhís sin, ar a dtugtar FLARECAST, a sheoladh le gairid.

Tá foirne eile freisin, atá lonnaithe in Acadamh na hAithne sa Ghréig, in Universita degli Studi di Genova agus sa Consiglio Nazionale delle Recerche san Iodáil, sa Centre National de la Recherche Scientifique agus in Université Paris-Sud sa Fhrainc, sa Fachhochschule Nordwestschweiz san Eilvéis agus sa Met Office sa Ríocht Aontaithe, ceangailte leis an gcónaidhm maidir le Dóchúlacht Bladhmanna agus Réamhaisnéis faoi Réigiúin Brúchtaíola (FLARECAST, bunaithe ar Flare Likelihood and Region Eruption Forecasting an Bhéarla).

Tarlaíonn stoirmeacha gréine le brúchtadh mór gáis te ón ngrian.  Nuair a thagann siad chomh fada leis an Domhan, féadann damáiste do chórais leictreonaice ar shaitilítí tarlú dá mbarr, chomh maith le cur isteach ar chórais cumarsáide raidió agus ar chórais loingseoireachta nó ar sheasmhacht na gcóras dáiliúcháin maidir le cumhacht leictreachais.

Deir an t-eolaí tionscadail de chuid FLARECAST, an Dr Shaun Bloomfield, atá ina Chomhalta Sinsearach Taighde le Fisic i gColáiste na Tríonóide: “Tríd an tionscadal seo, tugtar le chéile lucht saineolais san Eoraip maidir le fisic bhunúsach na gréine, intleacht shaorga agus craobhchórais néaracha, agus modhanna oibre de scoth an domhain maidir le saothrú sonraí d'fhonn cuntas tréithríochta a thabhairt ar bhunfhoinsí na stoirmeacha gréine – grianspotaí – agus forfheabhsú a thabhairt i gcrích maidir le réamhthuar bladhmanna ó thaobh acmhainn cruinnis seachas mar a bhí ar chumas an duine go dtí seo.”

Luaigh an Dr Peter Gallagher, Comhollamh le Fisic i gColáiste na Tríonóide agus eolaí eile de chuid FLARECAST: “Beidh modhanna próiseála íomhánna de chéadscoth an domhain in úsáid leis an tionscadal seo chomh maith ionas go gcuirtear seirbhís réamhaisnéis bladhmanna, beagnach ar thob na huaire, ar fáil, an chéaduair seirbhís dá leithéid a bheith ar fáil in aon áit ar domhan.”

Beidh deis ag lucht úsáide sheirbhís FLARECAST roghnú idir modhanna éagsúla réamhthuartha bladhmanna agus modhanna áirithe faoi leith nó modhanna comhthiomsaithe áirithe a chur ag feidhmiú in éineacht le halgartaim intleachta saorga chun feabhas maidir le scóranna réamhthuartha bhladhmanna gréine a thabhairt i gcrích.

Is dlúthchuid den tionscadal obair thaighde fhorbhreathnaitheach trína bhfairsingeofar le réimse an eolais reatha agus fiú amháin modhanna nua réamhthuartha a bhfuil gealladh maith fúthu a thabhairt chun tosaigh.   Beidh FLARECAST dá réir sin ina bhonn faoin gcéad chóras réamhthuartha, bunaithe ar chúrsaí fisice agus neamhspleách, maidir le réigiúin gníomhaíochta agus bladhmanna, a bheidh ar fáil ag lucht taighde maidir leis an aimsir sa spás san Eoraip agus go hidirnáisiúnta.

Deir comhordaitheoir an tionscadail, an Dr Manolis Georgoulis, atá lonnaithe in Acadamh na hAithne: “Is ábhar ríméid dúinn an chéad tionscadal maidir le réamhaisnéis aimsire sa spás a bhfuil airgead á chur ar fáil dó faoi Horizon 2020 a sheoladh. Beidh fisiceoirí gréine den chuid is fearr san Eoraip agus lucht réamhaisnéis na haimsire sa spás ag obair le chéile faoin tionscadal chun córas a thabhairt chun cinn trína ndéantar tuar go huathoibríoch – agus go barrchruinn –ar an tráth a dtarlóidh stoirmeacha gréine agus an mhéid is dócha a bheith iontu.”

 

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685