Preasráiteas do na Meáin ó Choláiste na Tríonóide

Posted on: 22 January 2020

Thug Coláiste na Tríonóide aitheantas inniu do na naisc acadúla agus cultúir shaibhre atá idir Éire agus an Ghréig trí chéim oinigh a bhronnadh ar Uachtarán na Gréige, H.E. Prokopis Pavlopoulos. Is é Leas-Seansailéir na hOllscoile, an Tiarna Breitheamh Ró-Onórach Donnell Deeny a bhronn onóir is airde na hollscoile air.

Bhí a bhean, Vlassia Pavlopoulou Uasal, in éineacht leis an Uasal Pavlopoulos agus bhí Uachtarán na hÉireann Michael D.Higgins agus a bhean Sabina i láthair ag an searmanas.

Bronnadh Dochtúireacht sa Dlí ar an Uasal Pavlopoulos. Tá sé ina Uachtarán ar an nGréig ó 2015 agus is ar Chuairt Stáit ar Éirinn atá sé chun caidreamh déthaobhach idir Éire agus an Ghréig, ár gcomhpháirtíocht laistigh den AE agus na naisc acadúla agus cultúir shaibhre idir an dá thír a cheiliúradh.

Agus é ag cur fáilte roimh an Uasal Pavlopoulos dúirt Propast & Uachtarán Choláiste na Tríonóide, an Dr Patrick Prendergast:

Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Uachtarán na Gréige chuig Coláiste na Tríonóide agus aitheantas a thabhairt do na naisc acadúla agus cultúir shaibhre atá idir Éire agus an Ghréig. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na naisc sin do Choláiste na Tríonóide ach go háirithe, tríd an obair a dhéanann Roinn na gClasaicí, agus Cathaoir Ríoga na Gréigise, chomh maith le naisc speisialta idir saineolaithe agus mic léinn seandálaíochta sa dá thír.

Tá tréimhse fhada caite ag Uachtarán na Gréige ina Cheann Stáit san Eoraip agus tá go leor dá chuid ama tugtha aige don cheist maidir leis an méid atá i ndán don Eoraip agus d’fhéach sé le bealaí a bhunú chun tuiscint chomhroinnte níos fearr a fháil ar idéal na hEorpa chomh maith le dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an Eoraip sa lá atá inniu ann.

Bhí ról lárnach aige freisin i ngrúpa Arraiolos, 13 Cheann Stáit na hEorpa a bhreathnaíonn ar phríomhcheisteanna laistigh den Aontas Eorpach.

Thug an tUasal Pavlopoulos cuireadh don Uachtarán Michael D.Higgins a bheith páirteach sa ghrúpa agus Aitheasc Aristotle a thabhairt in 2019. Ba é Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, an Ginearál Kofi Annan, a thug Aitheasc Aristotle roimhe seo agus is é buaicphointe Fhóram Daonlathais na hAithne an t-aitheasc, arna óstáil ag an Uachtarán Pavlopoulos, eagraithe i gcomhar leis an New York Times, na Náisiúin Aontaithe agus Cathair na hAithne.

Dúirt an tÓráidí Poiblí, an tOllamh Anna Chahoud, gur cuireadh i gcuimhne dúinn, ó tharla an tUasal Pavlopoulos a bheith i láthair ag an searmanas, gur sa tSean-Ghréig a bunaíodh an Eoraip agus gur sna cainteanna atá idir na náisiúin a bhfuil an oidhreacht sin ag baint leo atá a todhchaí.

Dúirt sí:

Tá Uachtarán Pavlopoulos dílis don daonlathas, comhionannais, agus saoirse a chosaint—nach ar na trí philéar sin a bunaíodh cruth an Rialtais a cruthaíodh i Sean-Aithin? 

Tá a shaol tugtha aige do New Democracy, ón gcéad lá ar bunaíodh é go dtí an lá a toghadh i bParlaimint Hellenic é, go dtí an ról a bhí aige ina urlabhraí parlaiminte don New Democracy agus ina Aire Gnóthaí Baile, nó gur thogh Parlaimint Hellenic é ina Uachtarán in 2015. Mar fhocal scoir, agus níos suntasaí fós, cuireann go bhfuil sé i láthair inniu i gcuimhne dúinn go bhfuil naisc fhadbhunaithe staire agus cultúir idir an Ghréig agus Éire ar cheart dúinn a chaomhnú.

Chuir an tUasal Pavlopoulos in iúl go raibh imní air go raibh ionsaí á dhéanamh ar an dlí idirnáisiúnta nuair a thug sé a óráid, dar teideal Let Us Defend International Law, ag an searmanas.

Dúirt sé:

Tá sé d’oibleagáid orainn an dlí idirnáisiúnta a chosaint, ós rud é go mbítear ag brath air chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ríthábhachtacha atá roimh an gcine daonna ar an iomlán, lena n-áirítear athrú aeráide, sceimhlitheoireacht agus géarchéim na dteifeach. Tá tábhacht chomh mór tugtha do bhainistiú ghéarchéim na dteifeach go bhfuil tionchar aige ar shaol an duine agus ar a chearta bunúsacha.”

 “… ainneoin a chuid lochtanna, is é an dlí idirnáisiúnta an cainéal is caoithiúla – nó fiú an t-aon chainéal institiúideach agus polaitiúil atá againn inar féidir linn comhaireachtáil shíochánta, go pointe áirithe, a lorg agus a bhaint amach idir stáit agus daoine éagsúla agus réiteach a fháil ar aighnis trí phróisis institiúidithe.

Media Contact:

Aoife Carr, | carra4@tcd.ie |