Ollúnacht nua fógartha ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath − Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann

Posted on: 17 December 2012

Inniu d’fhógair Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an Dr Patrick Prendergast, Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann, atá ainmnithe in ómós duine de mhór-fhilí na hÉireann a bhuaigh duais Nobel.
“Ócáid mhór don scríbhneoireacht in Éirinn agus thar lear is ea an ócáid seo. Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag cur le scoth-thraidisiún  litríochta an Choláiste leis an ollúnacht nua seo,” a deir an Propast ag an ócáid fógartha.
Bhí ríméad ar an bhfile, a bhfuil ceangal aige le fada le Coláiste na Tríonóide agus atá ina Chomhalta Oinigh ó 1998, faoin ollúnacht nua agus a bheidh gan amhras anois ar cheann de na ceapacháin is mó cáil i saol acadúil na hÉireann.

An file Seamus Heaney agus  an Propast, Dr Patrick Prendergast agus Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann á fhógairt

“Is mór an onóir é gur cheap Coláiste na Tríonóide m’ainmse a chur leis an Ollúnacht nua i Scríbhneoireacht na hÉireann.   Is mó ná sin arís é ó tharla an meas mór atá agam ar an obair a dhéantar i  Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide agus an cairdeas atá agam thar na blianta le scríbhneoirí agus scoláirí a chuir go mór le léann scríbhneoireacht na hÉireann agus lena cleachtadh.  Táim fíorbhuíoch do na bronntóirí ar léir suim ar leith a bheith acu i bhfilíocht” a deir Seamus Heaney.
Roinnt de mhór-dheontóirí  Choláiste na Tríonóide a cheap an post nua lena n-áirítear an Dr Mark Pigott, KBE, agus an Dr Martin Naughton, Cathaoirleach Glen Dimplex.  “Táimid buíoch don tacaíocht a thugann siad agus an fhís straitéiseach a bhí acu a thug orthu an ceapachán seo a fhorbairt,” a deir an Dr Prendergast . “Tá Coláiste na Tríonóide faoi chomaoin ag a lucht maoinithe ar fad a bhíonn fíor ghnaíúil agus atá ag tacú le cáil Choláiste na Tríonóide ar cheann d’institiúidí  oideachais ceannródaíocha ar fud an domhain a chur chun cinn.” 
Chuir Ceann Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, an tOllamh Cúnta Eve Patten, fáilte roimh an Ollúnacht nua agus deir: “Bhí ról ceannródaíoch riamh ag an Scoil le léann liteartha na hÉireann a fhorbairt agus daingneoidh Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann a cáil sa réimse sin.   Beidh buntáiste mór leis an bpost i dtaobh mhúineadh agus taighde ag leibhéal fochéime agus iarchéime agus is mór an spreagadh é do Dhámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta tríd is tríd.”
 
Is i Scoil an Bhéarla, atá ar cheann de na scoileanna Béarla is sine ar an domhan, a bunaíodh an chéad Ollúnacht i Litríocht an Bhéarla in 1867. D’fhreastail go leor de mhórscríbhneoirí na hÉireann leis na céadta bliain ar Choláiste na Tríonóide – ina measc  Jonathan Swift, Oliver Goldsmith, Edmund Burke, Bram Stoker, J.M. Synge, Samuel Beckett,  Oscar Wilde,  William Trevor, Sebastian Barry, Deirdre Madden agus Anne Enright.