Oifigeach Gaeilge Nua Ceaptha ag Coláiste na Tríonóide

Posted on: 31 October 2008

Tá Aonghus Dwane ceaptha mar Oifigeach Gaeilge nua ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath   Tá an tOifigeach Gaeilge freagrach as riachtanaisí an Achta Teanga 2003 a chomhlíonadh ó thaobh an Choláiste de, agus as scéim faoin Acht a h-ullmhú. Beidh an cúram air an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, agus na scéimeanna cónaithe Gaelacha atá ag an gColáiste a riaradh chomh maith. Faoin dá scéim chónaithe -ceann acu lonnaithe ar an gcampas féin, agus ceann eile i nDartraí –  bíonn mic léinn ina gcónaí i ngrúpa árasán agus an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil cumarsáide acu. Dúirt Aonghus go bhfuil sé ag tnúth go mór le bheith ag obair le Coiste na Gaeilge sa Choláiste chun próifíl na Gaeilge a h-ardú, agus le tógáil ar an dea-obair atá déanta ag Micheal W Ó Murchú, a bhí mar Oifigeach Gaeilge roimhe. “Tá stair mór ag an Ghaeilge sa Choláiste,  ó aimsir an Easpaig Bedell  a rinne an chéad aistriúchán go Gaeilge ar an mBíobla sa 17ú aois ar aghaidh. Tá mion-Ghaeltacht cathrach sna scéimeanna cónaithe atá againn. Tá an Cumann Gaelach is mó sa tír ag na mic léinn anseo. Beidh mé ag súil le bheith ag comhoibriú le Coiste na Gaeilge agus  pobal an Choláiste   le go neartófaí an teanga i saol laethúil an Choláiste, i measc na foirne agus na mac léinn araon.”

Is as Corcaigh ó dhúchas d’Aonghus, agus bhí sé ag obair roimhe seo le Colmcille (Éireann is Albain), a chothaíonn nascanna idir cainteoirí Gaeilge sa da thír, agus le hÁras Éanna ar Inis Oírr, an t-ionad ealaíne.

Trinity College Appoints New Irish Language Officer

Aonghus Dwane has been appointed as full-time Irish Language Officer with Trinity College Dublin. He will be responsible for overseeing compliance in Trinity College with the provisions of the Official Languages Act 2003, and for preparing the College’s Scheme under the Act. He will be working to promote the language in the College, and will also administer the student Irish language residency schemes for students. Under the schemes – one located on campus and one in Dartry –  students live in groups of apartments, and use Irish as the daily language of communication.  Commenting on his  role promoting Irish in the  College, Aonghus said: “Trinity College has had a strong association with the Irish language throughout its history, since the era of Bishop Bedell  who in the 17th century made the first translation into Irish of the Bible.  The Irish language student residency schemes constitute a mini urban Gaeltacht. The student Irish society An Cumann Gaelach, is the largest in the country. I am looking forward to working with Coiste na Gaeilge and other groups in College to strengthen the place of Irish in the daily life of the College community, among both staff and students”.

From Cork originally, Aonghus was working previously with Colmcille, the Irish/Scottish Gaelic cultural agency, and with Áras Éanna, Inis Oírr’s arts centre.

For  more information on Oifig na Gaeilge click on www.tcd.ie/gaeloifig.