Minister Éamon Ó Cuív Launches Trinity College Dublin’s Irish Language Scheme Seolann An tAire Éamon Ó Cuív Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Posted on: 11 February 2010

The  Minister for Rural, Community and Gaeltacht affairs, Éamon Ó Cuív TD,  officially launched  Trinity College Dublin’s first Irish Language Scheme under the Official Languages Act  on  February 10th last.

This scheme sets out a range of areas in which Trinity College is committed to improving bilingual services to staff, students and the wider public. They include staff training and recruitment,  bilingual customer services, College  websites and bilingual publications, media and  information technology as well as the promotion of Irish as a living language on campus and in society in general. Trinity’s Irish Language Student Residency Scheme where groups of Irish speaking students live in student accommodation will be further developed. Engagement with Irish language organisations, alumni and wider society in the Irish language will also be  strengthened.

Dr John Hegarty, Minister Éamon Ó Cuív TD, Aonghus Dwane and Michael Gleeson.

Trinity Provost, Dr John Hegarty, welcomed the three-year scheme stating that: “Trinity is committed to the promotion of the Irish language throughout the College.  As a university we have a long tradition of association with the language. Ireland’s first president and  Irish scholar, Douglas Hyde as well as  the renowned academic and writer,   Máirtín Ó Cadhain,  were  linked to the College. In all aspects of College life,  the language has been enshrined and the College’s Irish Language Scheme will build on these  existing strong foundations.”

“The Irish Language Scheme 2010-2012 will support and complement the existing work of Trinity’s Irish language office, in the academic sphere,  Irish and the Celtic languages, as well as student activities such as its  Irish language society, an Cumann Gaelach among others.”

The Irish language officer, Aonghus Dwane, added: “Trinity College’s first Irish Language Scheme is the fruit of wide consultation in the College community and the cooperation and advice of Coiste na Gaeilge and the Official Languages Act Working Group. It demonstrates Trinity’s commitment to our national language having a central role in Irish life.”

Seolann An tAire Éamon Ó Cuív  Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Sheol  an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, an chéad Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla inniu (10 Feabhra).

Sa scéim seo, leagtar amach na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne. Cuimsíonn gealltanais na scéime traenáil agus earcaíocht foirne, seirbhísí custaiméara dátheangacha, suímh ghréasáin an Choláiste agus foilseacháin dhátheangacha, na meáin agus teicneolaíocht faisnéise, mar aon leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar an gcampas agus sa tsochaí. Déanfar scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn, ina mbíonn grúpa cainteoirí Gaeilge ina gcónaí le chéile i lóistín do mhic léinn, a fhorbairt a thuilleadh. Déanfar an caidreamh atá ann le heagraíochtaí Gaeilge, le alumni an Choláiste agus leis an phobal i gcoitinne, a neartú a thuilleadh.

D’fháiltigh Propast Choláiste na Tríonóide, an Dr John Hegarty, roimh an Scéim trí bliana, ag rá: “Tá Coláiste na Tríonóide tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge ar fud an Choláiste. Mar ollscoil, tá nasc traidisiúnta fada againn leis an teanga. Bhí dlúthbhaint ag céad uachtarán na hÉireann, Dúghlás de hÍde, leis an Choláiste, mar a bhí ag an scríbhneoir agus acadóir iomráiteach Máirtín Ó Cadhain. Tá an Ghaeilge fite fuaite i ngach gné de shaol an Choláiste,  agus beidh Scéim Teanga an Choláiste ag tógáil ar an mbunsraith láidir seo.”

“Tacóidh agus comhlánóidh an Scéim Teanga obair reatha an Oifigigh Gaeilge, agus obair Dhisciplín na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha sa réimse acadúil, mar aon le gníomhaíochtaí mac léinn lena n-áirítear obair an Chumainn Ghaelaigh.”

Ag cuir leis seo, dúirt Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane: “Tá céad Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin forleathan le pobal an Choláiste, mar aon le comhoibriú agus comhairle Choiste na Gaeilge agus Ghrúpa Oibre Acht na dTeangacha Oifigiúla. Léiríonn sí tiomantas Choláiste na Tríonóide do ról lárnach ár dteanga náisiúnta i saol na hÉireann.”