Léargas annamh don phobal ar an saol sa mheánaois

Posted on: 26 September 2017

Lámhscríbhinní atá ag dul thar maoil le beithígh allta, aistriúchán ainrialta den Bhíobla agus leabhar luachmhar ar cuireadh eolas ar Naomh Pádraig dá bharr le cur ar fáil don domhan mór den chéad uair an chéad mhí eile mar chuid de thionscadal digitithe chomh maith le sraith léachtaí i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.

Le breis is 600,000 cuairteoir sa bhliain, Leabhar Cheanannais is mó a shamhlaítear le Coláiste na Tríonóide.   Ach níl sa lámhscríbhinn sin ón naoú haois ach cuid den scéal.   Tá sé chéad lámhscríbhinn ón gcúigiú agus ón séú céad le fáil i Leabharlann Choláiste na Tríonóide.   Tugann an bailiúchán cuimsitheach seo léargas annamh ar smaointeoireacht mhistéireach feadh na meánaoise.

An mhí seo chugainn cuirfidh saineolaithe as Éirinn agus go hidirnáisiúnta i láthair don phobal ocht dtéacs ón mheánaois i bhfoirm sraith léachtaí poiblí, ceann sa mhí ag tosú Dé Máirt an 3 Deireadh Fómhair i Mol an tSeomra Fhada.   Chomh maith leis sin tá digitiú déanta ar an ocht lámhscríbhinn agus foilseofar ar líne iad go gairid roimh gach léacht le deis a thabhairt don phobal iad a scrúdú ar a gcompord. http://www.tcd.ie/library/manuscripts/blog/beyondkells/

I measc na lámhscríbhinní atá sa tionscadal “Beyond the Book of Kells” tá leabhar cóir 15 méadar ar airde ón 15ú haois.   Leabhar é ónar fhéad lucht an chóir, roimh ré na priontála, casadh ón mbileog céanna iomann.  Tá an lámhscríbhinn staire ann freisin a rinneadh do theaghlach Angla-Éireannach sa mheánaois.   Tá nótaí ar an gciumhais faoi fheallanna a rinne siadsan a bhí faoina smacht agus an t-aistriúchán go Béarla ag deireadh na meánaoise ar an mBíobla, a bhí conspóideach agus in aghaidh an dlí ag an am agus a tharla beagnach 600 bliain roimh dhiúltú na Vatacáine don Laidin sna 1960í.

I measc na lámhscríbhinní eile tá Leabhar Ard Mhacha – téacs ón mheánaois ina ndéantar cur síos ar a bhfuil a fhios againn faoi Naomh Pádraig – chomh maith le Leabhar Laighean ar ann atá an bailiúchán is mó de mhiotaseolaíocht agus de stair na hÉireann roimh an 12ú haois.  Tá cóip ann den dán mór fada Béarla ón Mheánaois Piers Ploughman chomh maith le nóta beathaisnéise ag a dheireadh ar dá uireasa nach mbeadh aithne ar bith ar an údar William Langland.

Dúirt an Dr Mark Faulkner, Ollamh Cúnta Ussher, Scoil an Bhéarla: “Maireann bailiúchán Choláiste na Tríonóide de lámhscríbhinní ó mheánaois a bhuíochas, a bheag nó a mhór, do James Ussher, scoláire as Baile Átha Cliath, Ard-Easpag Ard Mhacha agus Príomháidh na hÉireann uile. Neamhchosúil le bailitheoirí lámhscríbhinní eile a cheannaigh ábhar ar bith a raibh siad in ann teacht air ba mhó le bailitheoir stampaí é Ussher ar theastaigh ceann de chuile chineál uaidh. Mar thoradh air sin,  tá leanúnachas ag baint le bailiúchán lámhscríbhinní Choláiste na Tríonóide agus léiriú ann ar dhomhnán smaointeoireachta na meánaoise.

Dúirt Helen Shenton, Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste: “Táimid tiomanta eolas a chraobhscaoileadh faoin mbailiúchán breá seo de lámhscríbhinní ón mheánaois agus teacht a bheith air, bailiúchán a ndéanann Coláiste na Tríonóide maoirsiú air thar ceann na tíre. De láimh a scríobhadh gach imleabhar agus a tarraingíodh na léaráidí ar leith atá i ngach ceann.   Léiríonn gach imleabhar digitithe nua gnéithe staire, polaitíochta, staire ealaíne, fealsúnachta, moráltachta, creidimh ón am a caitheadh ach atá ábhartha fós sa lá atá inniu ann.”

I measc na lámhscríbhinní atá sa tionscadal tá:

  • Leabhar Laighean– Sa lámhscríbhinn seo tá an bailiúchán is mó de stair agus mhiotaseolaíocht na hÉireann roimh an dara haois déag, ina measc ceann de na trí chóip den Táin a mhair chomh maith leis an litir phearsanta Ghaeilge is sine ann. Fianaise go raibh Gaeilge á foghlaim roimh theacht an Bhéarla. 
  • Leabhar Ard Mhacha– D’fhéadfá a rá gurb í seo an lámhscríbhinn is tábhachtaí de chuid Choláiste na Tríonóide i ndiaidh Leabhar Cheanannais.  I Leabhar Ard Mhacha ón naoú haois tá, ní hamháin an téacs is luaithe den Tiomna Nua as Éirinn, ach freisin sraith saothar, ar beag eolas a bheadh ar naomhphátrún na hÉireann, Naomh Pádraig, dá huireasa.
  • Loinneog Éireannach ón gcúigiú haois déag–Beagnach leathmhéadar ar airde, is sampla den scoth é seo de leabhar cóir ón mheánaois, ceann de líon beag as Éirinn a mhair.  Chomh maith le ceol do sheirbhísí do Naomh Pádraig, Cainneach agus Bríd cláraítear ann comóradh ar naoimh eile a bhfuil beagnach dearmad déanta orthu, ina measc Maighnean Chill Mhaighnean
  • Saltair agus Urnaí ón 14ú haois– Lán le dragain, moncaithe agus beithígh allta tugann an lámhscríbhinn ghalánta seo léiriú ar a chasta is a bhí cúrsaí creidimh i measc na n-uasal Sasanach i lár na meánaoise.
  • Saltair Wycliffite –Leagar amach sa lámhscríbhinn seo dearbhphrionsabail an chreidimh Chríostaí agus focail na salm i mBéarla.  Tugtar léiriú ar an iarracht a rinneadh na scrioptúir ar chur ar fáil do chách, gníomh a mheasfaí mar ghníomh ainrialta ag an am.
  • Aistriúchán go Béarla na hÉireann ar Gerald of Wales’ On the Conquest of Ireland–D’fhéadfá a rá gurbh é Gearailt na Breataine Bige an bolscaire ba mhó ar ionradh Shasana ar Éirinn sa dara haois déag. In éineacht leis an aistriúchán seo ón 15ú haois, ar cosúil gur do na hAngla-Éireannaigh a scríobhadh é, tá nótaí ar an gciumhais ina dtugtar fógra maidir le feall in aghaidh na hÉireann. 
  • Piers Plowman–An dán Béarla is fearr ón mheánaois, b’fhéidir – is dán é Piers Plowman le William Langland faoi a bheith ag iarraidh a bheith ag maireachtáil mar is ceart i sochaí atá cam agus a dhéanfadh cam tú. Tá tábhacht ar leith leis an lámhscríbhinn seo sa tslí is go bhfuil eolas beathaisnéise ann faoin bhfile féin.
  • Ábhar le Bede as Bury ón dara haois déag–Bhí Ecclesiastical History of the English People le Bede ón ochtú haois chomh maith le tráchtas ar áiteanna a bhfuil naoimh Shasana adhlactha ar an gcineál ábhair a bhí tréan i leabharlanna mhainistreacha Shasana i ndiaidh Choncas na Normannach, i bhfianaise an ceangal a bhí ag na ionróirí Normannacha le stair eaglasta a gcríoch nua.  Is ionann é is foinse eolais ar chúrsaí diagachta ar fud Shasana.

Cuirfear tús leis an tsraith léachtaí  “Beyond the Book of Kells” an 3 Deireadh Fómhair le léacht ón Dr Laura Cleaver, léachtóir Ussher le hEalaíon ón Mheánaois, ar TCD MS. 92: An Illuminated Psalter and Hours– lámhscríbhinn atá fíormhaisithe a thugann léargas ar a chasta is a bhí cúrsaí creidimh i measc na n-uasal Sasanach ag deireadh na meánaoise. An Dr Mark Faulkner ó Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide atá i mbun na sraithe léachtaí seo. Mar chuid de théama taighde Cultúir Lámhscríbhínní, Cló agus Leabhar atá an tsraith  á heagrú i gcomhar le Mol an tSeomra Fhada Choláiste na Tríonóide, Dámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.