Leabhair a scríobh agus a mhaisigh leanaí scoile i mBaile Átha Cliath le cur le taispeántas Leabhar Cheanannais i Sean-Leabharlann Choláiste na Tríonóide

Posted on: 14 May 2019

Nocht an t-údar Dave Rudden, a scríobhann leabhair do leanaí agus a bhfuil duaiseanna buaite aige, taispeántas de 80 leabhar lámhdhéanta a scríobh agus a mhaisigh leanaí scoile i mBaile Átha Cliath i Sean-Leabharlann íocónach Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Dé Céadaoin an 10 Aibreán 2019.

Taispeántas é seo atá ar siúl chun críoch a chur leis an gclár Bookmarks inar chaith leanaí bunscoile i mBaile Átha Cliath dhá mhí ag scríobh agus ag maisiú a gcuid leabhar féin le cúnamh ó údair, ealaíontóirí agus speisialtóirí ar leabhair leanaí i gColáiste na Tríonóide.

Féachtar leis an tionscadal leanaí a spreagadh agus an chéad ghlúin eile de scéalaithe, ealaíontóirí agus lucht cruthaitheachta a thabhairt chun cinn. Clár é Bookmarks arna eagrú ag Cláir Rochtana Choláiste na Tríonóide (TAP) a thugann tacaíocht do dhaltaí as cúlraí a bhfuil gann-ionadaíocht orthu dul ar aghaidh chuig breisoideachas.

Books written and illustrated by Dublin schoolchildren join Book of Kells exhibition

Tá saothar daltaí ó rang a 5 agus 6 as Scoil Náisiúnta Sinsearach Cholmcille, An Baile Breac; Scoil Náisiúnta Buachaillí Our Lady of Good Counsel, Droimeanach; agus Bunscoil Marist, Cromghlinn ar taispeáint sa Seomra Fada. Beidh a gcuid leabhar anois mar chuid de bhailiúchán buan de shé mhilliún imleabhar clóite Choláiste na Tríonóide, lena n-áirítear Leabhar Cheanannais a bhfuil cáil ar fud an domhain air.

Dúirt Kathleen O’Toole-Brennan ó Chláir Rochtana Choláiste na Tríonóide “Tá Cláir Rochtana Choláiste na Tríonóide thar a bheith bródúil as an tionscnamh Bookmarks agus as an deis ar leith a thugann sé do leanaí scileanna nua a fhoghlaim agus tuiscint a fháil ar litríocht leanaí ar bhealach thar a bheith praiticiúil. Tá ríméad orainn na saothair áille ealaíne agus litríochta seo a nochtadh. Bíonn breis is 10,000 dalta páirteach inár gcláir for-rochtana gach bliain agus má leantar leis sin, rachaidh na daltaí sin agus a bpiaraí ar aghaidh go dtí oideachas dara leibhéal agus tríú leibhéal.”

Ba ar an téama ‘Creatures and Creations’ a bhí clár Bookmarks na bliana seo dírithe agus ba iad Sine Quinn, Catherine Ann Cullen agus Angela McDonagh a thug na ceardlanna scríbhneoireachta agus maisithe. Thug foireann na Leabharlainne agus Scoil an Bhéarla ábhar inspioráide do na leanaí le linn na gceardlann ar conas leabhar a chumadh nuair a cuireadh Bailiúchán Pollard na Leabharlainne – an bailiúchán is mó de leabhair leanaí in Éirinn a bhfuil breis is 10,000 leabhar ann ón 17ú haois go dtí an 20ú haois – faoina mbráid.

Is léir ó theidil a gcuid leabhar na nithe a spreag samhlaíocht na leanaí i mbliana, ina measc: The Adventures of Kevin the Carrot; Fighting My Thoughts agus The Mysterious Box.

Dúirt Helen Shelton, an Leabharlannaí agus Cartlannaí Coláiste i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Is ócáid mhór imeacht Bookmarks TAP anseo sa Seomra Fada. Is breá linn an deis a bheith againn cuireadh a thabhairt do na húdair nua cumasacha seo chuig an áit is speisialta ar an gcampas agus a gcuid saothar a fheiceáil taobh leis an 200,000 de na leabhair is sine i mbailiúchán na hollscoile.”