Le córas imdhíonachta ’sár éifeachtach’ in ann an víreas HCV a sheachaint

Posted on: 20 September 2016

Tá taighdeoirí ó Choláiste na Tríonóide ag lorg deontóirí chun páirt a ghlacadh i staidéar atá ag iarraidh fáil amach cén fáth go bhfuil daoine áirithe cosanta ón víreas go nádúrtha, gan aon tinneas.

I 1977-1979, fuair na céadta ban ionfhabhtú leis an víreas HCV nuair a fuair siad ‘Anti-D’ a bhí éillithe leis an víreas. De ghnáth, is táirge fola tairbhiúil é Anti-D a thugtar do mhná le fuilghrúpa acu atá neamh-chomhoiriúnach leis an leanbh sa bhroinn. Cuireann Anti-D cosc ar chóras imdhíonachta na máithreacha cealla agus móilíní a tháirgeadh a dhéanfadh ionsaí ar an leanbh gan breith le linn an dara thoirchis. Sa tslí seo, is féidir le Anti-D saol an leanbh sa bhroinn a shábháil, leanbh a d’éireodh breoite nó fiú a gheobhadh bás murach é.

Ach, i 1977-1979 bhí an táirge tairbhiúil seo éillithe de thaisme le HCV.  Is féidir leis an víreas seo ionsaí a dhéanamh ar an ae agus é a scrios.  Le blianta, cheap taighdeoirí go bhfaigheadh gach aon duine a fuair táirge fola a bhí éillithe le HCV an tinneas atá bainteach leis, go háirithe sa chás go raibh dáileog ard víreas ag dul díreach isteach i sruth na fola.

Ach tar éis an briseadh amach i 1977-1979, tháinig taighdeoirí ar fhionnachtain shuimiúil: nuair a rinneadh scáthú ar na mná seo le haghaidh HCV, níor thaispeáin ach leath de na mná a bhí i dteagmháil leis an víreas chomharthaí ionfhabhtaithe.

Dúirt Cliona O’Farrelly, Ollamh le hImdhíoneolaíocht Chomparáideach i gColáiste na Tríonóide: ‘Ciallaíonn sé seo go bhfuil na mná seo in ann cur i gcoinne an víris seo go nádúrtha. Creidimid go bhfuil córas imdhíonachta speisialta ag na mná seo atá in ann ionróirí víreas a chosaint. Anois ba mhaith linn an chúis atá leis seo a aimsiú agus a fháil amach conas mar a bhíonn an córas imdhíonachta ag feidhmiú chomh héifeachtach sin.

Chun é seo a bhaint amach, tabharfaidh an tOllamh O’Farrelly agus a foireann aghaidh ar scrúdú a dhéanamh ar an eolas atá taiscthe i ngéinte na mban atá in ann HCV a chosaint go nádúrtha. Ansin is féidir leo comparáid a dhéanamh  le géinte na ndaoine nach bhfuil in ann an víreas a chosaint. Má tá siad in ann an mheicníocht taobh thiar den chosaint nádúrtha seo a aimsiú, is féidir leo an t-eolas seo a úsáid le teacht ar bhealaí nua le vacsaíní agus drugaí frithvíreasacha a fhorbairt.

Tá an fhoireann ag lorg deontóirí a bhí nochta le HCV trí Anti-D éillithe idir 1977-1979 chun cabhrú leis an staidéar seo. Tugtar cuireadh do mhná a bhí ionfhabhtaithe le HCV chomh maith leo siúd nár thaispeáin aon chomharthaí ionfhabhtaithe. Tá sé éasca and neamh-ionrach bheith páirteach sa staidéar seo ach d’fhéadfadh tionchar láidir a bheith aige ar chosaint i gcoinne víreas. Sampla seile amháin atá ag teastáil, agus is féidir é a stóráil go héasca sa bhaile agus ansin é a sheoladh go dtí an fhoireann i gColáiste na Tríonóide.

Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa staidéar seo, nó má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, téigh i dteagmháil linn ar an guthán (087-791-3600) nó trí ríomhphost (TCDstudy2016@tcd.ie). Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: https://www.tcd.ie/Biochemistry/research/cig_hepatitisc.php 

Tá an staidéar seo urraithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann (Science Foundation Ireland) agus tá Cliona O’Farrelly, Ollamh le hImdhíoneolaíocht Chomparáideach i TCD mar phríomh-imscrúdaitheoir sa staidéar seo.

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685