lámhscríbhinní luachmhara Gaeilge a bheidh mar ábhar do chomhdháil

Posted on: 17 May 2018

Tá téacsanna den Fhéineachas ina gcuirtear síos ar dhlíthe beachaireachta agus ar chúrsaí pósta, chomh maith le 'leabhar Gheineasas’ na hÉireann, le háireamh ar na lámhscríbhinní Gaeilge a bheidh mar ábhar do chomhdháil mhór acadúil agus do thaispeántas a bheidh á seoladh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Déardaoin an 17 Bealtaine 2018.

Tá an bailiúchán i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, ina bhfuil os cionn 200 lámhscríbhinn Gaeilge ó ré na meánaoise agus ó thús na nua-aoise, ar cheann de na bailiúcháin is tábhachtaí ar domhan. Tá níos mó ná míle bliain de litríocht agus de léann na hÉireann i dtéacsanna na lámhscríbhinní seo a thugann léargas ar shochaí na hÉireann ag an am, ar an gcaidreamh a bhí idir ár sinsir, ar na scéalta agus na miotais a bhí acu fúthu féin agus ar an tuiscint a bhí acu orthu féin i gcomhthéacs domhanda. 

Tá réimse leathan d'ábhar ilchineálach sna lámhscríbhinní seo ón 9ú haois go dtí an 16ú haois. Áirítear ina measc lámhscríbhinní an Fhéineachais ina dtugtar cuntas ar rialú shochaí na hÉireann chomh maith leis an gcaidreamh a bhí idir an eaglais agus an stát, scéalta móra na Gaeilge, ábhar ginealais agus ábhar faoi bheathaí na naomh. Tá cur síos i lámhscríbhinní eile ar an léann traidisiúnta, mar shampla, an tuiscint a bhí ar chúrsaí leighis, seanchas faoi ainmneacha áite, an léann a ghabh le cúrsaí meadrachta agus gramadaí, chomh maith leis na hannála ina mbreactaí tuairisc de réir na mblianta ar imeachtaí móra a thit amach.

Ar na réimsí is suntasaí maidir leis an mbailiúchán lámhscríbhinní, áirítear iad seo a leanas:

  • Lámhscríbhinní luachmhara an Fhéineachais óna bhfaightear léargas ar cheann de na córais dlí is sine san Eoraip agus ar riar agus rialú an tsaoil faoin seanreacht in Éirinn. Tá tuiscint le fáil ar chóras na n-aicmí, ar na rialacha a bhain le pósadh, le haltramas, le cothabháil othrais, le gealltanas a thabhairt, le beachaireacht, le smacht ar mhadraí agus le ról na heaglaise agus ról an stáit, i measc gnéithe iomadúla eile de shaol na linne.
  • I Leabhar Gabhála Éireann, ‘Leabhar Gheineasas’ na hÉireann, socraítear áit na hÉireann, na nGael agus theanga na nGael de réir an leagan amach atá ar shaol an Bhíobla. Cruthaíodh an Ghaeilge mar gheall ar an mearbhall ag Túr Bháibilde réir scoláirí ré na meánaoise, agus ní de bharr díbheirg Dé.  Ní raibh an Ghaeilge lochtach ná measctha dá réir sin faoi mar a bhí teangacha eile agus bhí aird faoi leith tuillte aici. Bhí tábhacht faoi leith le finscéal den sórt seo faoi bhunús na teanga i rith ré na meánaoiseanna nuair ba mhór an bhagairt don Ghaeilge an meas agus an t-ómós don Laidin.
  • Leabhar Ard Mhacha ina bhfuil ceann de na cóipeanna is sine den Tiomna Nua (sa Laidin), 'Beathaí' Naomh Pádraig agus Confessio Phádraig (i Laidin chomh maith). Ba é Pádraic féin a scríobh an Confessio a bhfuil buntábhacht leis maidir le tuiscint a fháil ar an bhfear. Sa leabhar seo chomh maith tá roinnt de na samplaí is sine den tSean-Ghaeilge a tháinig slán go dtí an lá atá inniu ann.
  • Is é Leabhar Laighean Leabhar na Nuachongbhála ón dara haois déag an lámhscríbhinn is sine i mbailiúchán na Leabharlainne a scríobhadh go hiomlán I nGaeilge. Cnuasach d'ábhar próis, filíochta agus ginealais atá ann a bhfuil cóip de Leabhar Gabhála ar an téacs tosaigh, agus a chuimsíonn leagan ríthábhachtach de Táin Bó Chuailnge freisin. Is féidir a áitiú go bhfuil an lámhscríbhinn seo ar an gceann is tábhachtaí i measc a bhfuil againn de lámhscríbhinní ón dara haois déag, ré lenar bhain athrú agus claochclú mór ó thaobh cúrsaí eaglasta agus cúrsaí polaitíochta in Éirinn. 
  • Lámhscríbhinn ríspéisiúil ó dheireadh an 14ú haois nó tús an 15ú haois is ea Leabhar Buí Leacáin ina bhfuil tráchtais leighis, ábhar gramadaí agus nathaíocht, scéalta próis, lena n-áirítear formhór scéalaíocht na Rúraíochta, chomh maith leis an saothar cáiliúil sanasaíochta, Sanas Chormaic, a mheastar a bheith ar an bhfoclóir teangeolaíochta is sine in aon cheann de theangacha na hEorpa taobh amuigh de na teangacha Clasaiceacha. 
  • Bailiúcháin thábhachtacha iad Annála Uladh, ó dheireadh an 15ú haois, agus Annála na gCeithre Máistrí, tiomsaithe ag bráithre de chuid Ord na bProinsiasach idir 1632 agus 1636, d'annála ó ré na meánaoise in Éirinn ina dtráchtar ar imeachtaí ón ré réamhstaire go dtí tús an 16ú haois.

Book of Ogam

Dúirt Damian McManus, Ollamh le Luath-Ghaeilge: “Ní féidir áibhéil a dhéanamh maidir lena bhfuil de thábhacht le bailiúchán lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste na Tríonóide. Is é ábhar iléagsúil na gcáipéisí ríluachmhara seo an tairseach maidir leis an iliomad réimse taighde i gcúrsaí staire, litríochta, leighis, dlí agus naomhsheanchais, gan trácht ar shaoithiúlacht na nGael, na Lochlannach, na nAngla-Normánach agus na Sasanach de réir mar a chuireadar fúthu in Éirinn. Trí staidéar a dhéanamh ar na lámhscríbhinní Gaeilge seo, tugtar léargas ar thuiscint faoi leith na nGael orthu féin, ar a gcomharsana, ar an saol mar a bhí sé á chaitheamh acu agus ar a n-áit féin i sochaí an domhain.”

Beidh saothar nua taighde ar na lámhscríbhinní Gaeilge seo á chur i láthair ag comhdháil in Institiúid Taighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Trionóide. Beidh an tOllamh Damian McManus, Coláiste na Tríonóide; an tOllamh Richard Sharpe, Oxford; agus an tOllamh Liam Breatnach, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, i measc na gcainteoirí a chuirfidh saothar nua taighde agus comhthéacs níos fearr maidir leis na seoda seo de chuid na Gaeilge i láthair.

Beidh taispeántas ar siúl i Seomra Fada aitheanta Choláiste na Tríonóide, chomh maith le taispeántas ar líne (http://www.tcd.ie/library/exhibitions/irish-manuscripts/) ionas gur féidir leis an bpobal an t-iontas atá sna lámhscríbhinní luachmhara seo a fheiceáil dóibh féin.

Becbretha

Dúirt Coimeádaí an taispeántais agus Leabharlannaí Cúnta i gColáiste na Tríonóide, Caoimhe Ní Ghormáin: “Tá níos mó ná deich mbliana caite ó cuireadh seoda bhailiúchán na lámhscríbhinní Gaeilge ó ré na meánaoise ar taispeáint le chéile sa Seomra Fada agus is é seo an chéad taispeántas ar líne de chuid na Leabharlainne le haird a dhíriú ar na lámhscríbhinní Gaeilge. Táimid an-sásta bheith ag obair i gcomhar leis an tionscadal Meamram Páipéar Ríomhaire (ISOS) in athuair, an tríú huair dúinn ag comhoibriú go dtí seo, mar chuid de chomhpháirtíocht atá beagnach 20 bliain ar bun. Dá mhéid lámhscríbhinní Gaeilge de chuid Choláiste na Tríonóide a chuirtear ar fáil trí thaisce ar líne ISOS, is ea is feiceálaí agus is inrochtaine a bhíonn an bailiúchán suntasach seo do scoláirí agus don ghnáthphobal ar fud an domhain.”

Tá comóradh á dhéanamh leis an dá ócáid, arna n-eagrú ag Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide, ar fiche bliain den chomhoibriú idir an Leabharlann agus an Institiúid Ard-Léinn maidir leis an tionscadal Meamram Páipéar Ríomhaire (ISOS) trína bhfuil digitiú á dhéanamh le tamall maith anuas ar lámhscríbhinní tábhachtacha Gaeilge. Tá digitiú déanta faoi scáth an tionscadail ar 35 lámhscríbhinn as bailiúchán na Leabharlainne go dtí seo agus tá an obair beagnach tugtha chun críche ar na híomhánna in dhá lámhscríbhinn fhairsinge dlí. Agus an tionscadal sin curtha i gcrích, beidh beagnach 20 faoin gcéad de bhailiúchán lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste na Tríonóide digitithe faoin tionscadal Meamram Páipéar Ríomhaire.

 

Tá breis eolais agus sonraí clárúcháin maidir leis an gcomhdháil ar fáil anseo: http://www.tcd.ie/trinitylongroomhub/whats-on/details/event.php?eventid=127673011

Beidh an taispeántas ‘Na Lámhscríbhinní Gaeilge i Leabharlann Choláiste na Tríonóide’ ar siúl sa tSean-Leabharlann ón 18 Bealtaine go dtí deireadh mhí an Mheithimh.  

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551