Láithreán gréasáin nua de chuid Choláiste na Tríonóide, KaffeeHouse, chun flúirse Aistriúcháin Liteartha a chur ar fáil

Posted on: 02 April 2015

Litríocht ar ardchaighdeán i níos mó teangacha a chur ar fáil do níos mó daoine – sin an aidhm atá le hardán nua digiteach atá le seoladh i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath an tseachtain seo.   Cultúr nuálach an chaifé san aois seo caite a bhí mar spreagadh do KaffeeHouse.com, a chuireann aistriúchán liteartha ar fáil do chách trí chur ar chumas úsáideoirí bacainní teanga a bhriseadh agus cumarsáid a dhéanamh le scríbhneoirí, foilsitheoirí, aistritheoirí agus léitheoirí ar fud an domhain.

Seolfar an t-ardán nua KaffeeHouse ag ócáid i Mol Seomra Fada Choláiste na Tríonóide Dé Céadaoin an 1ú Aibreán ag 7pm. Beidh taispeántas den láithreán gréasáin nua agus ansin beidh díospóireacht phainéil dar teideal 'Todhchaí na Litríochta Domhanda: An gcuirfidh ardán digiteach ar ár gcumas na bacainní teanga sin a bhriseadh?’ a dhíreoidh isteach ar an acomhal idir an litríocht agus an domhan digiteach.

I gcomhar le foilsitheoirí beaga ar fud na cruinne, foilseoidh KaffeeHouse.com saothair ghearra scríbhneoireachta ar ardchaighdeán – filíocht, gearrscéalta, drámaí gearra – agus iarrfaidh ar léitheoirí agus ar scríbhneoirí eile ar fud an domhain plé leis an saothar sin, é a aistriú agus a gcuid tuairimí air a roinnt.

Beirt mhac léinn PhD de chuid Choláiste na Tríonóide a bhunaigh KaffeeHouse.com, an Dr Emmett Tracy (na Clasaicí) agus an Dr Kevin Koidl (Eolaíocht Ríomhaireachta), i gcomhar leis an Dr Peter Arnds, Stiúrthóir chláir iarchéime Choláiste na Tríonóide san Aistriúchán Liteartha agus sa Litríocht Chomparáideach.

Mhínigh an Dr Kevin Koidl, comhbhunaitheoir KaffeeHouse agus Comhalta Taighde sa Roinn Eolaíochta Ríomhaireachta: “Thugadh scríbhneoirí, ealaíontóirí agus smaointeoirí cuairteanna ar chaiféanna ar fud na hEorpa. Láthair inspioráide agus comhrá a bhí sa chaifé agus go deimhin, ceardlann agus athbhaile do roinnt daoine. Go háirithe i gcathracha ina raibh meascán mearaí cultúr, mar shampla Páras, Vín agus Londain, bhí na cúlraí agus teangacha éagsúla sna caiféanna ina n-údar díospóireachta spreagúla a thacaigh le foirmeacha nua ealaíne agus litríochta, ó art nouveau go heispriseanachas. Tugann an t-idirlíon deis dúinn, sa lá atá inniu ann, an ghluaiseacht chultúrtha seo a athbheochan.  An fhís atá le KaffeeHouse teicneolaíochtaí gréasáin nua agus spreagúla a úsáid chun caifé ar líne a chur ar fáil, a mbeidh rochtain air ó áit ar bith ar fud an domhain, a bhrisfidh bacainní teanga agus a mbeidh croíphrionsabail chultúr an chaifé mar bhunús aige: comhoibriú-fiosrú-nascadh.”

Dúirt an Dr Peter Arnds: "Is éard atá sa tionscadal seo ná meascán iontach den nuálaíocht, den fhiontraíocht agus den teicneolaíocht, chomh maith le hoideachas le cuidiú teicneolaíochta. Is uirlis uathúil é do mo chuid mac léinn chun cabhrú leo a saothar a chur chun cinn, agus is ardán iontach é d'aon duine a bhfuil dúil sa litríocht acu cruthú, comhoibriú agus teacht ar aistriúcháin nua ar shaothair litríochta ó na clasaicí go dtí scríbhneoireacht nua le filí agus údair nach bhfuil i mbéal an phobail fós. Tabharfar eolas don phobal ag an seoladh an tseachtain seo faoin méid a dhéanann an láithreán agus faoin tslí a thiocfaidh athrú air in imeacht ama."

Ag glacadh páirte sa díospóireacht phainéil ag an seoladh beidh an Dr Peter Arnds, Ollamh Cúnta le Litríocht Chomparáideach/Aistriúchán Liteartha, Coláiste na Tríonóide; Parsa Ghaffari, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin & Bunaitheoir Aylien; An Dr Pierre Joris (via ceamara gréasáin), Ollamh Emeritus, SUNY Albany; Tim Keefe, Ceann na nAcmhainní Digiteacha agus na Seirbhísí Íomháithe (DRIS); An Dr Emmett Tracy, Comhbhunaitheoir KaffeeHouse agus Aine Tyrell, Príomheagarthóir, T-Jolt, Trinity.
 

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551