Laethanta Oscailte Choláiste na Tríonóide le léiriú a thabhairt ar Chúrsaí Fochéime

Posted on: 05 December 2011

Tabharfaidh na mílte mac léinn ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath an tseachtain seo le linn laethanta oscailte Choláiste na Tríonóide le heolas a fháil ar an réimse leathan cúrsaí fochéime atá ar fáil ann.   Tabharfaidh Laethanta Oscailte Choláiste na Tríonóide, a bheidh ag tarlú ar fud champas Choláiste na Tríonóide i lár na cathrach Dé hAoine agus Dé Sathairn an 2ú agus 3ú Nollaig, deis do dhaltaí iarbhunoideachais agus dá dteaghlaigh, do mhic léinn aibí, do mhúinteoirí agus do threoirchomhairleoirí léiriú ceart a fháil.

Ryan O’Driscoll, Laethanta Oscailte Choláiste na Tríonóide.

Sa dá lá sin déanfaidh foireann acadúil an Choláiste os cionn 100 cur i láthair agus léiriú idirghníomhach agus beidh siad ar fáil le ceisteanna a fhreagairt maidir le cúrsaí i ndámha na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta; na hInnealtóireachta, na Matamaitice agus na hEolaíochta; agus nEolaíochtaí Sláinte.  Beidh mic léinn atá ag freastal ar an gColáiste ar fáil freisin le comhairle phraiticiúil a chur ar mhic léinn ionchasacha, le turais a thabhairt dóibh ar Ionad Spóirt den scoth an Choláiste, ar shaotharlanna eolaíochta agus leabharlanna agus a dtaithí féin ar an saol i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath a roinnt leo.  Moltar do chuairteoirí féachaint ar an Treoir Imeachtaí lena chinntiú go mbainfidh siad gach tairbhe as an gcuairt agus le leas a bhaint as roinnt de na turais ar an gcampas.  Oibreoidh comhaltaí de phobal an Choláiste as lámh a chéile lena chinntiú go gcuirfidh mic léinn ionchasacha eolas ar an réimse gníomhaíochtaí, saoráidí agus cumann atá ar fáil do mhic léinn sa Choláiste.

Beidh seisiúin eolais ar ghnéithe éagsúla de Chláir Rochtana Choláiste na Tríonóide ar siúl le mic léinn as grúpaí socheacnamaíocha, nach bhfuil dóthain ionadaíochta acu faoi láthair san earnáil tríú leibhéal in Éirinn, a spreagadh le smaoineamh ar bhreisoideachas a fháil i gColáiste na Tríonóide.  Déanfar cur i láthair speisialta do mhic léinn aibí, do mhúinteoirí, do threoirchomhairleoirí agus do thuismitheoirí chomh maith le heolas a chur i láthair maidir le seirbhísí tacaíochta do mhic léinn faoi mhíchumas.   Beidh Oifig Cóiríochta an Choláiste ar fáil le ceisteanna a fhreagairt a bhainfeadh le Halla na Tríonóide, cóiríocht atá molta do mhic léinn céad bhliana agus iontrálaithe nua chuig Coláiste na Tríonóide.

Féachann Laethanta Oscailte Choláiste na Tríonóide, arna chomhordú ag Oifig Iontrálacha Choláiste na Tríonóide, le heolas grinn a thabhairt do mhic léinn ar a bhfuil ar fáil sa Choláiste go hacadúil, go sóisialta agus ó thaobh cultúir.  Tá bróisiúir ar chúrsaí fochéime do mhic léinn ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath chomh maith le heolas ar shaol an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide agus treoir iomlán imeachtaí an Lae Oscailte le fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin an Choláiste (www.tcd.ie/Admissions