Labhair ar an Diabhal! Tarraingt bhuan léiriú an diabhail i gcúrsaí polaitíochta agus cultúir

Posted on: 25 October 2022

Idir aimsir an Bhíobla agus shaol an lae inniu i ngluaiseacht náisiúnach na gCríostaithe sna SA, idir mhisteachas Súfaíoch agus Apacailipsis Eoin i gcluichí ríomhaire na Seapáine - tiocfaidh saineolaithe idirnáisiúnta le chéile i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath níos déanaí an mhí seo chun a gcuid taighde a roinnt ar an iliomad bealaí casta a mbíonn deamhain fós ag maireachtáil agus ag imirt tionchar orainn i saol na linne seo.

Is comhdháil í seo, dar teideal ‘Demons: Good and Bad’, arna eagrú ag Scoil na Reiligiún, na Diagachta agus Léann na Síochána, a chuirfear ar siúl in Institiúid Taighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, Mol Sheomra Fada na Tríonóide ar an 27 agus an 28 Deireadh Fómhair 2022. Níl aon táille i gceist don chomhdháil dhá lá seo agus tá sí oscailte don phobal.

Áirítear ar an gclár:

  • An saineolaí asarlaíochta Julian Goodare ó Ollscoil Dhún Éideann, a bheidh ag plé feachtais ghéarleanúna agus smachtú draíochta i gcoimhlintí cumhachta na hEorpa sa Nua-Aois Luath.
  • Déanfaidh S. Jonathon O‘Donnell as Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, iniúchadh ar an mbealach a bhfuiltear ag baint leas as coincheap Shátain i ngluaiseachtaí náisiúnacha na gCríostaithe sna Stáit Aontaithe mar uirlis chun díspeagadh a dhéanamh ar throideanna ar son cearta atáirge agus cearta LADT agus ceartas ciníoch.
  • Déanfaidh an saineolaí ar smaointeoireacht Ioslamach, Zohar Hadromi-Allouche as Coláiste na Tríonóide, anailís ar charachtar éiginnte Shátain i bhfoinsí Ioslamacha.
  • Míneoidh Darryl Jones, Coláiste na Tríonóide, an chaoi a raibh tionchar mór ag a phost lae mar scoláirelámhscríbhinní meánaoiseacha ar shaothar an mhórscríbhneora scéalta taibhsí as Sasana, R. James.
  • Déanfaidh David Stevenson, saineolaí ar scannáin agus ar chluichí físeáin i gColáiste na Tríonóide, plé ar an mbealach a léirítear cleachtais shaindiamhra agus draíochta i gcluichí ríomhaire na Seapáine.
  • Roinnfidh Erika Gasser, Ollscoil Cincinnati, a cuid taighde ar asarlaíocht agus cásanna den diabhal a bheith i nduine i Sasana ag casadh an seachtú haois déag.
  • Déanfaidh Cathriona Russell, Coláiste na Tríonóide, anailís ar an iliomad bealaí éagsúla a bhfuil athléiriú á dhéanamh ar thraidisiúin Oíche Shamhna.

Is éard a dúirt eagraí na comhdhála, an Dr Zohar Hadromi-Allouche, Scoil na Reiligiún, na Diagachta agus Léann na Síochána, Coláiste na Tríonóide, roimh an ócáid: 

“Is minic a mheastar creideamh i ndeamhain a bheith seanfhaiseanta agus imeallach. Mar sin féin, le blianta beaga anuas, tá áit lárnach bainte amach ag coincheap an deamhain i gcomhthéacsanna cultúir éagsúla. Idir an clár ‘Midnight Mass’ ar Netflix agus ghluaiseachtaí náisiúnacha na gCríostaithe sna Stáit Aontaithe, is coincheap cumhachtach iad deamhain i gcúrsaí polaitíochta agus cultúr coiteann na linne seo.

Is é an tuairim i gcoitinne san Iarthar maidir le deamhain nó an diabhal ná gur siombal leanúnach donais iad. Ach an bhfuil deamhain olc ó nádúr i ndáiríre? Mar a tharlaíonn sé, is minic léiriú éiginnte a bheith i gceist lena gcarachtar. Idir an Córán agus Middle Earth le Tolkien, idir Paradise Lost le Milton (1667) agus na scannáin Despicable Me/ Minions, sáraíonn deamhain, agus créatúir ar geall le deamhain iad, léirithe simplí oilc, agus iompaíonn siad ina siombail de choincheapa amhail an tsaoirse, an cheanndánacht, an reibiliúnacht nó an débhríocht mhorálta. Feictear an éiginnteacht seo go ríshoiléir nuair a shuitear í le hais difríochtaí i gcomhthéacsanna cultúir agus i réanna staire éagsúla.”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an gclár agus clárú anseo: https://www.tcd.ie/religion/conference-seminars/demons22/index.php

 

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551