Lá Oscailte Choláiste na Tríonóide

Posted on: 24 January 2011

Dé Sathairn an 22 Eanáir seo caite thug na mílte dalta séú bliana chomh maith le tuismitheoirí agus múinteoirí ó cheann ceann na tíre agus ó thar lear cuairt ar Lá Oscailte Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chun freastal ar chur i láthair ar réimse leathan cúrsaí fochéime an Choláiste roimh spriocdháta an CAO.  Bhí os cionn 100 taispeántas ar siúl i rith an lae,  taispeántais a tharraing aird ar an réimse roghanna acadúla atá le fáil ar fud trí Dhámh Choláiste na Tríonóide.

Le linn an lae,  rinne foireann acadúil TCD cur i láthair idirghníomhach ar na roghanna atá ar fáil do dhaltaí a mbeadh suim acu sna hEalaíona, sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta; Innealtóireacht, Matamaitic agus Eolaíocht; agus Eolaíochtaí Sláinte.   Ghlac mic léinn reatha am le comhairle phraiticiúil a chur ar mhic léinn a b’fhéidir a rachadh chuig an gColáiste, agus thug siad turais ar ionad Spóirt den scoth an choláiste chomh maith le saotharlanna eolaíochta agus leabharlanna agus roinn siad a gcuid taithí féin ar an saol i gColáiste na Tríonóide.  Iarradh ar chuairteoirí ar an lá leas a bhaint as na turais ar an gcampas chun eolas a chur ar an réimse gníomhaíochtaí, saoráidí agus cumainn atá i gColáiste na Tríonóide.

Matt Carrick.

Bhí seisiúin eolais ar ghnéithe éagsúla de Chláir Rochtana Choláiste na Tríonóide ar siúl chun mic léinn as grúpaí socheacnamaíochta,  a bhfuil gannionadaíocht orthu san earnáil tríú leibhéal in Éireann, a spreagadh smaoineamh ar bhreisoideachas a fháil i gColáiste na Tríonóide.  Bhí cur i láthair speisialta ar siúl freisin do mhic léinn aibí, do mhúinteoirí, do threoirchomhairleoirí agus do thuismitheoirí chomh maith le heolas faoi sheirbhísí tacaíochta do mhic léinn faoi mhíchumas.

An aidhm atá le Lá Oscailte bliantúil TCD, atá á chomhordú ag an Oifig Iontrála,  ná eolas domhain a thabhairt do dhaltaí ar an méid atá le fáil sa gColáiste i dtaobh an tsaoil acadúil, sóisialta agus cultúir.  Tá bileoga eolais ar na cúrsaí fochéime atá ar fáil do mhic léinn chomh maith le heolas ar shaol an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide le fáil ach iad a íoslódáil de láithreán gréasáin an Choláiste ag  (www.tcd.ie/Admissions).