Lá Oscailte Choláiste na Tríonóide le léiriú a thabhairt ar Chúrsaí Fochéime

Posted on: 03 December 2012

Thug na mílte mac léinn ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ar lá oscailte Choláiste na Tríonóide le heolas a fháil ar an réimse leathan cúrsaí fochéime atá ar fáil ann.    Thug Lá Oscailte Choláiste na Tríonóide, a bhí ar bun ar fud champas an Choláiste i lár na cathrach Dé Sathairn an 1ú Nollaig,  deis do dhaltaí iarbhunoideachais agus dá dteaghlaigh, do mhic léinn aibí, do mhúinteoirí agus do threoirchomhairleoirí léiriú ceart a fháil ar shaol an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.   

Thug foireann acadúil an Choláiste os cionn 100 cur i láthair agus léiriú idirghníomhach i rith an lae agus bhí siad féin ar fáil le ceisteanna a fhreagairt maidir le cúrsaí i ndámha na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta; na hInnealtóireachta, na Matamaitice agus na hEolaíochta; agus nEolaíochtaí Sláinte.    Bhí mic léinn atá ag freastal ar an gColáiste ar fáil freisin le comhairle phraiticiúil a chur ar mhic léinn ionchasacha agus le turais a thabhairt ar Ionad Spóirt den scoth an Choláiste, ar shaotharlanna eolaíochta agus ar leabharlanna agus a dtaithí féin ar an saol i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath a roinnt.    Moladh do chuairteoirí féachaint ar an Treoir Imeachtaí lena chinntiú go mbainfeadh siad gach tairbhe as an gcuairt agus leas as roinnt turas ar an gcampas.  D’oibrigh comhaltaí de phobal an Choláiste as lámh a chéile lena chinntiú go gcuirfeadh mic léinn ionchasacha eolas ar réimse gníomhaíochtaí, saoráidí agus cumainn atá ar fáil do mhic léinn sa Choláiste. 

Julie Fitzsimmons 

Reáchtáladh seisiúin eolais ar ghnéithe éagsúla de Chláir Rochtana Choláiste na Tríonóide le mic léinn ó ghrúpaí socheacnamaíochta nach bhfuil ionadaíocht leordhóthanach orthu faoi láthair san earnáil tríú leibhéal le súil is iad a spreagadh féachaint ar Choláiste na Tríonóide le breisoideachas a fháil.   Rinneadh cur i láthair speisialta freisin do mhic léinn aibí, do mhúinteoirí, do threoirchomhairleoirí agus do thuismitheoirí chomh maith le heolas a sholáthar faoi sheirbhísí tacaíochta do mhic léinn faoi mhíchumas.  Bhí Oifig Cóiríochta an Choláiste ar fáil freisin le ceisteanna a fhreagairt a bhainfeadh le Halla na Tríonóide, an chóiríocht atá molta do mhic léinn chéad bhliana agus iontrálaithe nua chuig Coláiste na Tríonóide. 

Féachann Laethanta Oscailte Choláiste na Tríonóide, arna chomhordú ag Oifig Iontrálacha Choláiste na Tríonóide, le heolas grinn a thabhairt do mhic léinn ar a bhfuil ar fáil sa Choláiste go hacadúil, go sóisialta agus ó thaobh cultúir.    Tá bróisiúir ar na cúrsaí fochéime atá ar fáil do mhic léinn  i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath chomh maith le heolas ar shaol an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide agus treoir iomlán imeachtaí an Lae Oscailte le fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin an Choláiste ag www.tcd.ie/Admissions.