Irish and International Students Receive Trinity College High Achiever Awards

Posted on: 25 November 2010

A total of 436 first year students of Trinity College Dublin were awarded special Entrance Exhibitions Awards this week (November 22nd – 24th).  The special high achiever awards aim to recognise students’ achievements and are presented to those who achieved 560 points or more in the Leaving Certificate or equivalent second level examination.  The successful students represent 29 counties in Ireland along with the United Kingdom, Belgium, France, Germany and Sweden.

This year, the successful students represent a wide range of courses from all three faculties of the University with 34% pursuing studies in the Faculty of Health Sciences, 31% studying courses in the Faculty of Arts, Humanities and Social Sciences, and 17% studying courses in the Faculty of Engineering, Mathematics and Science.

Recipients of the Entrance Exhibition awards from Malahide Community School were Aideen Costello, Maeve Killen, Fiona Lawler, Sinead Costello and Fiona Lynott.

Congratulating the students’ on their achievements, Provost, Dr John Hegarty said: “The high points achieved by these students illustrate a remarkable ability and a commitment to hard work.  These awards aim to identify and reward students for that commitment.  We at Trinity are delighted that these talented students have decided to join us for the next stage of their personal and academic development,  and we encourage each and every one of them continued success in their chosen career path.”

A ceremony to mark the students’ achievements is held over three evenings in the Dining Hall of Trinity College where successful students along where family and school representatives are also in attendance.  As an acknowledgement of their achievements each student receives a book prize worth €300.  

Bronntar Dámhachtainí Ardghnóthachtálaí ar Mhic Léinn na hÉireann agus ar Mhic Léinn Idirnáisiúnta

Bronnadh Dámhachtainí Taispeántóirí Iontrála speisialta ar líon iomlán de 429 mac léinn de chuid na chéad bliana i gColáiste na Tríonóide an tseachtain seo (22-24 Samhain).  Tá sé mar aidhm ag na dámhachtainí ardghnóthachtálaí speisialta aitheantas a thabhairt d’éachtaí na mac léinn agus bronntar iad ar na mic léinn sin a bhain 560 pointe nó níos mó amach san Ardteistiméireacht nó i scrúdú dara leibhéal comhionann.  Déanann na mic léinn ar éirigh leo ionadaíocht ar 29 contae in Éirinn chomh maith leis An Ríocht Aontaithe, an Bheilg, An Fhrainc, An Ghearmáin agus An tSualainn.

I mbliana, déanann na mic léinn ar éirigh leo ionadaíocht ar raon leathan cúrsaí as na trí dhámh de chuid na hOllscoile le 34% díobh ag gabháil de staidéir i nDámh na nEolaíochtaí Sláinte, 31% díobh ag staidéar cúrsaí i nDámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, agus 17% díobh ag staidéar cúrsaí i nDámh na hInnealtóireachta, na Matamaitice agus na hEolaíochta.

Agus é ag déanamh comhghairdis leis na mac léinn as a gcuid éachtaí dúirt an Propast, An Dr John Hegarty: “Léiríonn na pointí arda a bhain na mic léinn seo amach cumas suntasach agus tiomantas i leith obair chrua.  Tá sé mar aidhm ag na dámhachtainí seo aitheantas a thabhairt don tiomantas sin agus luach saothair a thabhairt do na mic léinn.  Tá ríméad orainn anseo i gColáiste na Tríonóide gur tháinig na mic léinn cumasacha seo chugainn chun an chéad chéim eile dá gcuid forbairt phearsanta agus acadúil a chur i gcrích, agus guímíd gach rath orthu sa tslí beatha a roghnaíonn siad.”

 Bíonn searmanais ar feadh trí thráthnóna ar siúl chun ceiliúradh a dhéananmh ar éachtaí na mac léinn i Halla an Bhia i gColáiste na Tríonóide ina mbíonn na mac léinn ar éirigh leo chomh maith lena dteaghlaigh agus a n-ionadaithe scoile i láthair freisin.  Mar aitheantas ar a gcuid éachtaí faigheann gach mac léinn duais leabhar ar fiú €300 í.