Gradam na dTaispeántas Iontrála bronnta ar Mhic Léinn ó 30 contae in Éirinn

Posted on: 16 December 2019

Bronnadh Gradaim na dTaispeántas Iontrála speisialta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar mhic léinn ó nach mór gach aon chontae in Éirinn chomh maith le 24 tír ar fud an domhain i mbliana.

Sarah Walsh le Elina Jermakova agus Rachel Foley

Tugtar aitheantas leis na gradaim seo don méid atá bainte amach go hacadúil ag iontrálaithe fochéime nua na hollscoile. Bronntar iad ar mhic léinn a bhfuil glactha acu le háit sa chéad bhliain ar chlár bunchéime lánaimseartha agus ar éirigh leo an líon is mó pointí a bhaint amach ina scoil i measc iontrálaithe Choláiste na Tríonóide.

Bronnadh gradaim ardghnóthachtála ar 452 mac léinn ó 379 scoil i 30 contae agus ar 24 mac léinn idirnáisiúnta as 500 pointe nó níos mó a bhaint amach san Ardteistiméireacht (nó i scrúdú deiridh comhionann).

Cosúil le blianta roimhe seo, feictear go bhfuil an gradam á bhronnadh ar mhic léinn ó éagsúlacht mhór de scoileanna.

Le linn dó comhghairdeas a dhéanamh leis na mic léinn as a ngnóthachtáil, dúirt an Propast, an Dr Patrick Prendergast: “Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh mhic léinn ó nach mór gach contae in Éirinn agus ó 24 tír ar fud an domhain chuig searmanas Ghradaim na dTaispeántas Iontrála. Táimid tiomanta do phobal mac léinn níos éagsúla a spreagadh agus tá Gradam na dTaispeántas Iontrála athbhreithnithe mar chuid den mhisean sin. Tá mic léinn ó 379 scoil dara leibhéal, a dtuismitheoirí, chomh maith le príomhoidí na scoileanna sin linn i gColáiste na Tríonóide inniu chun an gaisce atá déanta acu a cheiliúradh.”

Tá méadú 54% tagtha ar líon na scoileanna dara leibhéal ó ar fud oileán na hÉireann a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu (ó 245 scoil in 2017 go 379 scoil in 2019). Dalta amháin as an gcuid is mó de na scoileanna a ndéantar gradam a bhronnadh air de ghnáth agus ciallaíonn sin go bhfuil éagsúlacht na mac léinn agus na scoileanna níos mó.

Ahmed Hussein le Terry Fahy, Mazen Hussein agus Wafaa Hussein.

Chiallaigh athruithe a rinneadh ar scéim na ngradam in 2018 go raibh aon dalta a fuair na pointí is airde i measc iontrálaithe óna meánscoil chuig Coláiste na Tríonóide agus a bhain 500 pointe ar a laghad amach (nó i scrúdú coibhéiseach dara leibhéal) incháilithe do Ghradam na dTaispeántas Iontrála. Áirítear pointí bónais do mhatamaitic ansin.

Roimhe seo, bronnadh Gradam na dTaispeántas Iontrála ar aon mhac léinn a fuair 560 pointe nó os a chionn (gan pointí bónais a bheith san áireamh), rud a chiallaigh go bhféadfadh suas le 20 mac léinn ó aon scoil amháin a bheith i gceist.

Bronnadh Gradam na dTaispeántas Iontrála ar 247 mac léinn ó Chúige Laighean; 48 mac léinn ó Chúige Chonnacht; 82 mac léinn ó Chúige Mumhan, 51 mac léinn ó Chúige Uladh agus ar 24 mac léinn idirnáisiúnta.

I measc líon iomlán na ndámhachtaithe, tá 188 mac léinn i mbun staidéir ar Innealtóireacht, Matamaitic agus Eolaíocht; 117 mac léinn ag déanamh staidéir ar na hEolaíochtaí Sláinte agus tá 147 mac léinn ag tabhairt faoi na hEalaíona, Daonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta. Go foriomlán, is mná iad 51% agus is fir iad 49% den 452 mhac léinn a bhain amach gradam.

Bronnfar teastas agus éarlais leabhair €150 do Hodges Figgis ar dhámhachtaithe an ghradaim.

Media Contact:

Aoife Carr, | carra4@tcd.ie |