Gradam de chuid na Comhairle Oidhreachta faighte ag Músaem Zó-eolaíochta Choláiste na Tríonóide

Posted on: 08 July 2015

Tá creidiúnú iomlán bronnta ar Mhúsaem Zó-eolaíochta Choláiste na Tríonóide ag Clár Chaighdeáin Mhúsaeim na hÉireann. Tá an músaem ar an gcéad cheann den chineál seo a bhfuil gradam seo na Comhairle Oidhreachta gnóthaithe aige.  Bronnfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphries TD, an gradam Dé Céadaoin an 8 Iúil.

Tagann an gradam tar éis cúig bliana de dhúthracht faoi leith maidir le feabhas a chur ar an aire agus ar an gcúram do bhailiúchán iomráiteach an Mhúsaeim atá ar bun le 200 bliain agus ina bhfuil isteach is amach le 25,000 eiseamal as Éirinn agus áiteanna i bhfad níos faide ó bhaile.

Áirítear ina measc an Fhalcóg Mhór dheireanach a bhí in Éirinn, éan atá imithe in éag ón mbliain 1844 agus ar beag músaem ar fud an domhain a bhfuil sé caomhnaithe iontu, Faolchú na Tasmáine, nach eol go cinnte ar tharla a dhíothú nó nár tharla, agus ‘Prince Tom’, an eilifint Ríoga a shiúil an domhan in éineacht le mac Bhanríon Victoria, an Prionsa Albert. 

Tá curtha roimh Chlár Chaighdeáin Mhúsaeim na hÉireann, a bhfuil réimse fairsing d'fhorais bailiúcháin in Éirinn páirteach ann, cur leis na caighdeáin cúraim ar fud speictream iomlán an chultúir, idir fhorais náisiúnta agus eagraíochtaí beaga bunaithe ar obair dheonach.

De réir choiste breithnithe na Comhairle Oidhreachta, "tá le háireamh ar bhuanna sonracha an Mhúsaeim meon láidir ó thaobh taighde agus aire agus cúram do na bailiúcháin, chomh maith le dúthracht thréan maidir le caidreamh leis an bpobal.  Éiríonn leis an Músaem tuiscint níos forleithne ar an tábhacht atá leis an mbailiúchán a chothú agus ar an ról atá leis maidir le léirthuiscint a fháil ar cheisteanna caomhnúcháin ar fud an domhain.”

Dúirt Coimeádaí an Mhúsaeim Zó-eolaíochta, an Dr Martyn Linnie: “Cuireann an caighdeán seo a bhaint amach bonn treise faoin dul chun cinn mór atá déanta againn le blianta beaga anuas maidir le haird níos leithne a tharraingt ar an mbailiúchán agus feabhas a chur ar an gcúram a dhéantar dó.  Is teist é ar an dúthracht leanúnach an oidhreacht chultúir a chosaint agus a chothú do na mic léinn, don lucht taighde agus don phobal i gcoitinn.  Táthar ag tnúth le líon mór cuairteoirí i rith an tsamhraidh agus san am atá romhainn.”

Dúirt an tOllamh le Luibheolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Yvonne Buckley: “Tá rólanna faoi leith leis an Músaem i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha maidir le spéis a chothú agus caidreamh a choinneáil leis an bpobal – tháinig níos mó ná 6,000 cuairteoir i rith na bliana 2014 – agus maidir leis na cúrsaí teagaisc chomh maith. Cuireann an creidiúnú seo agus an fhorbairt ar pholasaithe agus ar chaighdeáin a ghabh leis, an Músaem ar bhonn tréan daingean maidir leis na róil a chomhlíonadh, a leathnú agus a fhairsingiú san am atá romhainn.

“Tá an creidiúnú á bhronnadh an tráth céanna a bhfuiltear ag cur leis na huaireanta oscailte i rith an tsamhraidh ionas go mbeifear oscailte ar an deireadh seachtaine freisin, agus beidh deiseanna tábhachtacha á dtabhairt do mhic léinn agus d'iar-mhic léinn taithí fiúntach a ghnóthú ina dtreoraithe cuairte.  Is eol dúinn gur mór an tairbhe a bhain mic léinn agus alumni dár gcuid as róil mar sin cheana ina saol oibre agus i mbun breis oideachais dóibh.”

Tá breis eolais faoi uaireanta oscailte ar fáil ar an láithreán gréasáin: https://www.tcd.ie/Zoology/museum/

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685