Fungais Thairbheacha’ D’fhéadfadh Orgánaigh Mhicreascópacha cuidiú le Táirgeoirí Eorna Muintir an Domhain a Chothú gan aon Ábhar Ceimice

Posted on: 12 February 2015

Tá lucht luibheolaíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tar éis teacht ar eolas nua mórshuntasach a d'fhéadfadh feirmeoirí eorna a shábháil ó chodladh na hoíche agus na milliúin Euro a chailleadh bliain i ndiaidh bliana:  tá fungais nádúrtha ann, nach ngoilleann ar phlandaí, a chuireann cosc ar ghalair a dhéanann scrios ar bharra agus a chuidíonn chomh maith le plandaí a thabhairt slán le linn chúrsaí timpeallachta a bheith go hainnis.

Ní is tábhachtach, ní tharraingíonn na horgánaigh beaga seo dochar ar bith do fhréamhacha na bplandaí le linn dóibh maireachtáil iontu.  Mura dtarraingíonn, fágann an imdhíonacht ar ghalair choitianta síl gur lú go mór an gá a bhíonn ag feirmeoirí le ceimiceáin a spraeáil a dhéanfadh dochar don chomhshaol agus a chuirfeadh isteach ar éiceachórais ar bhealaí iomadúla diúltacha.

Tá an eorna ar an gceathrú barr is mó a fhástar ar fud an domhain agus, ós planda é a bhfuil seasamh in aghaidh chuid mhór ann, is minic a chur ag fás i dtimpeallacht nach bhfuil chomh cóiriúil sin ar fad. Is foinse buntábhachtach bia agus airgid atá ann ag feirmeoirí ar fud an domhain.

Ina ainneoin sin, is iomaí galar a bhuaileann an eorna agus is mór an caillteanas a tharlaíonn má fhaigheann siad greim. Is é atá ar siúl ag táirgeoirí go dtí seo, agus iad ag coimhlint go géar leis na galair mar a bheadh 'rás airm' ar bun, dul i muinín mheascáin shíorathraitheacha de cheimiceáin agus de lotnaidicídí d'fhonn coinneáil céim chun tosaigh ar na galair.

Is é Brian Murphy, fear taighde PhD sa Luibheolaíocht i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha Choláiste na Tríonóide, an príomhúdar ar pháipéar cinniúnach a foilsíodh le gairid in BioControl, iris idirnáisiúnta faoi léirbhreithniú a chomhghleacaithe. Deir seisean: “Caitheann feirmeoirí na hÉireann níos mó ná €99 milliún in aghaidh na bliana ar ábhar ceimice i ndáil le barra eorna, 70% de sin ar leasú nítrigineach.  Chomh maith leis an gcostas mór, téann na ceimiceáin seo go mór chun dochair don chomhshaol agus tarlaíonn caillteanas bithéagsúlachta dá mbarr.  Tá i ndán gur féidir ísliú suntasach ar an gcostas sin a thabhairt i gcrích leis an modh nua cóireála atá á leagan amach againne do na barra agus go gcuirfí le nósanna talmhaíochta orgánaice inmharthanacha.”

Is cosúil go mbíonn ceangal siombóiseachta idir an eorna agus infítí fungais den chineál a raibh éifeacht leo maidir le galair síl a choinneáil ó dhochar a dhéanamh le linn do mheitheal Choláiste na Tríonóide turgnaimh a dhéanamh sa saotharlann. Ciallaíonn sin go mbíonn tairbhe ag an dá speiceas ón gcur le chéile bitheolaíochta.

Chomh maith le cosaint i gcoinne ghalair síl, is cosúil go mbíonn buntáistí suntasacha eile ó na hinfítí a bheadh ina ábhar ríméid ag feirmeoirí eorna; tugadh chun aire go raibh a sé oiread seans go mairfeadh plandaí a raibh struis iomadúla le seasamh acu an t-aon tráth amháin (mar shampla, teas, triomach, ithir ar bheagán cothaitheach, agus lotnaidí) nuair a bhí na fungais seo ag maireachtáil iontu seachas cás na bplandaí nach raibh na fungais iontu.

“Is é an difear idir bás agus beatha ag na plandaí ceangal siombóise den chineál seo," arsa Brian Murphy "agus é chomh cinniúnach céanna ag na feirmeoirí atá ag brath ar bharra eorna."

Bíonn na hinfítí ar fáil go nádúrtha in ithir thalamh feirmeoireachta agus tarlaíonn, i gcásanna áirithe, go mbíonn siad sna plandaí trí sheans. Ina ainneoin sin, mar gheall nach mórán atá ar a gcumas gluaiseacht ó gharraí go garraí, uainíocht rialta na mbarr agus úsáid lotnaidicídí, is ríbheag an seans go dtarlódh an ceangal idir an eorna agus na hinfítí is éifeachtúla go nádúrtha. Tá an grúpa oibre i gColáiste na Tríonóide, dá bhrí sin, ag scrúdú modhanna ina bhféadfaí ionaclú a dhéanamh ar bharra d'aonghnó.

Is é an chéad rud eile le déanamh féachaint an dtagann an toradh céanna a tháinig ón obair thaighde sa saotharlann eolaíochta ó shaothrú na heorna i saol na feirmeoireachta.  Má bhíonn dea-thoradh mar a chéile ar na hinfítí a úsáid ar an bhfeirm, beidh cion mór tairbhe déanta ag lucht Choláiste na Tríonóide maidir le ceann de cheisteanna móra na linne seo ag lucht ceaptha polasaí ar fud an domhain: Conas a shásaítear an goile ag pobal daoine ar fud an domhain a bhfuil borradh mór fáis faoi?

Luaigh an Dr Trevor Hodkinson, Comhollamh le Luibheolaíocht i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, Coláiste na Tríonóide: “Is é an rud is mó a chuirtear os comhair lucht talmhaíochta barr níos fearr a fhás an tráth céanna a n-athraítear go dtí córais feirmeoireachta níos inbhuanaithe.  Is mór an deis leis na hinfítí fréimhe fungais seo maolú ar a oiread a bhíonn lucht talmhaíochta ag brath ar ábhar ceimice a dhéanann dochar don chomhshaol. Táthar ag féachaint le cur leis an obair thaighde seo i réimse na curadóireachta féin agus leis an teicneolaíocht a chur ar bhonn tráchtála.”

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685