Féilscribhinn do Chathail Ó Háinle seolta i gColáiste na Tríonóide

Posted on: 04 December 2012

Bhí slua mór de phobal na Gaeilge i láthair i gColáiste na Tríonóide Déardaoin 22 Samhain nuair a seoladh ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle.

Feileann leabhar mór do Chathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sé aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ón am a d’fhoilsigh sé a chéad alt acadúil leathchéad bliain ó shin. Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith.

Tá breis is míle leathanach ann agus breis is daichead alt ardchaighdeáin le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu. Tá na hailt go léir as Gaeilge, le péire acu as Gaeilge na hAlban. Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich, léachtóirí i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, a chuir an leabhar in eagar. An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht na foilsitheoirí.

Dúirt Damian McManus, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Táim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhar breá seo á fhoilsiú. Léiríonn sé an t-ardmheas atá ag lucht léinn na Gaeilge ar an Ollamh Ó Háinle. Is maith atá an t-aitheantas seo tuillte aige.”Is í Máire Ní Annracháin, Ollamh le Nua-Ghaeilge, UCD, a sheol an leabhar. Dúirt sí go mbeadh “iontas agus ríméad ar na luath-athbheochantóirí feabhas agus forás obair acadúil na Gaeilge a fheiceáil le caoga bliain anuas. Bhí Cathal Ó Háinle lárnach sa phróiseas sin agus is mithid dúinn an leabhar mór scópúil seo a fhoilsiú in ómós dó.”