Éigse na Tríonóide 2012/ Éigse na Tríonóide Festival 2012

Posted on: 26 January 2012

Éigse na Tríonóide 2012

Tá seachtain ildánach spleodrach i ndán dúinn i mbliana i gcroílár na hardchathrach, in  Éigse na Tríonóide 2012, féile bhliantúil Ghaeilge an Choláiste.  Beidh TCD i mbun na hÉigse an tseachtain seo chugainn (Luan 30 Eanáir – Aoine 3 Feabhra). Tá clár na hÉigse anois fógartha.

I measc na n-imeachtaí beidh: bricfeásta Gaelach gach maidin san Hist, díospóireacht agus caint mhór na seachtaine, turas stairiúil ar an gcampas, “cniotáil trí Ghaeilge”, seisiún eolais “Gairmeacha le Gaeilge”, cluiche sacair na ndathanna, “Taster for Beginners” agus dhá sheirbhís eaglasta trí Ghaeilge- mar aon le neart eile! Buaicphointe na seachtaine do na mic léinn ná : Gig Mór na hÉigse le Aslan, san Workman’s Club oíche Dhéardaoin.

Tá Clár na hÉigse ina iomlán ar fáil anseo- tá imeachtaí ann do réimsí suime éagsula. Bainigí sult astu!

Eolais breise: www.tcd.ie/gaeloifig and www.cumann.ie

Éigse na Tríonóide Festival 2012

An exciting week of events is in store in the city centre this year during Éigse na Tríonóide 2012, Trinity College’s annual Irish language festival. The Éigse will take place next week (Monday January 30th to Friday February 3rd).  The Éigse programme has now been announced.

Amongst the many events are a Gaelic breakfast each morning in the Hist Room, a debate and public lecture, a tour of the historic campus, a knitting session through Irish, a careers information session “Gairmeacha le Gaeilge”, a “colours” soccer match, a “Taster” session for Beginners and two church services in Irish- as well as plenty more! The highlight of the week for students will be the Gig Mór featuring Aslan, in the Workman’s Club on Thursday night.

The Éigse Programme in full is available here- and there is something to suit all tastes! Enjoy!

Further information: www.tcd.ie/gaeloifig and www.cumann.ie