Duais Rooney do Litríocht Éireannach 2014 bronnta ar an scríbhneoir Colin Barrett

Posted on: 03 September 2014

Bronnadh Duais Rooney do Litríocht Éireannach 2014 ar Colin Barrett mar aitheantas ar an méid as cuimse atá bainte amach aige mar scríbhneoir ficsin. Propast Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, an Dr Patrick Prendergast, a thug an fógra ag fáiltiú i dTeach an Phropaist inniu, an 1ú lá de Mheán Fómhair, ag 5pm.

Is é seo an 38ú bliain a bhfuil Duais Rooney á bronnadh agus is gradam a bhfuil ard-mheas air é a thugann aitheantas do shaothar scríbhneoir óig as Éirinn, saothar a léiríonn tallann faoi leith, dar leis an gcoiste roghnaithe.  I measc na mór-údar a fuair an duais cheana tá Bernard Farrell, Neil Jordan, Frank McGuinness, Hugo Hamilton, Anne Enright, Mark O’Rowe agus Claire Keegan.

Trí fhlaithiúlacht an Dr Daniel Rooney, Uachtarán Emeritus na Pittsburgh Steelers, a d’fhóin le déanaí mar Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Éirinn, agus a mhná Patricia Rooney, a chuirtear an gradam bliantúil ar fáil. Lárionad Oscar Wilde do Scríbhneoireacht Éireannach i Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide a riarann an gradam agus tá an tOllamh Gerald Dawe ina chomh-chathaoirleach air.

As Contae Mhaigh Eo do Colin Barrett. Bhuaigh a chéad bhailiúchán gearrscéalta dar teideal Young Skins Duais Gearrscéalta Idirnáisiúnta Frank O’Connor 2014 agus tá sé ar liosta fada an Guardian do Dhuais an Chéad Leabhair.  Stinging Fly Press in Éirinn agus Jonathan Cape sa Ríocht Aontaithe a fhoilsíonn Young Skins. Rugadh Colin Barrett in Alberta, Ceanada agus bhí sé ina chónaí in Toronto agus in Perth na hAstráile. I Maigh Eo a d’fhás sé aníos agus tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Bhain sé céim sna hEalaíona amach i UCD agus tá MA i Scríbhneoireacht Chruthaitheach aige ón gcoláiste sin freisin. Tá sé ag scríobh gan staonadh ó bhí sé ina dhéagóir. Tá sé thar a bheith sásta agus buíoch glacadh le Duais Rooney don Litríocht na bliana seo.

“Is ardmholadh cáiliúil í duais Rooney a mbíonn beagnach gach scríbhneoir óg as Éirinn ag iarraidh a fháil lá éigin agus is mór an onóir dom gur ormsa a bronnadh í i mbliana”, a dúirt Barrett. “Gabhaim buíochas leis an gcoiste roghnaithe i gColáiste na Tríonóide agus le muintir Rooney as a bhflaithiúlacht leanúnach agus as an gcomhartha muiníne iontach seo as mo shaothar.”

Ag labhairt faoi oidhreacht an ghradaim ardphróifíle seo, dúirt an tOllamh Dawe: “Tá Duais Rooney do Litríocht Éireannach ar cheann de na gradaim is fearr in Éirinn a bhronntar ar scríbhneoirí atá 40 bliain d’aois nó níos óige, ar fud na seánraí. Ó 1976 i leith, is ionann faighteoirí an ghradaim agus liosta údar de roinnt den scríbhneoireacht Éireannach is fearr. Is bronntanas flaithiúil agus tábhachtach í Duais Rooney, atá beagnach 40 bliain d’aois í féin, a thugann muintir Rooney don tír seo agus is mór an onóir dúinn ar fad i gColáiste na Tríonóide baint a bheith againn léi.”