Cuntais Phearsanta ar Éirí Amach 1916 i mBlag de chuid Choláiste na Tríonóide

Posted on: 30 July 2015

Tá grianghraif ina bhfeictear an damáiste a rinneadh d'fhoirgnimh i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus cuntas pearsanta a thug sínteánaí le hOtharsheirbhís Naomh Eoin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i measc na nithe spéisiúla a gcuirtear síos orthu sa bhlag is deireanaí ar teist é ar an bhfairsinge a bhaineann leis na bailiúcháin i Leabharlann Choláiste na Tríonóide i ndáil le hÉirí Amach 1916 agus a bhfuil d'aidhm leis spreagadh a thabhairt maidir leis an taighde atá ar siúl agus sinn ag teannadh le cothrom céad bliain an Éirí Amach i mí Aibreán 2016.

Eachtra cinniúnach i nua-stair na hÉireann a bhí in Éirí Amach 1916 ar tháinig claochló dá bharr ar chúrsaí polaitíochta, a bhí ina shiocair le neamhspleáchas na hÉireann a bhaint amach, agus a d'fhág ábhar cur agus cúiteamh ina leith. Bíonn cíoradh á dhéanamh sa bhlag ‘Changed Utterly’ ar ábhar leitheadach ilghnéitheach na mbailiúchán sa Leabharlann a bhaineann le hÉirí Amach 1916.  Tá ábhar i gceist a cruthaíodh roimh an Éirí Amach, lena linn agus ó shin i leith agus ábhar a eascraíonn as gach réimse de speictream na polaitíochta.

An dán ‘Easter 1916’ le W.B. Yeats is bun le teideal an bhlag ina mbeidh aird á tarraingt uair sa tseachtain ar mhír mhórsuntais amháin nó ar bhailiúchán sainiúil amháin, dialanna, litreacha, paimfléid, grianghraif, déantúsáin agus fiú amháin baill éadaigh.  Beidh íomhánna a bhaineann le hábhar á gcur le gach blag ag an tSeirbhísí Acmhainní Digiteacha agus Íomhánna.

Tá blag na seachtaine seo dírithe ar bhailiúchán grianghrafadóireachta ina léirítear an damáiste a tharla d'fhoirgníocht agus d'ailtireacht lár Bhaile Átha Cliath le linn Éirí Amach 1916. Thomas Johnson Westropp, an fear seandachta a raibh ceannródaíocht déanta aige maidir le leas a bhaint as an ngrianghrafadóireacht chun tuairisc a thabhairt ar fhoirgnimh ársa agus ar láithreáin seandálaíochta, a thóg an 44 ghrianghraf i rith na laethanta beaga díreach tar éis an Éirí Amach.  Feictear iontu an scrios a tharla d'fhoirgnimh so-aitheanta lár na cathrach, ina measc Ard-Oifig an Phoist, Halla na Saoirse, na Ceithre Cúirteanna agus siopa Clery's.  Is maith mar a chuirtear in iúl trí na grianghraif freisin an t-athrú a bhí le theacht ar nádúr an cheantair foirgníochta i rith na mblianta tar éis aimsir an Éirí Amach.

In eagráin eile den bhlag go dtí seo, bhí anailís ar litreacha, ina dtugtar cuntas lá i ndiaidh lae ar eachtraí Bhaile Átha Cliath, a sheol Frederick Kidd chuig a chlann mhac a bhí ag saighdiúracht sa chéad chogadh domhanda; cuntas le Thomas Bodkin a d'oibrigh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mar shínteánaí le hOtharsheirbhís Naomh Eoin agus scéal Eileen Corrigan, duine de cheathrar mac léinn mná a sheachain urchair snípéirí ar a bealach go Coláiste na Tríonóide chun dul faoi scrúduithe théarma an tSofaistí Shóisearaigh.

"Is bealach an blag ‘Changed Utterly’ trínar féidir bailiúcháin iomadúla ilghnéitheacha Choláiste na Tríonóide maidir le hÉirí Amach 1916 a scrúdú saor in aisce ar an idirlíon.  Tá oiread éagsúlachta ag baint leis na bailiúcháin nach mbeidh i mbliain iomlán de na heagráin seachtainiúla ach blas ar an mbeagán.  Díritear aird ar an suíomh ar thuairiscí neamhfhoilsithe ó ghnáthdhaoine, idir chuntais 'bheo' de réir mar a bhí rudaí ag titim amach agus leabhair gearrthóg a cuireadh le chéile go stuama cúramach.  Tá cuntais ó mhná go flúirseach ar fud na mbailiúchán freisin," arsa Estelle Gittins, Leabharlannaí Cúnta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Beidh an blag, a scríobhann daoine d'fhoireann na Leabharlainne, chomh maith le daoine den lucht léinn i gColáiste na Tríonóide agus saineolaithe eile, ag tarraingt ar na bailiúcháin toirtiúla d'ábhar maidir le hÉirí Amach 1916 i Leabharlann Taighde na Lámhscríbhinní agus na gCartlann, Roinn na Seanleabhar Clóite agus na mBailiúchán Speisialta, Leabharlann Léarscáileanna Glucksman agus Leabharlann an Cheoil i gColáiste na Tríonóide.

 

 

 

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551