Cuireann cluiche réaltachta breisithe sa seomra ranga an t-ilteangachas chun cinn

Posted on: 08 April 2021

Tá cluiche réaltachta breisithe ‘Babelar’ seolta ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus a chomhpháirtithe [1] chun luach na dteangacha atá acu a thaispeáint do dhaltaí bunscoile agus chun a gcuid eolais teanga a ghníomhachtú. Tacaíonn an cluiche freisin le múinteoirí a bheith níos eolaí ar an ilteangachas i seomraí ranga agus ar an luach a bhaineann le hoideachas ilteangach.

Is suíomhanna iad ár mbunscoileanna a bhfuil éagsúlacht iontach teangacha iontu, ó thaobh raon agus líon na dteangacha atá ag daltaí chomh maith leis an meascán dá stór teanga aonair. Tá scoileanna in Éirinn agus ar fud na hEorpa ag tabhairt aghaidhe níos mó agus níos mó ar chás ina bhfuil níos mó ná teanga amháin ag daltaí. Mar sin féin, seachas féachaint ar an ilteangachas sin mar acmhainn, is gnách go bhféachtar ar éagsúlachta teangacha mar dhúshlán don chóras oideachais seachas mar bhuntáiste.

 Deir Lorna Carson, Ollamh le Teangeolaíocht Fheidhmeach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

“Tá a fhios againn gurb ionann scoileanna a cheadaíonn ‘am comhrá’ do chéad teangacha na ndaltaí agus áiteanna ina mothaíonn daltaí go gcuirtear san áireamh iad agus go nglactar leo, rud a chothaíonn leibhéil ghnóthachtála níos airde chomh maith le folláine fheabhsaithe. Tá a fhios againn freisin go gcuireann an cur chuige seo teaghlaigh na bpáistí san áireamh, go mbíonn caidreamh níos dearfaí ann idir mhúinteoirí agus dhaltaí, agus go gcuireann sé leis an tuiscint atá againn ar riachtanais pháistí. Cé go bhfuil cúlra ár ndaltaí tar éis éirí níos ilteangaí, áfach, is annamh a chuirtear na teangacha a labhraíonn páistí sa bhaile, amhail Tuircis, Araibis, Portaingéilis nó Polainnis, san áireamh san oideachas príomhshrutha go fóill agus ní aithnítear go ginearálta iad mar shócmhainn foghlama. Tá sé mar aidhm leis an gcluiche seo aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin agus bealach tarraingteach a chur ar fáil chun an t-ilteangachas a chur chun cinn.”

Tá an cluiche dírithe ar dhaltaí idir 7 agus 12 bliana d’aois. Ní mór do leanaí oibriú le chéile ar tháibléid sa chluiche réaltachta breisithe ilimreoirí comhoibríoch chun sprioc choiteann a bhaint amach, ag tarraingt ar a gcuid acmhainní teanga go léir chun cabhrú le créatúr beag darb ainm Babel, a bhfuil a chuid eolais teanga go léir caillte aige. Tugann Babel daltaí ar thuras teangeolaíoch trí thrí shaol réaltachta breisithe. I gceann de na saolta seo, siúlfaidh saithe ainmhithe ar a n-urlár.

Cuirtear teangacha caighdeánacha, mionlaigh, imirceacha agus curaclaim san áireamh sa chluiche, ar féidir é a imirt i gceithre theanga dhéag. Is iad sin Araibis, Bascais, Ollainnis, Béarla, Fraincis, Freaslainnis, Gearmáinis, Gaeilge, Iodáilis, Polainnis, Portaingéilis, Rúisis, Spáinnis agus Tuircis.

Is é an cluiche Babelar an uirlis is déanaí déanta ag an bhfoireann VirtuLApp. Tá sé ar fáil saor in aisce agus is féidir é a imirt ar ghléasanna iOS agus Android. Is féidir le scoileanna agus le múinteoirí páirt a ghlacadh freisin sa #BabelARchallenge a bheidh ar siúl go dtí an 5 Bealtaine agus atá oscailte do gach scoil. Gheobhaidh an chéad 25 iontrálaí bronntanas agus tabharfar dearbhán bronntanais €150 don bhuaiteoir #BabelARchallenge.

Media Contact:

Sabina Eberle, Media Relations Officer | eberles@tcd.ie | 086 067 9315