Cuireadh ag foghlaimeoirí ar fud an domhain foghlaim faoi ‘Leabhar Cheanannais’ ar chúrsa ar líne atá á chur ar fáil saor in aisce ag Coláiste na Tríonóide

Posted on: 17 September 2018

Tá cúrsa nua saor in aisce ar líne curtha le chéile ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a ligfidh do lucht foghlama ar fud an domhain gnéithe de stair na hÉireann a scrúdú trí dhíriú ar Leabhar Cheanannais — ceann de na lámhscríbhinní is iomráití ar domhan ó ré na meánaoise.

Tá Leabhar Cheanannais, ón naoú haois, ar cheann d’fhíorsheoda chultúr na hÉireann. Leagan sármhaisithe de théacs Laidine na gceithre soiscéal bunábhar an leabhair. Is ionann caighdeán iontach an tsaothair mhaisiúcháin ann mar aon le líon mór na léaráidí sin thar 680 leathanach agus na tréithe a fhágann suntas faoi leith léi seachas lámhscríbhinní breátha eile na linne. I Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath atá Leabhar Cheanannais ar coimeád agus bíonn cuairt na Leabharlainne dá bharr sin ar cheann de na cuairteanna is tábhachtaí do thurasóirí agus iad sa chathair sin.

Beidh deis anois ag daoine ar fud an domhain níos mó a fhoghlaim faoin lámhscríbhinn fhíorluachmhar seo ar chúrsa ceithre seachtaine ar líne. Cuirfear tús leis an gcúrsa “The Book of Kells: Exploring an Irish Medieval Masterpiece” ar an 8 Deireadh Fómhair 2018. Tá sé á rith i gcomhar le Futurelearn, an t-ardán foghlama sóisialta. Tá an cúrsa ar líne saor in aisce á dhíriú ar an uile dhuine a bhfuil suim acu in Éirinn, i léann na meánaoise, sa stair, san ealaín, i gcúrsaí creidimh agus i gcultúr na ndaoine.

Daoine den lucht léinn i Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí agus i Scoil an Reiligiúin a leag amach an Cúrsa Oscailte Ollmhór Ar Líne (MOOC) in éineacht le baill foirne na Leabharlainne. Trína bhunú ar Leabhar Cheanannais, déanfar scrúdú i rith an chúrsa ar an taobh tíre, an stair, an diagacht agus an pholaitíocht a bhain le hÉirinn i rith ré na meánaoiseanna agus plé ar an tuiscint a bhíonn ar stair na linne sin in Éirinn sa lá atá inniu ann. Dúirt Rachel Moss, Ollamh Comhlach le Stair na hEalaíne agus na hAiltireachta agus duine díobh siúd a leag amach an cúrsa: “Tagann cuairteoirí ina sluaite bliain i ndiaidh bliana chuig campas Choláiste na Tríonóide chun Leabhar Cheanannais, a bhfuil cáil air ar fud an domhain, a fheiceáil. Is beag rud atá níos fearr ná na leathanaigh luachmhara sin a fheiceáil os comhair do dhá shúil agus smaoineamh ar na daoine eile a raibh d’ádh orthu sin a dhéanamh le 1,200 bliain anuas. Dá fhaid a scrúdaíonn duine an t-ábhar, is mó sonraí a nochtar agus is géire an spéis a chuirtear sa lámhscríbhinn.”

“Táthar ag tnúth leis an lámhscríbhinn seo a chur i láthair ar an gcúrsa seo dóibhsean nach raibh deis acu go fóill í a fheiceáil agus leis an dara deis a thabhairt dóibh siúd a raibh sin d’ádh orthu. Pléifear ceisteanna níos doimhne i rith an chúrsa nach féidir a phlé ar an gcéad fhéachaint, an mhínealaín, modhanna oibre an lucht saothair agus an fiúntas agus an suntas a bhain leis dóibh siúd a bhí i mbun an leabhair a chruthú. Ní ar ábhar staire amháin a dhíreofar i rith an chúrsa. Lámhscríbhinn faoi leith í seo ó thaobh a bhfuil d’aird ag daoine uirthi agus d’ábhar spreagtha inti don phobal. In ainneoin shaothar scoláirí le blianta fada, leanann taighde nua le bheith ag tabhairt léargais nua dúinn uirthi.”

Cuirfear ar chumas lucht an chúrsa gnéithe na healaíne agus na diagachta a chíoradh chomh maith le hábhar na lámhscríbhinne agus na modhanna saothraithe. Beidh gnéithe éagsúla de Leabhar Cheanannais á bplé gach seachtain; an stair, na modhanna oibre, léirmhíniú ar na híomhánna, agus an dóigh ina dtéann an leabhar i gcionn ar chultúr mhuintir an lae inniu. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh ar chumas an fhoghlaimeora an fheidhm a bhí leis an ealaín in Éirinn i rith ré na meánaoise a mhíniú; an modh ina mbíodh lámhscríbhinní na linne sin á gcur le chéile a thuiscint agus dul i ngleic leis na modhanna léinn agus na díospóireachtaí idir scoláirí is bun leis an léargas atá againn inniu ar an tréimhse sin. Beidh foghlaimeoirí ar an eolas freisin faoi na tréithe sainiúla a bhain leis an eaglais in Éirinn an tráth sin agus tuiscint acu ar ghnéithe d’ealaín, de dhiagacht agus de stair chultúr ábhartha na linne.

Dúirt Fáinche Ryan, Ollamh Cúnta na Diagachta Córasaí agus Stiúrthóir ar Institiúid Loyola: “Ag fás aníos domsa in Éirinn, tuigeadh dom i gcónaí go raibh Leabhar Cheanannais ar cheann de sheoda móra na hÉireann ach, go dtí go raibh mé i mbun staidéir air ó thaobh na diagachta de, ní raibh tuiscint cheart agam ar dhoimhne an léargais atá ar fáil sa lámhscríbhinn shuntasach seo. Tá lorg an léinn ar an téacs chomh maith lena bheith ar a áille.”

“Dá mhéad a fhoghlaimím faoin Leabhar Cheanannais is ea is mó meas a bhíonn agam ar chaighdeán scoláireachta mhuintir na n-oileán seo agus iad scoite amach ar imeall an Domhain Thiar mar a bhí ag an am. Déanaimid iarracht idir áille agus léann an ábhair a chur i láthair ar an gcúrsa seo. Cuireann sé go mór le mo chuid oibre féin ar an gcúrsa go raibh deis agam oibriú in éineacht le staraithe ealaíne agus le comhghleacaithe de mo chuid sa Leabharlann. Cuireann an trasnaíl idir ghnéithe na healaíne agus gnéithe na diagachta go mór leis an gcúrsa mar a chuireann an léargas a fhaightear ar shaol agus ar shaothar na ndaoine a chumhdaigh agus a chaomhnaigh an lámhscríbhinn.”
Is féidir clárú ar an gcúrsa anseo: http://bit.ly/BookofKellsMOOC