Cuidíonn ranganna Gaeilge chun tuiscintí diúltacha ar an stair a athrú

Posted on: 05 June 2018

D’fhéadfadh foghlaim teanga muintearas agus comhthuiscint a chothú idir dreamanna atá in aighneas lena chéile agus cuidiú le hathbhreithniú a dhéanamh ar thuiscintí millteacha ar chúrsaí staire, de réir mheitheal taighde i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a bhfuil scrúdú déanta acu ar an ionad Gaeilge Turas in Oirthear Bhéal Feirste.

Tá an cás staidéir acadúil seo maidir leis an tionscadal Gaeilge Turas in Oirthear Bhéal Feirste á fhoilsiú le linn an trátha is géire riamh conspóide polaitíochta maidir leis an nGaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá aighneas searbh polaitíochta maidir le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ar an bpríomhchúis nach bhfuil rialtas comhroinnte cumhachta curtha ar bun in athuair ag na páirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann.

Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl ag an tionscadal Turas atá lonnaithe i gceantar a bhaineann go traidisiúnta le hAontachtaithe d’aicme an lucht oibre. Eagraítear ceardlanna pobail freisin faoin gceangal stairiúil, a bhfuil beag eolais air, a bhí ag Protastúnaigh leis an nGaeilge agus faoin nGaeilge ‘mórthimpeall orainn’, in ainmneacha áite, i nathanna cainte agus i leaganacha teanga atá bunaithe ar an nGaeilge. Cuireann Turas ranganna amhránaíochta Gaeilge agus ranganna rince seite ar siúl freisin, chomh maith le hócáidí móra cultúrtha. Tá níos mó ná 8000 duine tar éis páirt a ghlacadh in imeachtaí de chuid Turas go dtí seo agus tá thart ar 200 foghlaimeoir cláraithe leo. Tá an tionscadal á rith ag East Belfast Mission, craobh pobail den Eaglais Mhodhach, agus is í Linda Ervine, deirfiúr céile le David Ervine, iarcheannaire na nDílsitheoirí nach maireann, atá i gceannas.

Rinneadh iarracht sa saothar taighde, déanta ag taighdeoirí i Scoil Éacúiméinice na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i mBéal Feirste, tuiscint a fháil ar an gcúis a bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an tionscadal Turas agus ar an gcion tairbhe atá á dhéanamh maidir le síocháin agus athmhuintearas sa cheantar a scrúdú. Tá an saothar, atá bunaithe ar agallaimh dhoimhne le ceannairí agus rannpháirtithe agus ar bhreithnuithe ar imeachtaí Turas, foilsithe san irisleabhar Ethnic and Racial Studies.

De réir na dtaighdeoirí, d’fhéadfaí an dea-thoradh ar an tionscadal a chur i leith fonn a bheith ar chuid mhór daoine i bpobal na bProtastúnach eolas a fháil ar ghné dá n-oidhreacht a bhí á shéanadh orthu mar gheall ar an deighilt i bpobal Thuaisceart Éireann. Bhí meon réchúiseach agus fáilteach an tionscadail, mar aon le ceannaireacht charasmatach fhuinniúil Linda Ervine, ina ngnéithe tábhachtacha freisin maidir le rath a bheith ar an tionscadal.

Ó tosaíodh ar an gcomhroinnt cumhachta tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá an cheist maidir le stádas oifigiúil nó cosaint oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge ina chnámh spairne in ‘aighneas cultúir’ Thuaisceart Éireann, a mhíníonn an Dr David Mitchell, Ollamh Cúnta le Réiteach Coinbhleachta agus Athmhuintearas i gColáiste na Tríonóide.

“Tá an Ghaeilge á cur i láthair go sainráite ag an tionscadal Turas mar chuid d’oidhreacht chomhroinnte mhuintir uile na hÉireann agus, go deimhin, mhuintir na Breataine agus na hÉireann, i bhfianaise dlúthcheangal le Gàidhlig na hAlban. Trí dhúshlán a chur faoin gclaonadh maidir le deighilt agus idirdhealú cultúir, tá cion suntasach tairbhe déanta i ndáil leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas ag an tionscadal síochánaíochta neamhghnách seo de chuid na ngnáthdhaoine in Oirthear Bhéal Feirste, a leagann béim ar fhoghlaim teanga agus ar chaidreamh cultúrtha mar mhodh oibre. Tá le tuiscint ón obair thaighde a rinneamar go bhféadfadh bearta foghlaim teanga cur go mór le tionscnaimh chothaithe síochána.”

“Ní nach ionann agus deiseanna eile síochána, mar shampla spórt, ealaín agus bearta idir eaglaisí, tá sé de bhuntáiste le foghlaim teanga go bhfoghlaimítear stair na teanga go nádúrtha san am céanna. Is féidir comhthéacs a chruthú ar an gcaoi sin ina dtugtar chun suntais gnéithe den stair atá mar a chéile ag dhá dhream éagsúla nó ina dtarlaíonn athbhreithniú ar thuiscintí millteacha ar chúrsaí staire.”

Tá ceachtanna níos forleithne, maidir leis an dóigh go bhféadfadh foghlaim teanga síocháin a chothú idir dreamanna atá in aighneas lena chéile, le baint as an tionscadal Turas de réir mar a dúirt an Dr Mitchell.

“Le foghlaim na teanga is féidir chomh maith comhthuiscint a chothú do dhaoine ó phobal teanga eile. Ní toisc go gcruthaítear ‘réimse i gcoitinne’ trí theanga a fhoghlaim é sin amháin, ach go dtugann foghlaim teanga léargas ar an domhan inmheánach atá ag pobal eile teanga, léargas ar mhiontuiscintí cultúir agus ar shlite beatha a mbeifí dall ar fad orthu murach foghlaim na teanga. D’fhéadfadh freisin, mar gheall ar an dlúthcheangal a bhíonn idir teanga agus áit, go bhfuil sé de bhua le foghlaim teanga an t-aitheantas docht doicheallach a bhraitheann dreamanna áirithe le ceantair faoi leith a athrú.”

Tugadh chun aire, áfach, le linn an cás-staidéir seo a dhéanamh, go raibh foghlaimeoirí áirithe a raibh drogall orthu a thabhairt le fios do chairde agus do ghaolta go raibh siad ag foghlaim Gaeilge agus bhí imní ar chuid mhór acu go raibh an t-aighneas polaitiúil maidir leis an nGaeilge ag déanamh dochair don dul chun cinn a bhí déanta ag Turas maidir leis an gcol a bhí ag Aontachtaithe leis an nGaeilge a mhaolú.