Comóradh ar fhilíocht Eiléan Ní Chuilleanáin agus breithlá 80 bliain an fhile á cheiliúradh

Posted on: 18 November 2022

Baileoidh saineolaithe liteartha agus filí mór le rá na hÉireann le chéile i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo le haghaidh imeachta a dhéanfaidh ceiliúradh ar bhreithlá 80 bliain an fhile iomráitigh Eiléan Ní Chuilleanáin.

Déanfar plé ag an siompóisiam lae seo, atá á eagrú ag Scoil an Bhéarla agus a bheidh ar siúl in Institiúid Taighde Mhol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide, ar a tionchair liteartha agus intleachtúla, an caidreamh an-spéisiúil atá ag a cuid filíochta le léitheoirí agus pobail agus na smaointe a léirítear fúthu, agus a cuid spéise le fada an lá i gceisteanna teanga agus aistriúcháin.

Tá Eiléan Ní Chuilleanáin ar cheann de na filí is mó le rá in Éirinn. Áirítear The Mother House (2020), The Boys of Bluehill (2015), The Sun-fish (2010) agus The Magdalene Sermon i measc a cuid bailiúchán agus foilsíodh Collected Poems (2021) anuraidh. Tá go leor gradam bronnta uirthi dá cuid filíochta lena n-áirítear Gradam Idirnáisiúnta Filíochta Griffin, Gradam Leabhar Filíochta Irish Times/Aer Lingus, agus Gradam Patrick Kavanagh. Tá cáil uirthi freisin dá cuid oibre mar aistritheoir lena n-áirítear dhá leabhar ag an bhfile RómánachIleana Malancioiu, The Legend of the Walled-Up Wife (2012) agus After the Raising of Lazarus (2005), chomh maith le The Water Horse (2001) ag Nuala Ní Dhomhnaill, a ndearna sí a aistriú in éineacht le Medbh McGuckian. Bhí sí ina hOllamh Éigse Éireann idir na blianta 2016–2019, agus foilsíodh na léachtaí a thug sí sa ról seo faoin teideal Instead of a Shrine (2019). Is Ollamh Emerita í i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, freisin; áit a raibh sí i mbun teagaisc ar feadh a lán blianta i Scoil an Bhéarla.

I measc na gcainteoirí beidh: Catríona Clutterbuck, Michael Cronin, Gerard Griffin, Maria Johnston, Conor Linnie, Sinéad Mac Aodha, Cormac Ó Cuilleanáin, Deirdre Serjeantson agus Peter Sirr.

Léifidh Eiléan Ní Chuilleanáin as a cuid saothair féin ar an lá agus déanfaidh roinnt filí clúiteacha comhaimseartha – Moya Cannon, Gerald Dawe, Vincent Woods agus Enda Wyley – cur síos ar thábhacht a cuid filíochta dóibh.

Dúirt duine de lucht eagraithe an siompóisiam, Tom Walker, ó Scoil an Bhéarla: “Tá an bealach ina bhfuil Eiléan tar éis cur le saol Choláiste na Tríonóide thar mórán blianta chomh leathan sin – mar Cheann Scoile agus mar Dhéan Dáimhe. Tá doimhneacht agus fairsinge a cuid teagaisc agus scoláireachta tar éis a bheith go hiontach freisin. Tar éis do Collected Poems a bheith curtha i gcló anuraidh, tá sé cuí anois go ndéanfadh an Coláiste ceiliúradh agus iniúchadh ar a cuid saothair cruthaithigh iontaigh. Go bunúsach, tá sí ar cheann de na filí is suaithinsí i mbun pinn sa lá atá inniu ann.

Dúirt an file Enda Wyley: “Tá meas dílis agam ar fhilíocht Eiléan Ní Chuilleanáin, agus bhí mé níos mó ná sásta i gcónaí an t-am a bhrath ag síneadh agus ag titim, agus teorainneacha ag leá go healaíonta ina cuid dánta galánta diamhra.”

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551