Comhdháil lae ar líne in onóir do Damian McManus

Posted on: 21 May 2021

Ar an Aoine 21 Bealtaine 2021, reáchtáil Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide comhdháil lae ar líne in onóir do Damian McManus atá ag éirí as. Is é an tUasal McManus Ollamh na Nua-Ghaeilge san ollscoil, agus bhí sé ina Cheann Roinne ón mbliain 2000 go 2018. Is comhalta de chuid na hollscoile é freisin.

Cuireadh clár fairsing os comhair an lucht éisteachta agus bhí togha na gcainteoirí agus na gcainteanna ann. I measc na gcainteoirí, bhí:

· Meidhbhín Ní Úrdail: ‘Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): scoláire Gaeilge ó leithinis Bhéarra’

· Eoin Mac Cárthaigh: ‘For the birds: éanseanchas agus éanainmneacha i bhfilíocht na scol’

· Eoghan Ó Raghallaigh: ‘Roinnt dánta nua do chorpas fhilíocht na scol’

· Cathal Ó Háinle: ‘An tIarla’

· Katharine Simms: ‘Retiring Bards: the motives behind the professional bards’ religious compositions’

· Christina Cleary: ‘Lock up your wives and daughters: Courtship rituals in Early Irish Literature’

Comhdháil lae ar líne in onóir do Damian McManus

Arsa an Dr Eoin Mac Cárthaigh, Ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide:

Táimid thar a bheith sásta go mbeidh togha na scoláirí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil déanta ag an Ollamh McManus do léann na Gaeilge le breis is ceathracha bliain, mar thaighdeoir, mar léachtóir, mar eagarthóir agus, thar aon ní eile, mar chrann taca i gcónaí do scoláirí óga.

Tuilleadh eolais: https://www.tcd.ie/Irish/gaeilge/nuacht/Comhdhail-2021.ga.php

Media Contact:

Catherine O’Mahony, Media Relations Officer | omahonc7@tcd.ie |