Comhdháil in ómós don Scoláire Gaeilge a bhfuil ardmheas uirthi, Eleanor Knott

Posted on: 03 May 2016

Eleanor Knott (1886-1975), scoláire a bhí an-oilte i ngach tréimhse den Ghaeilge agus de litríocht na Gaeilge, a dúirt an méid sin. Go deimhin, deirtear nach bhfuil a sárú fós ann maidir leis an oiliúint a bhí uirthi i gcúrsaí Gaeilge.

Saothar Knott mar scoláire agus mar thaighdeoir a bheidh faoi chaibidil ina alma mater, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath an Déardaoin beag seo (28 Aibreán) áit a mbeidh comhdháil aon lae ar bun le súil is díospóireacht a thosú faoin taighde reatha atá ar bun i réimse na Luath-Ghaeilge agus na Nua-Ghaeilge trí shraith páipéar taighde a chur i láthair a chuireann leis an obair a rinne Knott féin.

Ina déagóir a bhí Eleanor Knott nuair a chuir sí spéis sa Ghaeilge. D'fhoghlaim sí féin leis an nua-Ghaeilge a léamh, le spreagadh óna tuismitheoirí. Cé go raibh drogall uirthi ar dtús tabhairt faoin tSean-Ghaeilge, níorbh fhada gur ghlac sí chuici féin í agus gur bhain sí an scoth amach inti.

Ba eiseamláir í Eleanor Knott ó thaobh na scoláireachta Gaeilge le linn a saol oibre. Ceapadh i 1911 í chun cabhrú leis an eagarthóireacht ar an bhFoclóir Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí baint aici leis an Acadamh ar feadh níos mó ná 40 bliain.

Tugadh aitheantas dá seirbhís fhada leis an Acadamh i 1949 nuair a bhí sí ar dhuine de na chéad cheathrar ban a toghadh ina ball den Acadamh. Ina theannta sin, bhí sí ar dhuine de na chéad léachtóirí mná a ceapadh chuig Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath nuair a bunaíodh Ollúnacht i Léann na Luath-Ghaeilge di i 1939. 

Dúirt lucht eagraithe an imeachta, Christina Cleary agus Chantal Kobel, ó Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide: “Is teist é ar cháilíocht an méid a chuir Knott leis an Luath-Ghaeilge agus leis an Nua-Ghaeilge Mhoch go bhfuil a scoláireacht fós ábhartha blianta fada ina dhiaidh. Tá súil againn go dtabharfaidh an rogha páipéar ó chainteoirí ó ar fud na cruinne, atá bunaithe ar go leor d'ábhar taighde Knott, an t-ómós cuí di.”

Media Contact:

Helen Hanley, Former | publicaffairs@tcd.ie | +353 1 896 4168