Coláiste na Tríonóide sa 161ú háit i Rangú THE ar Ollscoileanna an Domhain

Posted on: 12 October 2022

Is éard a dúirt an Propast Linda Doyle: “Táimid mórtasach as an obair den scoth a dhéanann ár mbaill foirne agus ár mic léinn, agus tá cruthaithe go láidir againn i gcatagóirí amhail luanna, agus is léargas é sin ar an aitheantas maith atá faighte ag taighde Choláiste na Tríonóide."

Coláiste na Tríonóide sa 161ú háit i Rangú THE ar Ollscoileanna an Domhain

Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa 161ú háit ar domhan (146ú háit in 2022) i Rangú Times Higher Education ar Ollscoileanna an Domhain 2023 agus is é an ollscoil is airde rangaithe fós é in Éirinn.

Áiríodh 1,799 ollscoil, an líon is mó fós, as 104 tír nó réigiún sa rangú.

Tá na torthaí bunaithe ar chúig chatagóir: teagasc (lena n-áirítear cóimheasanna baill foirne-mic léinn), taighde, luanna, dearcadh idirnáisiúnta agus ioncam tionscail. 

Is éard a dúirt an Propast Linda Doyle:

“Tá roinnt córais rangaithe éagsúla ann d’ollscoileanna agus cé go bhfuilimid fós sa 98ú háit i Rangú QS ar Ollscoileanna an Domhain, táimid tite ón 146ú háit go dtí an 161ú háit i Rangú THE ar Ollscoileanna an Domhain 2023.

“Táimid mórtasach as an obair den scoth a dhéanann ár mbaill foirne agus ár mic léinn, agus tá cruthaithe go láidir againn i gcatagóirí amhail luanna, agus is léargas é sin ar an aitheantas maith atá faighte ag taighde Choláiste na Tríonóide. Ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh i gcónaí déanamh níos fearr. Tuigimid nach dtugann rangú léargas ar an méid iomlán a chuireann ollscoil ar bith ar fáil, agus níor chóir dó tionchar a bheith aige ar ár n-iompar. Is é gur cheart dár n-iompar an rangú a spreagadh.

“Tá marc ard faighte againn i roinnt catagóirí i rangú THE ar Ollscoileanna an Domhain 2023 amhail próifíl idirnáisiúnta ach thit rangú foriomlán an choláiste mar gheall ar na cóimheasanna arda mic léinn-baill foirne atá againn. Níos tábhachtaí ná an rangú, cuireann sé isteach ar thaithí oideachais na mac léinn atá againn. Baineann an cóimheas lag baill foirne-mic léinn go díreach leis an tearcmhaoiniú a dhéantar ar earnáil an ardoideachais in Éirinn. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonann an Rialtas an gealltanas a thug sé níos luaithe i mbliana in “Ag Maoiniú na Todhchaí” agus méadú €307m a chur ar bhunmhaoiniú bliantúil d’earnáil an ardoideachais in Éirinn. Chuirfeadh sin ar ár gcumas tuilleadh foirne a fhostú agus dul i ngleic le saincheist na gcóimheasanna baill foirne-mic léinn. Go dtí go mbeidh aghaidh tugtha air sin, fanfaidh an rangú sin de bheith neamhchinnte orainn.”

Dúirt an tOllamh Wolfgang Schmitt, Déan Taighde i gColáiste na Tríonóide:

“Tá Coláiste na Tríonóide ag coinneáil na háite atá aige mar an ollscoil Éireannach is airde rangaithe i Rangú THE ar Ollscoileanna an Domhain 2023. Tá an taighde a dhéanaimid ag cruthú go láidir agus fós ag feabhsú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le pobal Choláiste na Tríonóide - na mic léinn agus an fhoireann - as a ndíograis agus as an obair mhór a dhéanann siad.

“Mar sin féin, déantar an tearcinfheistíocht in earnáil ollscoileanna na hÉireann a léiriú leis na cóimheasanna arda mic léinn/baill foirne, cóimheasanna níos ísle mic léinn iarchéime/fochéime agus bonneagair, a bhfuil tionchar dochrach acu ar an rangú foriomlán.

“Ina theannta sin, is fachtóirí anois iad costais arda maireachtála agus stipinní ísle PhD maidir leis an acmhainn atá againn daoine cumasacha a mhealladh.

“Teastaíonn infheistíocht mhór in earnáil na n-ollscoileanna agus i mbarr feabhais acadúil chun geilleagar eolas-bhunaithe a chothabháil agus fanacht iomaíoch go hidirnáisiúnta.”

Media Contact:

Catherine O’Mahony | Media Relations | catherine.omahony@tcd.ie