Cloch mhíle bainte amach ag GBHI

Posted on: 25 July 2019

BhainInstitiúid Dhomhanda na Sláinte Inchinne (GBHI)  cloch mhíle thábhachtach amach an 24 Meitheamh nuair a thug Atlantic Philanthropies síntiús d’Ollscoil California San Francisco (UCSF) agus do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chun leanúint le dul i ngleic leis an eipidéim dhomhanda a bhaineann le néaltrú.

“Tá an bhunchloch leagtha síos ag GBHI le ceithre bliana anuas do líonra domhanda ceannairí chun dul i ngleic leis na cúiseanna sóisialta agus fisiciúla a mbíonn tionchar acu ar shláinte inchinne,” a dúirt Christopher G. Oechsli, uachtarán agus príomhoifigeach feidhmiúcháin The Atlantic Philanthropies. “Tá an pobal ceannródaíoch seo ag athrú na gcleachtas, na n-insintí agus na mbeartas trína bhfeabhsófar caighdeán na beatha dúinn go léir.”

Léiríonn an gealltanas $107 milliún seo — ina gcomhlíontar an clár deontais is mó ó Atlantic go dtí seo, arb ionann é agus $179 milliún — uaillmhianta Charles “Chuck” Feeney, bunaitheoir Atlantic, chun sochaithe níos cothroime, níos sláintiúla agus níos ionchuimsithí a chur chun cinn.

“Táimid fíorbhuíoch do Atlantic Philanthropies as a dtiomantas leanúnach chun dul i ngleic le néaltrú, atá ar cheann de na dúshláin is práinní go sóisialta agus ó thaobh cúraim sláinte inár saolré,” a dúirt an tOllamh Emeritus Ian Robertson, PhD, comh-stiúrthóir GBHI a chuireann an tionscnamh chun cinn in éineacht le Bruce Miller, MD, atá ina néareolaí i UCSF. “Féachtar leis an gclár seo oiliúint a chur ar cheannairí nua chun smaointe cruthaithe a thabhairt chuig an bpobal ar bhealach níos gasta.”

Táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú faoi thrí faoi 2050 ar líon na ndaoine ar domhan a bhfuil néaltrú orthu – thart ar 48 milliún. Tá baint ag an méadú seo i bpáirt leis an méadú atá ag teacht ar an daonra atá ag dul in aois ach baineann sé freisin le héagothroime sláinte ar fud an domhain, lena n-áirítear rátaí arda bochtaineachta agus easpa rochtana ar chúram sláinte.

Sa bhliain 2015 a bunaíodh an GBHI trína gcuirtear comhaltacht 12 mhí ar fáil, the Atlantic Fellows for Equity in Brain Health, i UCSF agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath faoi seach. Tá sé i gceist leis an gclár a mhairfidh 15 bliana, oiliúint a chur ar 600 ceannaire ar fud an domhain chun scála agus tionchar an néaltraithe a laghdú trí thaighde, cúram cliniciúil, beartas agus ealaíon.

Ó Chlé: Chris Oechsli, Uachtarán agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin The Atlantic Philanthropies, Jennifer Arnett, Leas-Uachtarán agus SeansailéirSam Hawgood ag síniú na híocaíochta deireanaí.

Fáilteoidh an clár Atlantic Fellowsroimh an gceathrú cohórt an fómhar seo lena méadófar a líonra comhaltaí chuig 119 as 36 thír, lena n-áirítear an tríú ceann as Meiriceá Theas. I ndiaidh do na comhaltaí an clár a chríochnú, fillfidh siad ar a dtír féin le tacaíocht ghairmiúil agus airgeadais chun cláir, beartais agus cleachtais atá dírithe ar néaltrú agus a d’fhorbair siad le linn a gcuid traenála le GBHI a chur i bhfeidhm.

Mar shampla, chruthaigh an dochtúir Eleonore Bayen, MD, PhD, ón Fhrainc, feachtas sláinte poiblí a raibh tóir air, MyBrainRobbie,inar díríodh ar fhíseáin ghearra chun iompar a bhaineann le hinchinn shláintiúil a mhúineadh do leanaí. Tá taighde forbartha ag néareolaí as CúbaJorge Llibre Guerra,MD, ina dtugtar le fios go bhféadfadh difríochtaí sóisialta agus geilleagair a bheith mar chúis le héagothroimí eitneacha i ndáil leis an riosca a bhaineann le néaltrú, rud a ardaíonn impleachtaí tábhachtacha maidir le beartas a bhfuil sé ag tabhairt fúthu i gCúba.

“Trí leanúint d’oiliúint a chur ar an gcéad ghlúin eile de cheannairí, comhoibriú agus nuálaíocht a fhorbairt agus ár gcuid oibre a roinnt, táimid muiníneach gur féidir linn cúrsaí a athrú,” a dúirt an tOllamh Brian Lawlor, MD, leas-stiúrthóir an GBHI.

Maidir le The Atlantic Philanthropies

The Atlantic Philanthropiestiomanta do dheiseanna, cothroime agus dínit an duine a chur chun cinn. Bunaíodh Atlantic i 1982 nuair a gheall Chuck Feeney an chuid is mó dá chuid sócmhainní go discréideachdon fhondúireacht, agus tá deontais tugtha ag Atlantic ó shin i leith arb ionann iad agus beagnach $8 billiún. Ag teacht le fealsúnacht an Uasail Feeney “Giving While Living,” déanann Atlantic infheistíocht d’fhonn athrú a chur ar chórais agus dlús a chur faoi fheabhas a dhéanamh i saol daoine faoi mhíbhuntáiste agus daoine leochaileacha.Thug an fhondúireacht, a bhí ag feidhmiú san Astráil, Beirmiúda, Cúba, Tuaisceart na hÉireann, Poblacht na hÉireann, an Afraic Theas, na Stáit Aontaithe agus Vítneam an córas deontais chun críche in 2016 agus thug oibríochtaí chun críche go gairid ina dhiaidh sin.

Teagmháil do na Meáin:

Ciara O’Shea, Oifigeach do na Meáin, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4337

Media Contact:

Ciara O’Shea, Media Relations Officer | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4337