Ceangal leis an Iorua agus caidreamh le muintir na háite léirithe sna chéad seichimh ghéanóim ar Lochlannaigh na hÉireann

Posted on: 13 September 2020

D’athraigh na Lochlannaigh stair na hÉireann agus d’fhág siad leagáid buan ar linn na ngéinte ar an oileán. Tá aithne againn orthu mar ionróirí, foghlaithe mara agus gaiscígh fhionna, a thaistil ar muir ó Chríoch Lochlann chun cur fúthu anseo ar deireadh thiar.

Anois, tá léargas nua tugtha ar fhéiniúlacht Lochlannaigh na hÉireann trí anailís cheannródaíoch DNA a rinneadh ar iarsmaí seandálaíocha. Tríd an staidéar idirnáisiúnta suntasach, léiríodh:

  • Go mbaineann go leor de shinsearacht ghéiniteach Lochlannaigh na hÉireann leis an Iorua
  • Tá difríochtaí suntasacha idir Lochlannaigh Shasana agus a macasamhail in Éirinn, trí bhaint níos láidre a bheith ag Lochlannaigh Shasana leis an Danmhairg
  • Bhí gruaig dhonn, seachas gruaig fhionn ar go leor de na Lochlannaigh, lena n-áirítear gaiscíoch Iarphoirt ó Chontae na Gaillimhe
  • Ní raibh féiniúlacht Lochlannach sa Bhreatain agus in Éirinn teoranta do dhaoine de bhunadh Chríoch Lochlann.
  • De bhunadh na háite den chuid is mó a bhí duine amháin a cuireadh ar Shráid na gCaorach Mór i dtraidisiún na Lochlannach.

Foilsíodh na chéad ghéanóim do Lochlannaigh na hÉireann inniu san iris idirnáisiúnta, Nature, mar chuid den anailís DNA is mó a rinneadh riamh ar iarsmaí Lochlannacha, faoi stiúir an Ollaimh Eske Willerslev, Comhalta in Ollscoil Cambridge, agus Stiúrthóir Ionad Geo-Ghéineolaíochta Fhondúireacht Lundbeck, Ollscoil Chóbanhávan.

Mar chuid den tionscadal sé bliana, ghlac taighdeoirí ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath páirt san iarracht idirnáisiúnta comhdhéanamh géiniteach na Lochlannach a oibriú amach. Tá na torthaí ina mbréagnú ar íomhá na linne seo den ghnáth-Lochlannach a bheith ina ghaisce fhionn ó Chríoch Lochlann.

Mar mhalairt air sin, tháinig na taighdeoirí ar éagsúlacht shinsearach idir pobail Lochlannacha i gCríoch Lochlann agus ar fud na hEorpa araon, Éire san áireamh.

“Is léir go raibh Críoch Lochlann ina áit shíorathraitheach le linn Ré na Lochlannach,” a dúirt an Dr Ashot Margaryan, Ollamh Cúnta ag Ollscoil Chóbanhávan agus céadúdar an pháipéir. “Feicimid difríochtaí ghéiniteacha réigiúnacha idir an Iorua, an tSualainn agus an Danmhairg, chomh maith le tionchar ó Dheisceart na hEorpa agus ón Áise. Ní raibh “Domhan Lochlannach” comhaontaithe amháin riamh ann agus feicimid anois nach bhfuil aon fhéiniúlacht ghéiniteach Lochlannach amháin ann ach oiread.”

Dealg ubhchruthach ón 9ú haois ina bhfuil saothar óraithe agus inleagan airgid ó adhlacadh mná Lochlannach i bhFionnghlas, Contae Bhaile Átha Cliath. Íomhá ó: Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Taifeadadh ionsaithe Lochlannacha in Éirinn den chéad uair i bhfoinsí staire le linn bhlianta deireanacha an 8ú haois – cuid de na hionsaithe is luaithe san Eoraip a bhfuil eolas orthu. An chéad fhianaise fhisiceach ar Lochlannaigh a bheith anseo is ea uaigheanna ina bhfuil sealúchais phearsanta ar nós claimhte, cinn sleá, sciatha agus seodra ornáideach. Le linn na n-aoiseanna ina dhiaidh sin, bhí tionchar marthanach ag láithreacht na Lochlannach ar go leor gnéithe den saol in Éirinn. Is féidir linn bunús an uirbeachais in Éirinn a rianú siar chuig an tréimhse seo, mar aon le hairgead a thabhairt isteach i ngeilleagar na hÉireann.

“Is féidir leat go leor gnéithe de stíleanna ealaíne ó Chríoch Lochlann a fheiceáil i ndéantáin na hÉireann ó Ré na Lochlannach,” a dúirt Maeve Sikora, Coimeádaí Seaniarsmaí na hÉireann in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus comhúdar an staidéir. “Go dtí seo, ba é an léiriú ba shoiléire ar an meascadh iontach cultúir agus smaointe seo na saothair mhaisithe aitheanta atá fós againn ó na haoiseanna i ndiaidh na chéad ionsaithe, ar nós Chros Chonga. Tríd an taighde nua DNA a rinneadh ar na hiarsmaí daonna, cuirtear sraith shaibhir eile de chomhthéacs leis an gcaidreamh sin.”

Déantáin Lochlannacha a aimsíodh in Éirinn: claíomh Lochlannach ó Chúil Chrónáin, Contae Mhaigh Eo agus taisce airgid Lochlannach ó Chaiseal Lógairt, Contae Mhaigh Eo, an 10ú haois AD. Íomhá ó: Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Mar chuid den staidéar, seicheamhaíodh na géanóim ó thriúr fear agus bean amháin ó adhlacthaí Lochlannacha in Éirinn, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Áiríodh leis sin láithreacha cáiliúla ar nós Droichead na hInse, atá gar don choimpléasc adhlactha is mó ó thús Ré na Lochlannach i mBaile Átha Cliath; Fionnghlas, adhlacadh mná a tochlaíodh in 2004, adhlacadh fir ó Shráid na gCaorach Mór i mBaile Átha Cliath, agus Iarphoirt, adhlacadh gaiscíoch Lochlannach ar thángthas air i 1947 ina raibh claíomh agus ceann sleá.

“Síleadh le fada gur tháinig na hionróirí seo ón Iorua. Tá sé iontach a bheith in ann é sin a dheimhniú anois trí shonraí géiniteacha,” a dúirt an Dr Lara Cassidy, Ollamh Cúnta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus comhúdar an pháipéir. “I gcoitinne, bíonn leibhéil arda de shinsearacht atá cosúil le sinsearacht na hIorua le fáil i ngéanóim Lochlannacha in Éirinn. Tá sé seo ina chodarsnacht láidir leis an méid a fheicimid i Sasana le linn na tréimhse céanna ina bhfuil tionchar níos láidre ón Danmhairg le feiceáil.”

Léirítear tríd an staidéar freisin gur ghlac muintir na háite sa Bhreatain agus in Éirinn féiniúlachtaí Lochlannacha. Aimsíodh dhá chreatlach ar Inse Orc a cuireadh le claimhte de réir thraidisiún na Lochlannach a bhí ionann is mar an gcéanna le hÉireannaigh agus Albanaigh na linne seo ar bhonn géinte. Chomh maith leis sin, níor léiríodh mórán de shinsearacht Chríoch Lochlann in adhlacadh ar Shráid na gCaorach Mór i lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus bhain sé le ginealach Y-chrómasóim arb in iarthuaisceart na hÉireann is coitianta a fhaightear é.

Cros Chonga, tús an 12ú haois AD. Íomhá ó: Ard-Mhúsaem na hÉireann.

“Deimhníonn sé sin na snáitheanna d’fhianaise seandálaíochta a thugann le fios go raibh an fhéiniúlacht Lochlannach casta,” a dúirt Maeve Sikora. “Tá uaigheanna Lochlannacha in Éirinn ina léiriú ar dhaonra a bhí an-eolach ar a raibh mórthimpeall orthu agus ar an réimse cultúir níos leithne ina mhair siad. I bhFionnghlas, mar shampla, feicimid adhlacadh neamh-Chríostaí Lochlannach de réir dealraimh, atá curtha i aice le reilig Chríostaí áitiúil. Feicimid chomh maith go bhfuil déantáin a rinneadh go háitiúil le fáil in go leor de na huaigheanna cóirithe.

Tharla sé ar deireadh thiar go raibh Baile Átha Cliath ar cheann de na bailte ba thábhachtaí i ndomhan na Lochlannach. Tá na huaigheanna cóirithe seo ar an bhfianaise is luaithe i ndáil le Lochlannaigh i mBaile Átha Cliath agus measadh iad i gcónaí a bheith ina gcreachairí Lochlannacha de bhunadh Chríoch Lochlann.

Chomh maith leis sin, measadh go mbeadh craiceann bán agus gruaig fhionn, le fo-thoin rua b’fhéidir, ar an ‘duine áitiúil’ ar Shráid na gCaorach Mór.  I gcodarsnacht leis sin, bhí snua níos dorcha agus gruaig dhonn agus súile donna ag an ngaiscíoch cáiliúil Iarphoirt i gContae na Gaillimhe a raibh sinsearacht cosúil le sinsearacht na hIorua aige den chuid is mó.

“Tá sé ina mhalairt ar an méid a mbeifeá ag súil leis de réir an léargais a thugtar ar na Lochlannaigh sna meáin,” a dúirt Linzi Simpson, tochaltóir láthair Shráid na gCaorach Mór. “Is é fírinne an scéil go raibh gruaig dhonn ag go leor de na daoine sna huaigheanna Lochlannacha ar fud na hEorpa a ndearnadh anailís orthu. Seans go mbeidh ar roinnt cláir teilifíse athsmaoineamh a dhéanamh maidir lena dtrialacha aisteoireachta.”

Mar chuid den staidéar chomh maith, rinneadh géanóim bhean cháiliúil Fhionnghlaise a sheicheamhú, ar bhean sna tríochaidí a bhí inti a fuair bás agus a cuireadh le dhá dhealg a maisíodh go galánta as ór agus as airgead, mar aon le cíor mhaisithe. Chloígh sí níos mó leis an méid a d’fhéadfá a bheith ag súil leis i gcás gnáthíomhá de bhean Lochlannach – gruaig fhionn agus súile gorma.

“Trí na teicneolaíochtaí nua seo, tugadh léargas gan fasach dúinn ar Lochlannaigh na hÉireann – an cuma a bhí orthu agus an áit as a dtáinig siad,” a dúirt an Dr Cassidy, Coláiste na Tríonóide. “Nílimid ach ag tosú ar na féiniúlachtaí éagsúla sinsearacha agus cultúir a bhí in Éirinn sa Mheánaois Luath a réiteach. Is é an chéad chéim eile atá romhainn daonraí áitiúla ón tréimhse chéanna a sheicheamhú.”

Tá tionscadail den chineál seo ina léiriú ar an tábhacht a bhaineann le haire a thabhairt d’ábhar seandálaíochta. Cuireann sé ar chumas glúnta taighdeoirí amach anseo níos mó a nochtadh faoinár n-oidhreacht choiteann. Ní shamhlódh seandálaithe agus coimeádaithe iarsmalainne i bun oibre i 1947 riamh go bhféadfaimis eolas a fháil faoi dhath gruaige agus dath súl an ghaiscígh a cuireadh lena chuid uirlisí troda gar don Chlochán i gContae na Gaillimhe sa 9ú haois.

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685