Bronnadh Teastais ar Mhic Léinn Nuálaíochta agus Fiontraíochta de chuid an Acadaimh Nuálaíochta

Posted on: 30 January 2015

Bronnadh teastais inniu [an 29 Eanáir] ar 32 mac léinn dochtúireachta as an Acadamh Nuálaíochta idirollscoileanna arb é is briathar dó céimí PhD de chineál nua a thabhairt chun cinn.  An tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, a bhronn Teastais Iarchéime sa Nuálaíocht agus san Fhiontraíocht ar na mic léinn as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste ag searmanas speisialta sa Roinn Oideachais agus Scileanna. 

Thréaslaigh an tAire O’Sullivan an dea-thoradh ar a gcuid saothair leis na mic léinn:

“Is maith a thagann a bhfuil de rún leis an Acadamh Nuálaíochta le beartas náisiúnta an Rialtais maidir le glún nua céimithe a chruthú a bhfuil meon na fiontraíochta iontu agus ar mian leo a bheith ina bhfostóirí san am atá rompu.  Tá sé ina phointe lárnach do chúrsaí nuálaíochta agus oideachais ag mic léinn ar fud oileán na hÉireann agus cuirfidh na mic léinn a bhfuil teastais á mbronnadh orthu inniu bonn treise faoin mborradh leis an bhfiontraíocht i ngach réimse den eacnamaíocht, ionas go gcruthaítear poist mhaithe as smaointe maithe."

Trí shraith de mhodúil teagaisc, gnóthaíonn na mic léinn PhD tuiscint ar an dóigh inar féidir táirgí, seirbhísí agus polasaithe, a mbíonn leas eacnamaíochta, sóisialta agus cultúir astu, a chruthú as eolas trí nuálaíocht a oibriú.  Bíonn na modúil seo ina gcuid den chlár struchtúrach PhD agus baineann siad leis an ealaín chruthaitheach, le fiontraíocht shóisialta, le hinnealtóireacht, teicneolaíocht agus cúrsaí gnó agus le foirne idirdhisciplíneacha ag obair as lámha a chéile.

Tar éis bhronnadh na dteastas inniu, leanfaidh na mic léinn dá gcuid oibre féin maidir leis an gcéim PhD.  Tá eolaíocht na haeráide, an nanaitheicneolaíocht, agus tosca maidir le meabhairshláinte leanaí ar chuid de na réimsí atá á saothrú acu.

Dúirt duine de na mic léinn, Susan Dick: “Bhí tairbhe faoi leith as an Acadamh Nuálaíochta domsa ó thaobh slite beatha eile a chur ar na súile dom, taobh amuigh de chúrsaí acadúlachta amháin, agus ba mhór an chabhair dom é agus mé ag athrú go dtí ról atá dírithe níos mó ar chúrsaí gnó.  Chomh maith le bunscileanna a fhoghlaim maidir le nuálaíocht, ceannródaíocht, cúrsaí airgeadais agus margaíochta, d'fhoghlaim mé leis na scileanna a cothaíodh tríd an obair ar an PhD féin a thapú i réimsí eile chomh maith.”

Faoi láthair, tá timpeall is 400 mac léinn PhD ag tabhairt faoi mhodúil tríd an Acadamh Nuálaíochta, a bunaíodh in 2010 faoin gCónaidhm Nuálaíochta idir Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, comhar a bhfuil Ollscoil na Ríona páirteach ann chomh maith.  Sa bhliain 2011, tugadh ciste don Acadamh Nuálaíochta faoin gClár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal (PRTLI – Sraith 5) i dtaca le hoiliúint struchtúrtha ar leibhéal dochtúireachta.  Ar na modúil a chuireann an tAcadamh ar fáil, tá smaointeoireacht chruthaitheach, torthaí taighde a chur in iúl, maoin intleachta, pleanáil gnó, tiomsú caipitil agus forbairt na ceannródaíochta.  Cuireann lucht foirne as gach ceann de na trí ollscoil ábhar na modúl ar fáil agus bíonn deiseanna iomadúla ag mic léinn PhD dul i mbun caidrimh le heagraíochtaí agus fiontraithe taobh amuigh.

Dúirt an Dr Patrick Prendergast, Propast Choláiste na Tríonóide:Bíonn oideachas san Acadamh Nuálaíochta ina shiocair le nuálaíocht ar fud oileán na hÉireann trína chur ar chumas mhic léinn PhD an tairbhe iomlán a bheadh as a gcuid taighde a thuiscint agus a gcuid smaointe a thapú i réimsí iomaíochta.  Is mian linn borradh a chur faoin nuálaíocht ar bhealach a chothaíonn cruthú post agus dea-thionchar fadtéarmach ar chúrsaí eacnamaíochta sa tír.  Is díol suntais a oiread a thagann Plean Straitéiseach nua Choláiste na Tríonóide le straitéis an rialtais maidir le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch ina sonraítear an bhuntábhacht, ó thaobh comhlachtaí idirnáisiúnta agus infheistíocht a mhealladh chun an oileáin seo, atá le dea-cháil na hÉireann maidir le daoine cumasacha acmhainneacha a chothú agus a thabhairt chun cinn.”

Dúirt an tOllamh James McElnay, an Leas-Leas-Seansailéir maidir le Cúrsaí Taighde agus Iarchéimithe in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste: “Tá beocht agus fuinneamh ag baint leis an Acadamh Nuálaíochta agus is breá le hOllscoil na Ríona a bheith páirteach i gcomhar chomh tábhachtach leis idir forais oideachais.  Tugann an clár seo céim mhór chun tosaigh do na mic léinn ina saol gairme agus tagann buntáiste agus tairbhe as sin i gcúrsaí eacnamaíochta agus don phobal i gcoitinne.  Cuidíonn sé leis an gcóras ceart a chothú don nuálaíocht agus don fhiontraíocht, agus tá bunriachtanas leis mar dheis a chuidíonn le forás eacnamaíochta a spreagadh agus a choinneáil ar siúl ar an oileán.”

Dúirt an tOllamh Andrew Deeks, Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath: “Tríd an nuálaíocht a bheith ina chuid dílis den dá ghné a bhaineann leis na hollscoileanna – oideachas agus taighde, táthar ag cinntiú go mbíonn na céimithe ullamh, ar fhágáil an choláiste dóibh, mar gheall ar na scileanna buntábhachtacha lena lorg a fhágáil ar an saol a bheith acu chomh maith leis an eolas acadúil.”

Tá mic léinn nua PhD á mealladh chuig an Acadamh Nuálaíochta an t-am go léir agus tá comhpháirtíochtaí nua comharoibre á gceangal ar fud na hEorpa.

Is é an tAcadamh croílár na Cónaidhme Nuálaíochta idir Coláiste na Tríonóide agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.  Cuireadh an Chónaidhm sin ar bun mar chomhar comhpháirtíochta, idir earnáil an oideachais, an Stát agus gníomhaireachtaí an Stáit, agus lucht gnó agus caipitil fiontraíochta, d'fhonn córas ar chaighdeán domhanda a chruthú don fhiontraíocht a bheadh ina shiocair le forbairt tionscnaíochta agus le fiontraíocht.

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Staidéar Cásanna maidir le Mic Léinn Rang na bliana 2015 don Teastas Iarchéime sa Nuálaíocht agus san Fhiontraíocht

Adam Bargroff ,PhD Litríocht an Bhéarla, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste 

Teastas Iarchéime sa Nuálaíocht agus san Fhiontraíocht (Rang na bliana 2015)

 

Tar éis dó céim dochtúireachta a ghnóthú sa litríocht chomparáideach in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, d'oibrigh Adam d'fhiontar sóisialta i réimse TE agus an oideachais i mBaile Átha Cliath. Tá sé ag obair faoi láthair don Choimisiún Eorpach agus é á thabhairt faoi deara aige go gcuireann gnáis oibre den nuálaíocht agus den chomhar claochlú ar fhorais phoiblí agus ar chúrsaí polaitíochta. 

 

"Tháinig athrú ó bhonn ar an dóigh ar mian liom tairbhe a dhéanamh don tsochaí mar gheall ar an Teastas Iarchéime sa Nuálaíocht agus san Fhiontraíocht a dhéanamh san Acadamh Nuálaíochta.  Cuidíonn sé liom na scileanna taighde agus an smaointeoireacht ghéarchúiseach a cothaíodh le cúrsaí acadúlachta a chur chun fónaimh in éineacht le smaointe faoi bheartais, tionscadail agus deiseanna, a mbíonn dea-thoradh orthu sa saol poiblí, a chruthú i gcomhar."

 

 

Susan Dick, Iarrthóir PhD sa Cheimic Fhisiceach, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste 

D'fhreastail Susan Dick, 25 as Béal Feirste, Ollscoil na Ríona mar fhochéimí sa Cheimic le hAnailís Fhóiréinsice agus tá sí anois ag scríobh an tráchtais do chéim PhD sa Cheimic Fhisiceach. Beidh sí ag tosú ag obair le Deloitte Consulting (Operations) i mBéal Feirste mí Meán Fómhair seo chugainn. 

 

"Bhí tairbhe faoi leith as an Acadamh Nuálaíochta domsa ó thaobh slite beatha eile a chur ar na súile dom, taobh amuigh de chúrsaí acadúlachta amháin, agus ba mhór an chabhair dom é agus mé ag athrú go dtí ról atá dírithe níos mó ar chúrsaí gnó.  Chomh maith le bunscileanna a fhoghlaim maidir le nuálaíocht, ceannródaíocht, cúrsaí airgeadais agus margaíochta, d'fhoghlaim mé leis na scileanna a cothaíodh tríd an obair ar an PhD féin a thapú i réimsí eile chomh maith.  Ba mhór ab fhiú dom, agus mé ag cur isteach ar phoist, an cleachtadh praiticiúil a bhí agam ar smaointe a chur i láthair agus a phitseáil tríd an Acadamh Nuálaíochta agus d'áiteoinn gur mar gheall air sin, cuid mhór, a tairgeadh trí cinn de phoist comhairleoireachta dom nuair nach raibh aon taithí eile agam ar an saol gnó."

 

 

Sarah Edwards, Iarrthóir PhD sa Bhithcheimic & Imdhíoneolaíocht,  Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

Tá Sarah Edwards sa bhliain deiridh den chúrsa PhD i Scoil na Bithcheimice agus na hImdhíoneolaíochta.  Tá a cuid taighde dírithe ar thuiscint a fháil ar na cúiseanna is bonn le galair uath-imdhíonachta trí scrúdú a dhéanamh ar rialú agus ar fheidhm na T-chealla.

 

“Is maith mar a chuireann an Teastas Iarchéime sa Nuálaíocht agus san Fhiontraíocht leis an dochtúireacht.  Lig sé dom tuiscint a fháil ar an leas a bhainfí as ábhar mo chuid oibre ar mhaithe le sláinte an duine agus forbairt a dhéanamh ó thaobh cúrsaí feidhmiúlachta an tráth céanna a raibh scileanna nua á dtabhairt chun cinn maidir le ceannródaíocht, maoin intleachta a chaomhnú agus ábhar smaointe a thabhairt chun feidhme."

 

 

Vinod Malik, Iarrthóir PhD sa Mháinliacht, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Tá Vinod Malik ina Chomhalta Clinice i Roinn na Máinliachta Cliniciúla in Ospidéal San Séamas. 

 

“D'fhonn bealach a dhéanamh trí na hathruithe ó thaobh dinimice agus castachta ar shaol an leighis, ní mór do dhochtúirí scileanna breise a fhoghlaim ionas gur fearr an tuiscint atá acu ar chomhthéacs a gcuid oibre agus, an ní is tábhachtaí, nuálaíocht a thabhairt i bhfeidhm ina leith.  Bhí aon mhí dhéag, cúig cinn de mhodúil, cuid mhaith léachtaí agus bearta taitneamhacha eile i gceist leis an tréimhse spreagúil tairbheach a chaith mé leis an acadamh.  Ní móide gur tháinig cor nua i gcúrsaí míochaine dá bharr, ná gaireas máinliachta nua paitinnithe, ach tháinig buntuiscint ar na modhanna agus na córais chun tabhairt faoi nuálaíocht den sórt sin.  Toradh amháin a tháinig air go bhféadaim oibriú i gcomhar le comhlacht ilnáisiúnta bogearraí i mbun scrúdaithe ar fhadhbanna leis an modh a ndéantar taighde oinceolaíochta ar féidir iad a shimpliú trí leas a bhaint as an teicneolaíocht.”