Brat Glas bronnta ar Choláiste na Tríonóide as bainistíocht agus feabhsú comhshaoil

Posted on: 26 July 2019

Tá an ‘Brat Glas’ faoi chlár na gCampas Glas de chuid An Taisce, a bhfuil clú idirnáisiúnta agus aitheantas idirnáisiúnta air, bainte amach den dara huair ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

I ndiaidh athmheasúnú géar ó phainéal saineolaithe ar fheidhmíocht an choláiste i réimsí na bainistíochta agus feabhsaithe comhshaoil, bhronn An Taisce an creidiúnú idirnáisiúnta arís ar an gColáiste.

Is clár é Clár na gCampas Glas atá cosúil le Clár na Scoileanna Glasa, ar éirigh thar cionn leis, agus is é Aonad Oideachais Comhshaoil An Taisce a fheidhmíonn an clár thar ceann na fondúireachta idirnáisiúnta, an Fhondúireacht um Oideachas Comhshaoil. Aithnítear an campas mar phobal faoin gclár agus leagtar béim mhór ar gach gné de phobal an champais a áireamh i mbainistiú agus i bhfeabhsú comhshaoil.

Tá an ‘Brat Glas’ faoi chlár na gCampas Glas de chuid An Taisce, bainte amach arís ag Coláiste na Tríonóide.

Seo a leanas na héachtaí móra a baineadh amach i réimsí na hinbhuanaitheachta, na bainistíochta agus an fheabhsaithe comhshaoil i gColáiste na Tríonóide le gairid:

  • I mí Aibreán na bliana seo (2019) seoladh an chéad scéim in Éirinn i ndáil le héarlais a íoc do chupán caife ar féidir ansin é a fháil ar ais.
  • Tugadh faoi fheachtais feasachta in 2018 – 2019 inar tugadh cuireadh do na baill foirne agus do na mic léinn ar fad a bheith rannpháirteach chun cinntí a dhéanamh i ndáil le réimse saincheisteanna, amhail: na háiteanna is fearr le foinsí uisce breise a lonnú; na táirgí inbhuanaithe ar chóir bheith ar díol i Siopa Aontas na Mac Léinn; an cineál plaisteach aon uaire is ceart a dhíothú ón gcampas ar dtús.
  • Tá feabhas 26% curtha i gcrích ar éifeachtúlacht fuinnimh ó 2006 i leith, agus tá laghdú 45% tagtha ar úsáid uisce ó 2009 i leith in ainneoin gur tháinig méadú ar líon na mac léinn agus ar mhéid an spáis foirgníochta a bhí ann le linn an trátha sin.
  • Bunaíodh Grúpa Oibre Soláthair Inbhuanaithe in 2018 ina bhfuiltear ag tabhairt faoi obair chun Beartas Inbhuanaitheachta agus treoirlínte maidir le soláthar inbhuanaithe a chruthú d’fhonn an ghnásaíocht ceannaigh is fearr i leith an chomhshaoil a chur chun cinn.
  • Thiomsaigh an grúpa mac léinn, TCD Plastic Solutions, (a bunaíodh in 2017) achainí de 3,800 síniú i bpearsa agus ar líne agus dá bharr sin, chuir an ollscoil plean le chéile in 2018 chun plaistigh aon uaire a dhíothú den champas faoi 2020.
  • Foilsíodh Plean um Pailneoirí do Choláiste na Tríonóide in 2017, ina dtugtar faoin úsáid a bhaintear as lotnaidicídí ar an gcampas a laghdú chomh maith le gnáthóga agus bia a chur ar fáil do phailneoirí i réadmhaoin de chuid Choláiste na Tríonóide.
  • Rinneadh dídhílsiú ar chistí Choláiste na Tríonóide ó infheistíochtaí i mbreosla iontaise sa bhliain 2016 ionas nach mbeadh Coláiste na Tríonóide ag tacú a thuilleadh leis an tionscal breosla iontaise.

Tá Coláiste na Tríonóide anois i measc institiúidí ceannródaíocha tríú leibhéal eile in Éirinn ar bronnadh Brait Ghlasa orthu chomh maith, lena n-áirítear; Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Luimnigh, Ollscoil Mhá Nuad agus Coláiste Phádraig, Maigh Nuad agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dúirt Propast Choláiste na Tríonóide, an Dr Patrick Prendergast: ‘Cuireann sé ríméad orm go bhfuair Coláiste na Tríonóide an Brat Glas ó An Taisce go ceann trí bliana eile, trína dtugtar aitheantas don obair a rinne go leor mac léinn agus ball foirne ar an gCoiste Campais Ghlais agus eile. Ó 2013 i leith, thionscain Coláiste na Tríonóide réimse tionscnamh comhshaoil d’fhonn an lorg ar an gcomhshaol a laghdú agus cur le Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe. Tá sé d’aidhm fós againn an tionchar atá againn ar an gcomhshaol a laghdú. Mar a dúirt Johnathan Swift, alumnas de chuid Choláiste na Tríonóide: “There is no absolute success in the world, only constant progress.” Leanaimid de na cláir atá againn a mhéadú agus a chur chun cinn le gur féidir linn cur le domhan níos glaise agus níos cothroime.’

Dúirt Stiúrthóir Aonaid Oideachais An Taisce, Michael John O’Mahony:‘Tá ríméad orainn go bhfuil an Brat Glas bainte amach arís ag Coláiste na Tríonóide agus gur lean an Coláiste de Chlár na gCampas Glas a chur i bhfeidhm le trí bliana anuas. Is léir go bhfuil tacaíocht á tabhairt do Chlár na gCampas Glas ón mbarr anuas agus trí gach rannóg de chuid an choláiste. Is é an dúshlán atá romhainn as seo amach ná forbairt a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta. Tá an-mhuinín againn go mbeidh Coláiste na Tríonóide in ann tabhairt faoin dúshlán seo, leas a bhaint as agus dreamanna eile a spreagadh.’

Is éard is Campas Glas ann ná clár oideachais comhshaoil idirnáisiúnta, córas bainistíochta comhshaoil agus scéim gradaim trína gcuirtear gníomhaíocht fhadtéarmach chun cinn ar fud coláistí maidir leis an gcomhshaol. Tá sé cosúil le Clár na Scoileanna Glasa agus tá sé á chur ar fáil do gach institiúid tríú leibhéal (coláistí, ollscoileanna etc.). Is tionscnaimh FEE (An Fhondúireacht um Oideachas Comhshaoil) atá sa dá chlár ina mbaineann iarrthóirí rathúla gradam an Bhrait Ghlais amach. Is é An Taisce a d’fhorbair clár na gCampas Glas in Éirinn don líonra idirnáisiúnta FEE. Déanann An Taisce, comhalta na hÉireann den Fhondúireacht um Oideachas Comhshaoil (FEE), comhordú ar Chlár na Scoileanna Glasa chomh maith le cláir oideachais comhshaoil eile ar nós an Brat Gorm, Tithe Glasa, an Campas Glas, Pobail Ghlasa, agus an Glantachán Náisiúnta Earraigh in Éirinn. Féach www.antaisce.org chun tuilleadh eolais a fháil. Is clár é Campas Glas arna mhaoiniú ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Teagmháil do na Meáin:

Ciara O’Shea, Oifigeach do na Meáin, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4337

Media Contact:

Ciara O’Shea, Media Relations Officer | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4337