Beocht Tugtha do Ré Órga na Taiscéalaíochta i Láithreán Gréasáin Nua Choláiste na Tríonóide ina bhfuil Bailiúchán Mapaí Uathúla

Posted on: 07 February 2014

Tabharfar beocht do ré órga na taiscéalaíochta i láithreán gréasáin idirghníomhach nua ina mbeidh na mílte mapaí iontacha ón nua-aois luath (roimh 1800) atá á fhorbairt ag taighdeoirí Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. 

Cuirfear 10,000 mapa lena n-áirítear pleananna catha, sráid-dreacha uirbeacha agus líníochtaí ailtireachta ar fáil mar acmhainn ar líne saor in aisce mar chuid de Thionscadal Fagel.  Tá sé mar chuid de thionscadal daonnachtaí digiteach nua uaillmhianach arna dhéanamh ag na ranna Staire, Tíreolaíochta agus Eolaíochta Ríomhaireachta i gColáiste na Tríonóide.

Tá na mapaí áille, a bhfuil a bhformhór acu daite, mar chuid de bhailiúchán iontach Fagel Choláiste na Tríonóide, leabharlann a chuir teaghlach Fagel le chéile in Amstardam ó 1630 go dtí 1800. Meastar go bhfuil sé ar cheann de na bailiúcháin mhapaí roimh-1800 is breátha ar domhan. Tá mapaí Fagel uathúil i dtéarmaí cáilíochta agus caighdeán an chaomhnaithe. 

YouTube Link

Tá mapaí sa bhailiúchán ó gach cearn den domhan, le béim ar leith ar an Eoraip, ar réigiúin a raibh leasanna trádála nó coilíneachta ag muintir na hÍsiltíre iontu nó limistéir a fuarthas le déanaí.  Áirítear ann os cionn 900 plean sráide uirbeach mionsonraithe, cúpla céad plean catha a thaispeánann gach coimhlint mhór san Eoraip ó 1650 go dtí 1800 agus atlais farraige agus neamhaí.

Faoi stiúir an Dr. Mhicheál Ó Siochrú, Ollamh Cúnta le Nua-Stair, cruthóidh an fhoireann ildisciplíneach láithreán gréasáin lán-idirghníomhach a léireoidh an bailiúchán mapaí ina iomláine.  Tabharfaidh an láithreán gréasáin deis d’úsáideoirí féachaint ar na mapaí mar ghailearaí íomhánna le feidhmeanna iomlán zúmála agus trí chomhéadan Google Maps a bheidh forleagtha ar na mapaí nua-aoise ar thopagrafaíocht nua-aimseartha.  Beidh gné “ama” ar chomhéadan Google a thabharfaidh deis d’úsáideoirí léargas domhain a fháil ar mhapaí ón limistéar céanna a dréachtaíodh ag tréimhsí éagsúla chun iniúchadh a dhéanamh ar conas a forbraíodh an limistéar.  Ionchorpróidh an láithreán gréasáin roinnt uirlisí léirshamhlaithe núíosacha lena n-áirítear samhaltú 3-D de phleananna catha agus sráid-dreacha uirbeacha áirithe.  I measc na dtionscadal eile den chineál céanna áiríonn an fhoireann taighde tionscadal mapaí Down Survey of Ireland.

Tá an chéad chéim de Thionscadal Fagel á tacú ag bronntanas daonchairdiúil arna eagrú ag  Fondúireacht na Tríonóide. Tá an tionscadal á thacú ag Google Maps chomh maith. 

Ag labhairt dó mar gheall ar Thionscadal Fagel, dúirt an Dr. Ó Siochrú:  “Tugann cruthú láithreán gréasáin mapaí Fagel beocht do sheoda glórmhara Leabharlann na Tríonóide agus cuirfidh sé acmhainn luachmhar ar fáil dóibh siúd ar mian leo tuiscint a fháil ar fhorbairt céannachtaí na hEorpa agus ar chaidreamh na hEorpa leis an domhan i gcoitinne.”

Dúirt Ed Parsons, Príomhtheicneolaí Geospásúil le Google: “Tá an-áthas ar Google a bheith ag obair le Coláiste na Tríonóide ar an tionscadal nua spreagúil seo, ag tógáil ar an obair a rinne foireann mapála Down Survey chun dul i ngleic le bailiúchán cartagrafach a bhfuil tábhacht domhanda aige.”

Teagmháil na Meáin:

Fiona Tyrrell, Preasoifigeach Dhámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | tyrrellf@tcd.ie | + 353 1 8964337