An tOllamh Linda Doyle ar tí a bheith ar an gcéad Phropast baineann i gColáiste na Tríonóide

Posted on: 10 April 2021

Tá an tOllamh Linda Doyle ar tí a bheith ina Propast ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an chéad bhean a bheidh sa ról sin i stair 429 bliain na hOllscoile. Beidh sí ar an 45ú Propast de chuid na hOllscoile agus tiocfaidh sí i gcomharbacht ar an bPropast reatha, an Dr Patrick Prendergast, ar an 1 Lúnasa i mbliana.

Is Ollamh san Innealtóireacht agus sna hEalaíona i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í an tOllamh Doyle agus toghadh í ina Propast inniu tar éis toghcháin ina raibh baill foirne agus ionadaithe mac léinn páirteach. Téarma deich mbliana atá i gceist le téarma an Phropaist, ina mbíonn an Provost freagrach as an Ollscoil a threorú chun a príomh-mhisean a bhaint amach san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht, agus chun a seasamh mar ollscoil cheannródaíochta na hÉireann ar an ardán domhanda a neartú. Bíonn ról lárnach ag an bPropast freisin i gcur chun cinn mhodh maireachtála coláisteach agus thimpeallacht chultúrtha na hOllscoile, leanúint le rannpháirtíocht ghníomhach Choláiste na Tríonóide leis an tsochaí, chomh maith leis an ról ceannasaíochta a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm Phlean Straitéiseach na hOllscoile, airgead a thiomsú don Ollscoil agus comhionannas inscne a chur chun cinn.

Bhí an tOllamh Doyle ina Déan Taighde i gColáiste na Tríonóide agus ina Stiúrthóir bunaidh ar CONNECT, ionad náisiúnta taighde de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann do Líonraí agus Cumarsáid na Todhchaí. Is saineolaí í i réimsí a bhaineann le cumarsáid gan sreang, raidió cognaíoch, líonraí a ndéantar athchumrú orthu, bainistíocht speictrim agus cleachtais maidir le healaíona cruthaitheacha. Bhí an tOllamh Doyle ina Cathaoir ar Áiléar Dhúghlas de hÍde agus tá sí ina Cathaoir ar Bhord Comhairleach Speictrim Ofcom sa Ríocht Aontaithe. Is ó Chorcaigh ó dhúchas an tOllamh Doyle agus rinne sí staidéar ar innealtóireacht leictreach i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, sular bhain sí amach máistreacht agus PhD i gColáiste na Tríonóide.

Dúirt an tOllamh Linda Doyle: “Tá lúcháir orm an ról seo a ghlacadh agus a bheith mar chuid den fhorbairt stairiúil seo i stair Choláiste na Tríonóide. Is institiúid thar na bearta í Coláiste na Tríonóide ina bhfuil baill foirne agus mic léinn sárchumasacha, ach creidim gur féidir lenár n-uaillmhianta di a bheith níos airde fós. Teastaíonn uaim go mbeadh Coláiste na Tríonóide ar an áit is oscailte, is táirgiúla agus is cruthaithí chun tabhairt faoi theagasc, foghlaim agus taighde. Teastaíonn uaim go mbeadh Coláiste na Tríonóide ina hollscoil phoiblí atá gan eagla agus í ar thóir cothroime doimhne”.

Dúirt an Propast, an Dr Patrick Prendergast: “Tá mé fíorshásta go raibh triúr iarrthóirí iontacha san iomaíocht don ról mar Phropast ar Choláiste na Tríonóide agus tréaslaím le Linda Doyle as a feachtas rathúil. Beidh an chéad Phropast mná i gColáiste na Tríonóide anois agus ar son na mball foirne, na mac léinn agus na gcéimithe, guím gach rath ar Linda agus í ag treorú an choláiste ag an tréimhse ríthábhachtach seo ina chuid staire.” 

Fógraíodh ról an Phropaist go hidirnáisiúnta sa bhliain 2020. Bhí agallaimh ann i mí Eanáir agus ina dhiaidh sin chuaigh iarratasóirí rathúla ar aghaidh go dtí an dara céim agus iarradh orthu 12 ainmniúchán a lorg ó na toghthóirí. Tréimhse feachtais fhoirmiúil a bhí sa tríú céim a mhair go dtí an 7 Aibreán 2021 agus tá deireadh tagtha leis sin le ballóid an lae inniu inar tháinig an tOllamh Doyle chun cinn mar rogha na dtoghthóirí.

Reáchtáladh an toghchán go leictreonach agus ceapfaidh Bord Choláiste na Tríonóide an t-iarrthóir tofa mar Phropast ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige.

Teagmháil do na Meáin i gColáiste na Tríonóide

Media Contact:

Tom Molloy, Director of public affairs and communications | Tom.Molloy@tcd.ie | +353 1 896 4167Sally-Anne Fisher, Head of Communications | fishers@tcd.ie | +353 1 896 3606