An Gorta Mór agus an leigheas

Posted on: 10 July 2018

Bhí Cruinniú na Nollag ag Acadamh na Lianna i gColáiste na Tríonóide ar an 9 Nollaig 2017; cumann Gaelach do dhochtúirí é an t-Acadamh, le cúpla ball ó na gairmeacha gaolmhara. D’éirigh thar cionn linn, agus caithfear buíochas a ghabháil leis an Alumni Office a thug an-chabhair agus tacaíocht; agus leis an tSeanleabharlann a chuir taispeántas iontach suimiúil i láthair dúinn ar lámhscríbhinní leighis meánaoiseacha.

B’é téama an chruinnithe An Gorta Mór, mar a bhaineann sé leis an leigheas. Céad bliain roimh an nGorta, thuill Edmund Burke buíochas an Historical Society dá thráchtas ar mhuintir Genova – ach cháineadar a stíl chainte, dáiríre píre! Níorbh amhlaidh don seisear cainteoir ag Cruinniú an Acadaimh, agus tá dul chun cinn déanta ar na léachtaí a fhoilsiú agus a phodchraoladh.

Thug Siobhán Ní Bhuachalla (stiúrthóir ar Six Degrees Health Care Consulting, Chicago), cuntas cuimsitheach ar An Tubaiste ba mhó sa tSláinte Phoiblí sa 19ú Céad. Cailleadh milliún duine, 90% de bharr na ngalar éagsúil a lean an ghéarchéim: Bhí sé ar chumas an Rialtais i bhfad níos mó a dhéanamh – ní dhearnadar, agus cruthaíodh tubaiste as géarchéim.

Labhair Brónagh Ó hIcí (Géineolaí sa Lárionad Náisiúnta) ar Eipigéineolaíocht agus Iarmhairtí an Ghorta ar Shláinte. Thrácht sí ar na modhanna éagsúla gur féidir le tionchair sheachtracha – ar nós gorta – a chur isteach ar an t-ADN (DNA), agus de thoradh, feictear galair faoi leith níos minice sna glúnta a leanann. Saineolaí le clú domhanda é Cormac Ó Gráda (Ollamh le Stair na hEacnamaíochta i gColáiste na hOllscoile); labhair sé go húdarásach ar Gorta agus Trauma. Phléigh sé an tionchar ag uafás mar ghortaí ar mheabhairshláinte na ndaoine, agus conas mar a thagann siad chun réitigh air.

Ansin thug an scríbhneoir seo (dochtúir teaghlaigh) tráchtas ar Dochtúirí sa Ghorta – polaitíocht leighis, cúram na n-othar, agus básmhaireacht imeasc dochtúirí (a bhí as cuimse i gcomórtas le haon dream eile). Bhí iarchéimithe agus ollúna Choláiste na Tríonóide lárnach sa scéal seo, mar shampla Robert Graves, William Stokes, Oliver Curran, agus Valentine Flood.

Thug Críostóir Mac Cárthaigh (Ceannasaí ar Chnuasach Náisiúnta an Bhéaloidis) cuntas rí-shuimiúil ar scéalta faoin mbás le linn an Drochshaoil, agus ar shráidbhailte tréigthe dá bharr. Chríochnaíomar le tuairisc den scoth ó Bhreandán Mac Suibhne (Ollamh Cúnta sa Stair in Ollscoil Centenary, New Jersey). Labhair sé ar bhásmhaireacht freisin, chomh maith leis na hathruithe a tháinig ar dheasghnátha adhlactha de dheasca an Ghorta.

Dhá lá roimh an gcruinniú, bhronn EOECNA (UNESCO) aitheantas faoi leith ar an bpíb uilleann. Bhí píobaireacht ar an dé deiridh nuair a bunaíodh Na Píobairí Uilleann i 1968 – 50 píobaire ar fad ar dhromchla an domhain; anois, tá breis agus trí mhíle díobh. Bunaíodh Acadamh na Lianna sa bhliain chéanna, agus i mbliana, seolfar leabhar ar a stair. Mo léan nach bhfuil na mílte meallta isteach san Acadamh – go fóill, b’fhéidir! Má tá suim ag éinne sna gairmeacha cúram sláinte ballraíocht an Acadaimh a thabhairt amach, ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig an Rúnaí drcolmose@eircom.net.

Eist le taifeadtaí ar na cainteanna anseo.

Media Contact:

Caoimhe Ni Lochlainn, Head of Library Communications | nilochlc@tcd.ie | +353 1 896 4710