An fáth go bhfuil nasc idir ‘oíche mhaith codlata’ agus an tsláinte

Posted on: 11 December 2019

Tá léirithe ag taighdeoirí de chuid Choláiste na Tríonóide nach bhfuil roinnt daoine fásta in Éirinn ag fáil ‘oíche mhaith codlata’, rud a mhéadaíonn an baol go dtarlóidh drochthorthaí sláinte dá bharr. D’fhoilsigh Staidéar Fadaimseartha na hÉireann um Dhul in Aois (TILDA) na chéad torthaí maidir le hachar codlata i ndaoine scothaosta in Éirinn inniu (2 Deireadh Fómhair 2019) san iris Journal of the American Geriatrics Society(JAGS).

Tá nasc idir achar codlata fo-optamach agus drochthorthaí sláinte. Taispeánadh i staidéir a rinneadh roimhe seo gur tosca riosca iad achair chodlata ghearra agus fhada maidir le básmhaireacht anabaí, galar cardashoithíoch agus ainsealach, agus laguithe sa tsláinte chognaíoch agus sa mheabhairshláinte. Leagadh amach torthaí bunlíne sa stáidéar seo maidir le hachar codlata dhaoine scothaosta in Éirinn trí ghléasanna feistithe agus thaifid féintuairiscithe a úsáid thar thréimhse seachtaine. Fuarthas go raibh gaol idir achair chodlata ghearra agus fhada agus saintréithe shochdhéimeagrafacha agus sláinte.

  • Mhéadaigh achar codlata le haois.
  • Codlaíonn daoine fásta 50 bliana d’aois nó níos sine 7 n-uair an chloig agus 42 nóiméad in aghaidh na hoíche, ar an meán.
  • Is iad na tréimhsí codlata a mholtar: 7-9 n-uair an chloig do dhaoine fásta idir 26 agus 64 bliana d’aois, agus 7-8 n-uair an chloig do dhaoine fásta 65 bliana d’aois nó níos sine.
  • Codlaíonn 70% de dhaoine fásta achar atá laistigh de na tréimhsí a mholtar, ach thaifid 14% meán-achar codlata níos giorra agus thaifid 17% meán-achar codlata níos faide ná mar a mholtar.
  • Bhí na taifid ar achair chodlata a tógadh i rith mhíonna an tsamhraidh níos giorra ná na cinn a tógadh san fhómhar agus sa gheimhreadh.
  • Thaifid daoine fásta a bhí ar scor, dífhostaithe nó ag úsáid cógas frithdhúlagráin tréimhsí codlata níos faide.
  • Is mó seans go mbeadh gaol idir drochshláinte agus achair chodlata níos giorra, ná mar a bheadh ag sláinte mhaith.
  • Tá gaol idir leibhéal gníomhaíochta coirp measartha nó ard agus codladh normálta.

Dúirt Siobhan Scarlett, taighdeoir agus príomhúdar le TILDA:

“Cé nach n-aithnítear achar codlata mar ábhar imní don tsláinte phoiblí, tarraingítear aird sa taighde seo ar fho-thacar tábhachtach de dhaoine fásta in Éirinn nach bhfuil ag comhlíonadh na dtreoirlínte molta maidir le hachar codlata agus lena mbaineann baol níos mó go dtarlóidh drochthorthaí sláinte ina leith. Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag achar codlata fo?optamach agus faoi na tosca a d’fhéadfadh a bheith taobh thiar den phatrún sin, go háirithe na cinn is féidir a leasú. D’fhéadfaí cabhrú le feabhsuithe ar shláinte agus ar fholláine dhaoine scothaosta a éascú trí aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá le patrúin chodlata neamh?inmhianaithe.”

Dúirt an tOllamh Rose Anne Kenny, Príomhthaighdeoir TILDA:

“Tá achar codlata tábhachtach don tsláinte choirp agus don mheabhairshláinte. Tá roinnt nósanna iompraíochta ann atá in ann cáilíocht agus achar na codlata a fheabhsú, má athraítear iad. Baineann siad le gach aoisghrúpa ach baineann siad go háirithe le daoine fásta aibí, a mbíonn achair chodlata lagaithe ag beagnach aon trian díobh, dar leis na sonraí is déanaí atá againn. Trí bheith ar an eolas faoi na cógais a athraíonn cáilíocht agus achar na codlata, agus trí ‘nósanna roimh dhul a chodladh’ a athrú, is féidir achar codlata a rialú agus sláinte fhoriomlán an choirp agus na hinchinne a fheabhsú.”

Foilsíodh an páipéar Objective sleep duration in older adults: Results from The Irish Longitudinal Study on Ageing’ san iris Journal of American Geriatrics Society (JAGS).

Faigheann TILDA maoiniú ó The Atlantic Philanthropies, an Ronni Sláinte agus Irish Life plc.

 

 

Media Contact:

Ciara O’Shea, Media Relations Officer | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4337