Amharc úrnua ar athlasadh na n-alt maidir le hothair a bhfuil airtríteas réamatóideach orthu

Posted on: 11 October 2021

 Amharc úrnua ar athlasadh na n-alt maidir le hothair a bhfuil airtríteas réamatóideach orthu

. I láthair na huaire, tá an riocht sin ar thart ar 1% de dhaonra an domhain agus déantar thart ar 2,000 cás nua a dhiagnóisiú in Éirinn gach bliain. Bíonn cóir leighis ag teastáil ó othair atá ag fulaingt le RA ar feadh a saoil agus d’fhéadfadh scriosadh na n-alt, pian agus míchumas a bheith ag cur isteach orthu dá bharr, mar aon le dúlagar agus aonrú sóisialta. Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar chóireálacha leighis, tá fíorghá fós le straitéisí nua cóireála a aithint, mar nach mbeidh maolú iomlán ón ngalar ach ag othar amháin as gach ceathrar, faraor.

Tá an Grúpa Réamaiteolaíochta Móilíní i Scoil an Leighis, faoi stiúir an Ollaimh Ursula Fearon, ag obair chun tuiscint níos fearr a fháil ar eachtraí casta ceallacha agus móilíneacha a tharlaíonn díreach sna hailt atá buailte. De bharr an taighde phráinnigh seo, beifear in ann cur chuige níos dírithe a ghlacadh i leith an ghalair uath-imdhíonachta seo. Tá léargas ar leith ar athlasadh na n-alt i gcás RA ar fáil in dhá pháipéar ón ngrúpa a foilsíodh le déanaí.

Trí chealla agus fíochán ó láthair an athlasta a scrúdú i gcohórt dea-shainithe othar, tá sé d’aidhm ag an ngrúpa tuiscint a fháil ar a mbrúnn galar agus freagairt ar aghaidh agus ar mar a idirghníomhaíonn cealla lena chéile chun freagairt athlasta a thionscnamh.

Anois, tá beirt de na comhaltaí taighde, an Dr Mary Canavan agus an Dr Achilleas Floudas, ag scrúdú na gceall sa ‘sionóibhiam’, príomhláthair an phróisis athlasta. Mura bhfaightear cóireáil lena aghaidh, déantar dochar do-athraithe don loingeán agus don chnámh timpeall air. Is iad ‘cealla deindríteacha’ agus ‘T-cealla’ an dá chineál ceall a bhaineann leis an bpróiseas inlasta, a idirghníomhaíonn lena chéile san alt chun athlasadh a ghéarú.

An Dr Mary Canavan, Comhalta Taighde, Scoil an Leighis

Foilsíodh torthaí an Dr Mary Canavan le déanaí in Frontiers in Immunology agus bhí léargas uathúil nár scrúdaíodh roimhe seo le fáil iontu ar an ról casta a d’fhéadfadh a bheith ag ‘cealla deindríteacha’ maidir le hathlasadh na n-alt in othair a bhfuil RA orthu. Is príomhchealla imdhíonachta iad na cealla deindríteacha sa cholainn, agus is iomaí fochineál atá ann – agus ról ar leith ag gach ceann acu. Ba é seo an chéad staidéar dá leithéid inar scrúdaíodh na cealla seo ag láthair an athlasta – is é sin, sna hailt atá ag cur as do na hothair – agus ní hamháin san fhuil fhorimeallach.

Dúirt an Dr Canavan:

Níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil iarmhairtí ag gníomhaíochtaí na gceall deindríteach seo ar chealla in aice leo sa sionóibhiam, amhail T-chealla. Léirigh ár dtorthaí chomh maith go dtáirgeann na cealla deindríteacha CD1c+ seo go leor ‘einsímí a dhíghrádaíonn maitrís’ ar féidir leo loingeán agus cnámh a scriosadh. Dá bhrí sin, tá tuiscintí ar leith nár scrúdaíodh roimhe seo ar fáil sa staidéar seo ar an ról casta a d’fhéadfadh a bheith ag cealla deindríteacha maidir le hathlasadh na n-alt i gcás othar a bhfuil airtríteas réamatóideach orthu.

An Dr Achilleas Floudas, Comhalta Taighde, Scoil an Leighis

I staidéar an Dr Achilleas Floudas a foilsíodh le déanaí san irisleabhar Annals of Rheumatic Diseases, scrúdaítear an líon cealla imdhíonachta (T) nár cuimhníodh orthu roimhe seo atá le fáil i bhfíochán sionóibhiach a éiríonn mífheidhmiúil agus a mbíonn go leor droch-éifeachtaí acu a bhaineann le RA.  Go ríthábhachtach, áfach – maidir leis an acmhainn a bhaineann leo le bheith ina spriocanna prognóiseacha agus teiripeacha – tosaíonn cliseadh na gceall sula dtosaíonn RA go cliniciúil.  Dá thoradh sin, tá eolaithe ag súil go mbeidh siad ina “mbladhmanna réamhrabhaidh” amach anseo a d’fhéadfadh cuidiú le dochtúirí daoine atá i mbaol a aithint agus gníomhú ina choinne sula mbeidh an RA fréamhaithe.

Dúirt an Dr Floudas:

Tá srian ar an méid ama atá ann chun idirghabháil teiripeach a dhéanamh i gcás airtríteas réamatóideach (RA), agus tá na teiripí atá ann faoi láthair don chóireáil a dhíríonn ar T-chealla go sonrach leathan agus bíonn tionchar acu ar na T-chealla ar fad beag beann ar an ionchur atá acu ar phataigineas agus dul ar aghaidh an ghalair, agus dá bhrí sin ní dhéanann siad idirdhealú idir freagairtí T-chealla atá cosantach agus na cinn atá pataigineach.

Ina theannta sin, dá mbeimis in ann na ‘bladhmanna réamhrabhaidh’ a thionscnaíonn T-chealla sonracha i bhfíochán sionóibhiach daoine atá i mbaol a thabhairt faoi deara, ba cheart go mbeimis ábalta cur leis an méid ama atá ann chun idirghabháil teiripeach a dhéanamh.

Dúirt an tOllamh Ursula Fearon, Ollamh le  Réamaiteolaíocht Mhóilíneach:

Tá sé feicthe againn go bhfuil éagsúlacht i gceist idir othair ar leith i dtaobh an leibhéil mífheidhmithe a chonacthas sna cealla imdhíonachta seo agus tá baint aige le leibhéal ghníomhaíocht an ghalair agus dá réir sin, d’fhéadfadh deis a bheith ann monatóireacht a dhéanamh ar an ngalar agus straitéisí teiripeacha níos beaichte agus níos dírithe a fhorbairt tráth a mbeadh na fothorthaí agus an tocsaineacht á maolú.

Tríd an ról atá ag na cealla imdhíonachta sonracha seo maidir le hathlasadh a bhrú ar aghaidh san othar ar leith a thuiscint, tá an fhéidearthacht ann cóireálacha leighis beachta a fhorbairt a chuirfeadh cosc ar thús an ghalair nó a mbeadh tionchar acu go luath i dtréimhse an ghalair, agus dá bhrí sin, a mbeadh tionchar suntasach acu ar chaighdeán beatha an othair.

Tacaíodh leis an taighde seo le maoiniú ó Bhord Taighde Sláinte na hÉireann, an Lárionad um Airtríteas agus Galair Réamatacha, Comhlachas Imdhíoneolaithe Mheiriceá agus Airtríteas Éireann.

Media Contact:

Ciara O’Shea, Media Relations Officer | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4337