Ambasadóir nua Fulbright i gColáiste na Tríonóide

Posted on: 12 November 2019

Ceapadh Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide, mar Ambasadóir Alumni Fulbright don ollscoil.

Gach bliain, tugann Coimisiún Fulbright na hÉireann dámhachtainí do shaoránaigh Éireannacha chun staidéir a dhéanamh, nó tabhairt faoi thaighde sna Stáit Aontaithe nó le haghaidh Mheiriceánaigh chun amhlaidh a dhéanamh in Eirinn. Tugann an Ambasadóir Alumni tacaíocht dóibh siúd atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar na scoláireachtaí nó comhoibriú le pobal Fulbright.

Bronnadh duais FLTA (Teagascóir) le Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Idaho State don bhliain acadúil 2016-17 ar Áine Ní Shúilleabháin. Ceapadh í mar bhall de Bhord Chumann Alumni Fulbright in 2018.

Dúirt Áine: “Tá an-áthas orm a bheith ainmnithe mar Ambasadóir Alumni do Fulbright. Trí mo Dhámhachtain Fulbright, mhúin mé Gaeilge do mhic léinn tríú leibhéal mar Chúntóir Múinteoireachta i dTeangacha Iasachta in Idaho. Ina theannta sin, bhí deis agam an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i measc an phobail áitiúil. B’eispéireas é a d’athraigh mo shaol agus tá ceangail agam anois le daoine ó mhórthimpeall an domhain. Táim ag súil le tacaíocht a thabhairt do mhic léinn agus do bhaill foirne i ngach disciplín i gColáiste na Tríonóide, lena n-áirítear mic léinn agus baill foirne le Gaeilge, chun leas a bhaint as na féidearthachtaí iontacha a bhaineann le scoláireacht Fulbright”.

D’éirigh le hochtar mac léinn, taighdeoirí agus alumni ó Choláiste na Tríonóide duaiseanna chun dul chun na Stát Aontaithe in 2019. Ina measc d’éirigh leo: Brenda McNally (an t-Athrú Aeráide), Ruairí Mc Court (Ceimic), Fernando Sanchez (Stair), Evan Sheridan (Teicneolaíocht), Paul Carey (Dlí), Maeve Casserly (Stair), Rosemary Mulvey agus Iseult O’Connor (Múineadh na Gaeilge).

Faoi láthair tá Coláiste na Tríonóide ag óstú Iníon Léinn Méiricéanach, Nicole Childress. Is céimí í Nicole ó Western Kentucky University. Tá sí ag tabhairt faoi M.Sc. i margaíocht le béim ar an gcaidreamh a bhaineann le brándaí agus le haitheantas náisiúnta.

Le linn na míosa seo, cuireadh Coláiste na Tríonóide fáilte roimh an Scoláire Fulbright, an Dr Bill Flach. Is Ollamh agus Cathaoirleach é in Roinn Síceolaíochta in Ollscoil Bucknell in Lewisburg, Pennsylvania. Labhróidh Dr Flack faoin taighde atá ar súil aige atá bunaithe ar fhoréigean ghéarleanúint ar bhonn inscne ar an 13ú Samhain.

Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi na Scoláireachtaí Fulbright le haghaidh mhuinir na hÉireann/na hEorpa agus ar conas Mic Léinn agus Scoláirí Fulbright a thabhairt chun na hÉireann trí fhreastail a dhéanamh ar Díospóireacht Phainéil Fulbright ag 13:00 ar an 19ú Samhain sa Global Room, Coláiste na Tríonóide. Fáilte roimh gach éinne.

 

 

Media Contact:

Sally-Anne Fisher, Head of Communications | fishers@tcd.ie | +353 1 896 3606